Déanfaidh an BAI iarracht a chinntiú go mbeidh rochtain ag an lucht féachana agus ag an lucht éisteachta in Éirinn ar raon éagsúil seirbhísí, clár agus dearcthaí atá ag freagairt dá riachtanas agus ag déanamh ionadaíochta ar a n-éagsúlacht. Tacóidh sé agus spreagfaidh sé craoltóirí Éireannacha ar bhonn gníomhach chun an cuspóir seo a chur i gcrích.

Ról an BAI

Tá an tÚdarás freagrach as seirbhísí raidió agus teilifíse sa bhreis ar na seirbhísí a sholáthraíonn RTÉ, TG4, Cainéal Thithe an Oireachtais agus Cainéal Scannán na hÉireann a cheadúnú.  Chomh maith leis sin, tá an tÚdarás freagrach as seirbhísí ilphléasc agus treoirleabhair leictreonacha clár (EPG) a cheadúnú.

Tá beartas ag an BAI atá mar bhonn lena ghníomhaíochtaí ceadúnaithe a threorú agus a fhorbairt, Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin, beartas a bhfuil sé mar phríomhchuspóir leis a chinntiú go bhfuil an líon catagóirí seirbhísí craolacháin sa Stát ag freastal ar riachtanais phobal oileán na hÉireann, trí theangacha agus traidisiúin agus éagsúlacht reiligiúnach, eiticiúil agus chultúrtha a chur san áireamh.   Sonraítear sa Straitéis seo fís an Údaráis chomh fada is a bhaineann leis an meascán is fearr agus is féidir seirbhísí craolacháin a sholáthar mar aon leis an mbealach a chuirfidh an tÚdarás a fheidhmeanna reachtúla agus a chleachtais rialála i bhfeidhm thar shaolré na straitéise, ar mhaithe lena chinntiú gur féidir an fhís sin a bhaint amach.

Back to top

Gníomhaíochtaí Ceadúnaithe Reatha

D’fhéadfadh gníomhaíochtaí ceadúnaithe an BAI a bheith réamhghníomhach nó frithghníomhach ag brath ar an gceadúnas craolacháin.

Ceadúnú Réamhghníomhach

Is é an tÚdarás a thionscnaíonn na gníomhaíochtaí ceadúnaithe do sheirbhísí teilifíse agus raidió tráchtála agus pobail analógacha agus a shonraíonn spriocdhátaí d’iarratais.  Chun é seo a dhéanamh, dearann an tÚdarás pleananna ceadúnúcháin ina sonraítear na seirbhísí atá le ceadúnú i rith na tréimhse atá luaite le plean ar leith.  Tá lion áirithe próiseas um cheadúnú á reáchtáil faoi láthair le haghaidh seirbhísí raidió tráchtála agus pobail.

Ceadúnú Frithghníomhach

Tá cineálacha seirbhísí raidió ann ar féidir le soláthraithe seirbhíse ionchasacha iarratais ina leith a dhéanamh i rith na bliana.  I measc na gcineálacha ceadúnas atá i gceist tá ceadúnais shealadacha raidió, céadúnais phíolótacha 100-lá do raidió pobail agus conarthaí soláthar ábhar (digiteach) don teilifís agus don raidió.

Back to top

Raidió

Tá an BAI freagrach as seirbhísí craolacháin raidió neamhspleách in Éirinn a cheadúnú agus féadfaidh sé conarthaí a dheonú do sheirbhísí raidió tráchtála, pobail, sealadacha agus institiúideacha ar bhandaí traidisiúnta analógacha FM agus AM, agus do chonarthaí soláthar ábhar do sheirbhísí raidió tráchtála agus pobail ar ardáin dhigiteacha.

Caithfidh an BAI próisis cheadúnaithe ar leith a chur chun feidhme i ndáil le gach cineál seirbhís raidió.

Back to top

Teilifís

Le cois seirbhís teilifíse náisiúnta neamhspleách a cheadúnú, tá an BAI freagrach as an ábhar ar chórais dhigiteacha, chábla, MMD agus satailíte a cheadúnú.

Caithfidh an BAI próisis cheadúnaithe ar leith a chur chun feidhme i ndáil le gach cineál seirbhís teilifíse.

Back to top

An Tírdhreach Craolacháin

Tá forbairt tagtha ar an tírdhreach craolacháin  neamhspleách le 25 bliain anuas agus tá seirbhísí craolacháin tráchtála, pobail, institiúideacha agus fuaime sealadacha á gceadúnú faoi na hachtanna craolacháin éagsúla ó 1988 i leith. Ina dhiaidh sin ba é an rialtóir craolacháin an Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách (IRTC) a bhí freagrach as ceadúnú, agus inniu is é an BAI atá freagrach as.

San áireamh i dtírdhreach reatha raidió agus teilifíse na hÉireann tá meascán de sheirbhísí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, seirbhísí tráchtála agus pobail ina measc, a bhfuil ábhar difriúil agus éagsúil á sholáthar acu.

Back to top