Fáilte chuig an gComhairliúchán!

Baineann an comhairliúchán seo le hathbhreithniú ar Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin an BAI (“an Straitéis”). Cáipéis thábhachtach atá sa Straitéis sa mhéid is go gcuireann sé creat ar fáil chun pleananna ceadúnaithe agus gníomhaíochtaí lena mbaineann de chuid an BAI a cheapadh. Áirítear ann cuspóirí an BAI dá ghníomhaíochtaí ceadúnaithe, lena n- áirítear an chaoi a dtacóidh agus a gcuirfidh an Straitéis cruth ar fhorbairt na hearnála craolacháin. Tugtar achoimre ann ar an tírdhreach raidió agus teilifíse, anois agus sa todhchaí, agus téitear i ngleic ann le ceisteanna cosúil le cuir chuige i dtaca le cleachtais cheadúnaithe agus rialála.

Is é cuspóir an chomhairliúcháin ar an Straitéis fís an BAI don tírdhreach craolacháin a roinnt agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara a fháil ar an bhfís seo agus roghanna d’fhorbairt amach anseo agus chun deis a thabhairt le hionchur a thabhairt don Straitéis dheiridh.

Cuirtear an Straitéis i láthair i gcúig chuid sa leathanach chomhairliúcháin, mar seo a leanas:

  1. Brollach
  2. Réamhrá leis an Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin
  3. Comhthéacs na Straitéise um Sheirbhísí Craolacháin
  4. Fís an BAI
  5. An Fhís sin a Fhíorú

Tá an BAI ag lorg tuairimí faoi láthair faoi ábhar beartaithe na Straitéise mar cuid den phróiseas comhairliúcháin. Beidh na haighneachtaí a fhaightear mar fhreagra ar an gcomhairliúchán poiblí seo agus an t-aiseolas a fhaightear ag an imeacht do pháirtithe leasmhara a reáchtáladh in Aibreán 2018 mar bhonn agus taca le cinntí an Údaráis i ndáil leis an Straitéis dheiridh.

Amfhrámaí d’Fhreagairtí

Ní mór gach freagairt ar an gcomhairliúchán poiblí seo a bheith seolta chuig an BAI faoi 12 meán lae ar Dé Máirt, 19 Meitheamh 2018.

Foilsiú Aighneachtaí

Foilseoidh an BAI na haighneachtaí a gheofar sa chomhairliúchán seo ar www.bai.ie tar éis an Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin deiridh a fhoilsiú agus faoi réir breithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a mheasfar a bheith pearsanta, íogair nó a tugadh go rúnda, mar a fholaítear san Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus sna hAchtanna agus Rialacháin um Chosaint Sonraí.

Saoráil Faisnéise

Geallann Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na hiarrachtaí is fearr a dhéanamh chun faisnéis rúnda a chuireann tú ar fáil sa togra seo a choinneáil faoi réir oibleagáidí an BAI faoin dlí, lena n- áirítear faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Más mian leat nach nochtfaí aon chuid den fhaisnéis a chuir tú ar fáil i d’aighneacht mar gheall ar a íogaire, ba cheart duit, agus an fhaisnéis íogair á cur ar fáil, í a aithint agus na cúiseanna lena híogaireacht a thabhairt le fios. Rachaidh an BAI i gcomhairle leat faoin bhfaisnéis íogair seo sula ndéanfar cinneadh maidir le haon iarratas um Shaoráil Faisnéise a fhaightear.

Cosaint Sonraí

 Cloífidh Údarás Craolacháin na hÉireann lena oibleagáidí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (arna leasú) agus aon dlíthe agus rialacháin um príobháideacht sonraí eile infheidhmithe.

1. Brollach

Sa chuid seo, tabharfaidh an Cathaoirleach príomhaidhmeanna agus mianta an Údaráis don Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin. Níl aon cheist chomhairliúcháin ag eascairt i ndáil leis an gcuid seo.

2. Réamhrá leis an Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin

Leagtar amach sa chuid seo an réasúnaíocht agus an cur chuige le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Straitéis. Leagtar amach go leathan ann cuspóir na Straitéise agus an ról lárnach atá aici le cuidiú leis an BAI cuspóirí straitéiseacha áirithe a bhaint amach.  Níl aon cheist chomhairliúcháin ag eascairt i ndáil leis an gcuid seo.

