Raidió
Cuireann an BAI beartas i dtoll a chéile a úsáidtear mar threoir agus mar fhoinse eolais dá ghníomhaíochtaí ceadúnaithe, an Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin.
Seirbhísí Tráchtála FM
Is é an tÚdarás a thionscnaíonn an próiseas ceadúnaithe do sheirbhísí raidió tráchtála ar bhandaí AM agus FM.
I láthair na huaire, tá 34 seirbhís raidió tráchtála ar an aer ar fud na tíre, seirbhísí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a sholáthraíonn meascán d’ábhar nuachta/cainte, ceoil agus áitiúil.
Eisíonn an BAI pleananna ceadúnaithe ina sonraítear aon phróisis cheadúnaithe atá beartaithe dá leithéid sin de sheirbhísí raidió tráchtála.
Seirbhísí Pobail / Sainspéise FM
Is é an tÚdarás a thionscnaíonn an próiseas ceadúnaithe do sheirbhísí raidió pobail / pobal spéise / sainspéise ar na bandaí AM agus FM.
I láthair na huaire tá 22 seirbhís pobail / pobal spéise / sainspéise ar an aer
Eisíonn an BAI pleananna ceadúnaithe ina sonraítear aon phróisis cheadúnaithe atá beartaithe dá leithéid sin de sheirbhísí raidió pobail.
Seirbhísí Sealadacha
Féadfaidh an BAI conarthaí craolacháin fuaime sealadacha a dheonú ar feadh tréimhse suas le 30 lá i dtréimhse 12 mhí agus más rud é go bhfuil an grúpa iarratasóra ag déanamh ionadaíochta ar phobal agus go bhfuil cead á lorg chun stáisiún raidió pobail a bhunú, d’fhéadfadh tréimhse suas le 100 lá a bheith i gceist.
Go hiondúil deonaítear na ceadúnais 30 lá ar ghrúpaí oideachais, spóirt agus eile d’imeachtaí speisialta agus deonaíonn an BAI thart ar 17 ceadúnas dá leithéid (Béarla) gach bliain. Deonaítear thart ar 5 chonradh craolacháin fuaime shealadacha gach bliain ar bhonn píolótach ar ghrúpaí pobail ar spéis leo raidió pobail lánaimseartha a bhunú amach anseo.
Féadfaidh iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar cheadúnas mar seo am ar bith.
Conarthaí Soláthar Ábhar
Ní mór d’aon duine ar mian leis tiomsúchán d’ábhar clár a sholáthar lena áireamh mar chuid d’ilphléasc, nó chun é a tharchur mar sheirbhís chraolacháin sa Stát, nó i gcuid den Stát nó in áit éigin eile trí líonra cumarsáide leictreonaí lena n-áirítear líonra satailíte, córas MMD, líonra trastíre fhosaithe nó mhóibíligh, líonra teilifíse cábla, líonra teilifíse prótacal idirlín, nó aon fhoirm eile de líonra cumarsáide leictreonaí, iarratas ar chonradh soláthar ábhar a chur faoi bhráid an BAI.
Go dtí seo deonaíodh na conarthaí soláthar ábhar ar sheirbhísí atá ag craoladh ar ardán trialach do Chraolachán Digiteach Fuaime nó chun seirbhísí raidió Críostaí a sholáthar ar líonra cábla. I láthair na huaire, tá 3 seirbhís ar an aer: Amazing Radio, Raidió Rí Rá agus United Christian Broadcasters.
Féadfaidh iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar cheadúnas mar seo am ar bith.
Institiúideach
Féadfaidh institiúidí cosúil le coláistí agus ospidéil iarratas a dhéanamh ar chonarthaí craolacháin fuaime institiúideacha, conarthaí a dheonaítear ar feadh tréimhse suas le 10 mbliana. Tá 5 sheirbhís institiúideacha ar an aer faoi láthair: Dreamtime Radio (Cill Ceannaigh), CUHFM Hospital Radio (Corcaigh), Regional Hospital Radio (Luimneach), St. Ita’s Hospital Radio (Baile Átha Cliath), South Tipperary General Hospital Radio and Reflink (Irish Rugby Football Union).
Féadfaidh iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar cheadúnas mar seo am ar bith.
Doiciméid Cheadúnaithe Úsáideacha d'Iarratasóirí Ionchasacha
Treoirleabhar Táscach maidir le Seirbhís Chraolacháin Fuaime Tráchtála (Béarla)
Conradh Craolacháin Fuaime Tráchtála Táscach (Béarla)
Treoirleabhar Táscach maidir le Seirbhís Chraolacháin Fuaime Pobail (Béarla)
Conradh Craolacháin Fuaime Pobail Táscach (Béarla)
Treoirleabhair: Seirbhís Sealadach Rialta
Foirm Iarratais: Seirbhís Sealadach Rialta
Treoirleabhair: Seirbhísí Craolacháin Fuaime Sealadacha Pobail
Forim Iarratais: Seirbhísí Craolacháin Fuaime Sealadacha Pobail
Nótaí Treoracha: Conarthaí Soláthar Ábhar
Nótaí Treoracha: Institiúideach
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil an t-iarratas faoi iamh á athbhreithniú faoi láthair. Déan teagmháil le contracts@bai.ie le haghaidh tuilleadh eolais