Is é Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) an comhlacht atá freagrach as cúrsaí craolacháin in Éirinn a rialú. Leagtar amach a chuid feidhmeanna agus a chuid freagrachtaí san Acht Craolacháin 2009 (“Acht na bliana 2009”). Leagann Alt 26 (1) (a) den Acht 2009 ceanglas ar an BAI “straitéis a ullmhú i dtaca le seirbhísí craolacháin a sholáthar sa Stát, de bhreis ar na seirbhísí sin a sholáthraíonn RTÉ, TG4, Tithe an Oireachtais agus Bealach Scannán na hÉireann (níl sé bunaithe go fóill)”.

Cuirtear creat ar fáil sa Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin (“an Straitéis”) chun pleananna ceadúnaithe agus gníomhaíochtaí ceadúnaithe gaolmhara de chuid an BAI a cheapadh. Bhíothas ag súil sa chéad Straitéis, a foilsíodh i Márta 2012, le hathrú agus le héabhlóid i dtírdhreach na meán. Ach, tá méid an athraithe ó shin suntasach agus, go háirithe, tá luas an athraithe méadaithe agus fós ag méadú go tréan. Tá suaitheadh agus dúshláin mhóra sa timpeallacht chraolacháin faoi láthair.

Thuig an BAI an t-athrú leanúnach seo agus na dúshláin struchtúracha agus airgeadais leanúnacha a bhí roimh earnáil an chraolacháin agus a Ráiteas Straitéise 2017-2019 á cheapadh. Príomhrud is féidir a bhaint amach anuas ar an ráiteas seo is ea “Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin athbhreithnithe a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú ina leantar ag éascú beartas agus pleananna ceadúnaithe dinimice agus a chuireann chun cinn cláir as Gaeilge”.

Le tacú le Straitéis athbhreithnithe eolach agus freagrach, choimisiúnaigh an BAI measúnú saineolach neamhspleách ar an tírdhreach craolacháin. Áiríodh anseo machnamh ar na treochtaí reatha agus ar na rudaí is dóigh a thiomáineann an t-athrú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta; an cumas atá ann do sheirbhísí agus múnlaí nua; inbhuanaitheacht ioncaim; riachtanais agus sainroghanna an lucht féachana/éisteachta; iompar tomhaltóirí; forbairtí léibheann agus dáilte; agus, an creat rialála. Tá an tuarascáil taighde seo,‘Tuarascáil ar struchtúr, dinimic agus forbairtí an mhargaidh i meáin na hÉireann’ a rinne an chuideachta taighde Mediatique Limited, ar fáil go poiblí. Tacaíonn taighde lucht féachana/éisteachta a rinne Kantar Media leis an tuarascáil taighde seo chun na príomhriachtanais agus sainroghanna atá ag lucht féachana agus éisteachta in Éirinn a shainaithint. Tá treoir ag an taighde freisin ó ghairm an BAI ar aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara ar spéis leo seirbhísí nua craolacháin fuaime analógacha FM a sholáthar chun léargas tábhachtach a thabhairt ar an bhféidearthacht le haghaidh seirbhísí nua, a fiosraíodh a thuilleadh i rith an tionscadail taighde. Tá an taighde lucht féachana/éisteachta agus tuarascáil achoimre ar na haighneachtaí ar fáil go poiblí freisin.

D’éascaigh na gníomhaíochtaí seo an BAI chun Straitéis athbhreithnithe a chur ar fáil a éascaíonn creat do cheadúnú agus rialáil na hearnála craolacháin neamhspleách atá feasach ar na dúshláin reatha agus amach anseo atá roimh an earnáil i dtírdhreach meán atá ag éabhlóidiú go tapa, ceann a chinnteoidh soláthar leanúnach ábhar atá ábhartha go cultúrtha agus éagsúil do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann.

Is é an rún atá ag an BAI don Straitéis seo inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hearnála craolacháin a éascú, chun iolracht agus éagsúlacht ábhair a thacú agus a chothú do lucht féachana/éisteachta na hÉireann, agus tacú le nuálaíocht agus forbairt, anois agus sa todhchaí.

Leagtar amach sa Straitéis fís an BAI don mheascán optamach seirbhísí craolacháin, atá bainteach go lárnach leis an ábhar atá ar fáil do lucht féachana/éisteachta na hÉireann. Cuireann sé i láthair na beartais a threoróidh ceadúnú agus gníomhaíochtaí rialála gaolmhara an BAI chun tacú le baint amach a chuspóirí luaite agus tiomantas an BAI a bheith freagrach don tírdhreach meán atá ag athrú de shíor. Leagtar amach sa Straitéis an chaoi a gcuirfidh an BAI a chuid feidhmeanna reachtúla agus a chuid cleachtais rialála i bhfeidhm le linn thréimhse na Straitéise, ionas go n-éascófar baint amach na físe sin.

3. Comhthéacs na Straitéise um Sheirbhísí Craolacháin

Tá roinnt tosca bunúsacha a bhfuil tionchar acu ar réiteach na Straitéise um Sheirbhísí Craolacháin. Tá an timpeallacht craolacháin reatha ann, lena n-áirítear an meascán reatha de sheirbhísí atá bunaithe cheana féin agus ar fáil don lucht féachana agus éisteachta in Éirinn, an reachtaíocht a thugann bonn taca do bhunú agus do cheadúnú seirbhísí craolacháin sa Stát, agus réimse tosca eacnamaíochta, rialála agus teicneolaíochta a mbíonn tionchar acu ar sholáthar seirbhísí. Pléitear gach ceann díobh sin ar bhealach níos mionsonraithe thíos, agus torthaí taighde an BAI mar bhonn agus taca leis.

Reachtaíocht

Tá sé beartaithe den chuid is mó ag Acht Craolacháin 2009 go dtabharfaidh trí príomhshnáithe craolacháin – poiblí, tráchtála agus pobail cruth do thimpeallacht craolacháin na hÉireann. Ó thaobh lucht féachana agus éisteachta de, d’fhéadfadh sé go bhfuil cosúlachtaí i gcuid den ábhar atá ar fáil ó na craoltóirí éagsúla laistigh de na snáitheanna sin, ach tá saintréithe nó gnéithe faoi leith a bhaineann le gach snáithe ar nós: an chaoi a ndéantar úinéireacht agus rialú orthu; na modhanna trína gcuirtear freagracht orthu agus na daoine a bhfuil siad freagrach dóibh; na meicníochtaí  trína  ndéantar  maoiniú  orthu;  agus,  ar  ndóigh,  an  cineál  lánais  nó  ábhair  a sholáthraíonn siad. Leagann Acht na bliana 2009 cuspóirí sonracha síos le haghaidh gach duine de na craoltóirí seirbhíse poiblí agus leagann sé amach na tréithe sainiúla do chraoltóirí pobail.

Is é ról an BAI tacaíocht a thabhairt do sholáthar leanúnach réimse seirbhísí teilifíse agus raidió agus é sin a éascú laistigh de na trí príomhshnáitheanna craolacháin le fís an reachta a bhaint amach agus le beogacht sa mheascán agus réimse seirbhísí atá ar fáil don lucht féachana agus éisteachta in Éirinn a chinntiú. Baintear é sin amach ar fud réimse iomlán feidhmeanna reachtúla an BAI ina measc, go háirithe, trí sheirbhísí teilifíse agus raidió a cheadúnú.

Tá Acht na bliana 2009 rúrach maidir leis an gceanglas atá ar an BAI plean ceadúnúcháin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus i dtaca leis na cineálacha ceadúnas craolacháin a bhfuil sé de chead ag an Údarás iad a eisiúint agus na meicníochtaí i dtaobh ceadúnais den chineál sin a dheonú. Múnlaíonn an reacht an timpeallacht craolacháin agus bíonn tionchar aige ar an timpeallacht sin trí réimse forálacha ar nós ceanglais maidir le haird na meán, an soláthar a dhéanann seirbhísí craolacháin ar chúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha etc. Leagann forálacha eile d’Acht na bliana 2009 síos réimse rialachán maidir le fógraíocht agus cláir, i dteannta réimse coinníollacha conartha ar chraoltóirí.

An Tírdhreach Reatha

Tá margadh mheán craoltóireachta na hÉireann aibí agus iomaíoch. Is éard atá ann samhlacha éagsúla gnó agus go leor oibreoirí a chuireann raon ábhar fuaime agus físe intíre agus idirnáisiúnta ar fáil. Léiríonn iompar tomhaltóirí atá ag athrú é timpeall ar úsáid ábhar, pé áit agus pé am ar mian leo, nascacht líne sheasta agus shoghluaisteacht níos mó, agus glacadh gaireas atá ag fás, lena n-áirítear gutháin chliste, táibléid agus teilifíseáin cheangailte.

Tá athruithe suntasacha struchtúrtha agus iompair feicthe aige le deich mbliana anuas mar aon le treochtaí idirnáisiúnta, rud a fhágann castacht agus iomaíocht níos mó do na hearnálacha raidió agus teilifíse. Is féidir tiománaithe an athraithe seo a chatagóiriú faoi cheithre cheannteideal leathana; teicneolaíocht agus nascacht; úinéireacht ar ghairis nasctha; athruithe ar iompar tomhaltóirí; agus athruithe ar straitéis chorparáideach.

  1. Teicneolaíocht agus Nascacht

Tá an sciar mhór den mhargadh atá clúdaithe ag leathanbhanda agus luasanna íoslódála atá ag feabhsú ó bhliain go bliain ag ceadú do dhaoine rochtain a fháil ar sheirbhísí a sheachadtar tríd an idirlíon a chuireann leis na meáin chraolta traidisiúnta nó a thagann ina n-áit.

  1. Úinéireacht ar Ghairis Nasctha

Tá úinéireacht raidiónna agus teilifíseáin thraidisiúnta mar aon le húinéireacht gaireas atá nasctha leis an idirlíon cosúil le gutháin chliste, táibléid agus teilifíseáin chliste, ag cur ar chumas an tomhaltóra smacht níos mó a bheith acu ar a rannpháirtíocht leis na meáin chraolta (e.g. tá taifeadáin físe phearsanta i 59% de thithe na hÉireann anois, rud a cheadaíonn do dhaoine ábhar a thaifeadadh agus a stóráil, agus tá seirbhísí ar éileamh ar fáil anois do dhuine ar bith a bhfuil ceangal idirlín acu).

  1. Athruithe ar Iompar Tomhaltóirí

Tá úsáid níos mó á baint ag tomhaltóirí as seirbhísí ar éileamh agus iad ag breathnú/éisteacht taobh amuigh den fhuinneog chraolta thraidisiúnta, ar níos mó ná gaireas amháin, sa bhaile agus taobh amuigh den bhaile.

    4. Athruithe ar Straitéis Chorparáideach

Tá ábhar anois i roinnt pacáistí lena n-áirítear trí roinnt asraonta thar seirbhísí saor in aisce agus íoctha, suibscríbhinn agus íocaíochtaí discréideacha (e.g. cuireann seirbhísí ar éileamh TV3 agus RTÉ, Netflix agus Amazon anois rochtain ar éileamh iomarcach ar fáil do leabharlanna doimhne d’ábhar ardchaighdeáin).

Léirítear i bhfeidhmíocht lucht éisteachta agus féachana reatha go bhfuil Éire fós an-nasctha le raidió agus teilifís chraolta: Éisteann 82% de dhaoine fásta 15+ d’aois in Éirinn le stáisiúin raidió gach lá (Tuairisc JNLR, Aibreán 2017), agus féachann 67.5% de dhaoine ar chainéil bheo teilifíse gach lá (figiúirí TAM Ireland do 2016). Léiríodh i suirbhé lucht féachana/éisteachta Kantar pictiúr atá ag éirí níos casta d’úsáid lánais laistigh de thírdhreach atá treoraithe go príomha fós ag na meáin chraolta. Táthar sásta tríd is tríd le cineál agus réimse an tsoláthair lánais craolta agus le haschur agus feidhmíocht chraoltóirí na hÉireann.

Craoladh Teilifíse

Struchtúr Reatha

Áirítear le seirbhísí teilifíse in Éirinn stáisiúin seirbhíse poiblí, stáisiúin tráchtála agus stáisiúin pobail a chuirtear ar fáil go príomha ar leibhéal náisiúnta thar réimse léibheann, ina measc léibhinn trastíre, satailíte, cábla agus IPTV. Soláthraíonn RTÉ agus TG4 cainéil craolacháin teilifíse poiblí. Is iad RTÉ 1 agus RTÉ 2 na seirbhísí is mó éilimh de chuid RTÉ. Soláthraíonn TG4 seirbhís luachmhar Gaeilge d’oileán na hÉireann. Is é TV3 an t-aon mhalairt seirbhíse in úinéireacht phríobháideach ar na craoltóirí teilifíse seirbhíse poiblí agus oibríonn sé ceithre sheirbhís – TV3, TV3+1, be3 agus 3e. Aimsíonn RTÉ 1, RTÉ 2 agus TV3 lucht faire suntasach i measc an lucht féachana in Éirinn.

Tá teaghlaigh na hÉireann in ann Teilifís Thithe an Oireachtais a fháil chomh maith, agus meascán de chainéil RA agus idirnáisiúnta (lena n-áirítear BBC, Channel 4 agus Sky One) ag brath ar an léibheann/seirbhís teilifíse a úsáideann siad.

Ó dheireadh na nóchaidí go dtí seo, tugadh isteach líon beag cainéal breise tráchtála agus pobail ar chórais cábla agus satailíte, rud a chuireann rogha bhreise ar fáil don lucht féachana in Éirinn a bhfuil rochtain acu ar na córais sin, e.g. Eir Sport. Tá dhá sheirbhís teilifíse pobail, i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh.

Dinimic Thírdhreach na Teilifíse Reatha

Tá athruithe móra tagtha ar an earnáil teilifíse le cúig bliana anuas, agus tairbhe á baint ag lucht féachana as rogha níos mó ábhair, praghsanna agus soláthróirí, mar aon le rogha níos mó maidir le cén uair agus cén áit ar féidir leo breathnú ar ábhar físe. Cuireann an meascán cainéal agus seirbhísí rogha leathan ar fáil do lucht féachana na hÉireann (craoladh, beir suas, ar éileamh) ar go leor gaireas (sa bhaile agus go soghluaiste). Dúshlán atá anseo d’inbhuanaitheacht mhaoiniú lánais na hÉireann, mar gur féidir le cainéil idirnáisiúnta ioncam a ghiniúint ón margadh Éireannach ach ní infheistíonn siad ach fíorbheagán i lánas Éireannach.   Cuireann an   méadú rogha dúshlán chomh maith ó thaobh na leibhéil reatha lucht féachana ar chainéil na hÉireann a choimeád.

Tá na dreamanna nua i margadh teilifíse na hÉireann a bhfuil cineálacha nua dáileadh ar líne á gcur ar fáil acu ag cur iomaíocht ar fáil do sholáthróirí traidisiúnta teilifís íoctha agus do léibhinn shaorchraolta, arb é an cineál is coitianta ná seirbhísí suibscríbhinn físeán ar éileamh (SVOD). Is iad Netflix an soláthraí is mó den chineál sin agus tá sé ar fáil anois i mbeagnach aon tríú de thithe na hÉireann. Áirítear le hiontrálaithe nua sa mhargadh Amazon Instant Video agus Now TV. Tá a mbonn úsáideoirí méadaithe ag craoltóirí do sheirbhísí teilifís ar éileamh cosúil le 3player agus RTÉ Player.

Treocht shuntasach in amharc lánais teilifíse is ea an bogadh i measc éisteoirí níos óige i dtreo gairis agus formáidí malartacha. Ach, is é an teilifís chraolta an teilifíseán is mó a mbreathnaítear air fós. Tá treocht laghdaitheach in amharc beo, agus treochtaí ag méadú in amharc ábhar taifeadta agus ar éileamh.

Dinimic Thírdhreach na Teilifíse amach anseo

Tá sé tuartha sna blianta atá ag teacht go méadóidh na leibhéil nascachta agus nasctha, agus go dtiomáinfidh sé sin a thuilleadh úsáide as ábhar físe ar bhonn neamhlíneach. Tá teilifís bheo fós ag meath ach ag ráta níos moille, mar gheall ar thithe nach bhfuil ag glacadh chomh tapa agus an tábhacht a bhaineann le spórt, nuacht agus siamsaíocht bheo. Ach, beidh an teilifís bheo fós ina chomhpháirt mhór den amharc teilifíse in 2022. Bainfidh lucht féachana úsáid níos mó as gairis nach teilifís iad chun breathnú ar lánas teilifíse. Beidh cobhsaíocht réasúnta i margadh an léibhinn. Is é an príomhrud idir seo agus 2022 leanúint leis an athrú chuig bearta teilifís íoctha níos saoire.  Méadóidh líon na dtithe nach bhfuil teilifís acu go mall agus beidh suibscríbhinn físeán ar éileamh ar 47% de thithe.

Beidh inbhuanaitheacht earnáil teilifíse na hÉireann agus cothú lucht féachana, ag cothromú riachtanais an lucht féachana agus ag cinntiú go bhfuil an t-ábhar ábhartha go cultúrtha, ina bpríomhthosaíochtaí.

Craoladh Raidió

Struchtúr Reatha

Ar leibhéal náisiúnta is é atá i gceist go príomha leis an earnáil raidió in Éirinn ná seacht seirbhís raidió trastíre, ceithre cinn acu á soláthar ag RTÉ, agus trí cinn ceadúnaithe ag an BAI. Soláthraíonn siad sin meascán de sheirbhísí cainte agus ceoil, chomh maith le seirbhísí Gaeilge agus seirbhísí ceoil chlasaiceach. Ina theannta sin, soláthraíonn RTÉ réimse sainseirbhísí ar léibhinn dhigiteacha.

Tá seirbhísí réigiúnacha raidió dírithe, den chuid is mó, ar lucht éisteachta de dhaoine óga agus ar leibhéal áitiúil is é atá i gceist ná meascán leathan de sheirbhísí ceoil agus cainte. Tá seirbhísí raidió pobail ar fud na tíre i gceist freisin atá dírithe den chuid is mó ar phobail bheaga geografacha agus ar phobail sainspéise.

Tá seirbhísí raidió RTÉ bunaithe le fada agus freastalaíonn siad ar lucht éisteachta ar leibhéal náisiúnta le réimse nuachta agus cúrsaí reatha, ceol, agus seirbhísí Gaeilge, go príomha ar lucht éisteachta atá 25 bliain d’aois agus níos sine.

Forbraíodh stáisiúin réigiúnacha san Oirdheisceart, san Iarthuaisceart agus i Lár Tíre/san Oirthuaisceart agus soláthraíonn siad sin seirbhísí do lucht féachana óg a fhaigheann freastal freisin ó sheirbhísí áitiúla i gceantair uirbeacha i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Ó lár go deireadh na 2000idí, tá líon áirithe seirbhísí ceoil nideoige tosaithe ag craoladh, bunaithe den chuid is mó i mBaile Átha Cliath ach go bhfuil ceann amháin acu ag craoladh ar bhonn ilchathrach. Tá seirbhís raidió a soláthraítear ar bhonn garnáisiúnta a fhreastalaíonn ar leasanna Críostaithe.

Tá seasamh tábhachtach ag raidió pobail in Éirinn agus forbraíodh líonra láidir stáisiún ón uair a ceadúnaíodh na chéad seirbhísí ar bhonn phíolóta sa bhliain 1995. Meastar go dtugann beartas rialála agus forbairtí reachtúla eile le déanaí anuas sa réimse sin bonn taca láidir do raidió pobail i gcomparáid le dlínsí Eorpacha eile. Is é rannpháirtíocht na bpobal áitiúil i ngach gné den tseirbhís an ghné is tábhachtaí de sheirbhísí raidió pobail.

Deonaíonn an BAI suas le tríocha conradh sealadach nó conarthaí craolacháin fuaime do mhórócáidí gach bliain a fhreastalaíonn, mar shampla, ar fhéilte coláiste, oiliúint do mhic léinn, ócáidí bliantúla agus ar sheirbhísí píolóta pobail.

Mar chríoch, tá seirbhísí craolacháin fuaime institiúideacha i gcónaí ina gcuid den mheascán seirbhísí a thugann seirbhís luachmhar do lucht éisteachta, go háirithe iad sin atá san ospidéal.

Dinimic Thírdhreach an Raidió Reatha

Tá an margadh raidió aibí, agus seirbhísí raidió analógach FM chun cinn. Tá dúshláin roimhe anois atá cosúil leo siúd atá roimh earnáil na teilifíse; meath ar an lucht éisteachta níos óige agus nascacht – sruthú, ar éileamh agus íoslódálacha. Feidhmíonn sé anois mar chuid de mhargadh fuaime níos leithne.  Tá laige chomh maith sa luach a chuireann fógróirí ar bhranda an raidió.

Tá éisteacht raidió in Éirinn fós an-láidir (clúdach 82% do Dhaoine Fásta 15+ in 2016, JNLR) agus tá sé réasúnta láidir i gcomhthéacs na hEorpa. Anuas ar an bpunann stáisiún seirbhíse poiblí atá ag feidhmiú go maith, tá oibreoirí tráchtála neamhspleách ag déanamh go maith ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Cé go bhfuil éisteacht agus clúdach foriomlán réasúnta cobhsaí ó 2010, ceileann staitisticí don daonra ar fad titim shuntasach san úsáid a bhaineann daoine óga as raidió. Is iad gairis raidió thraidisiúnta (astu féin nó sa charr) na gairis is coitianta go fóill trína n-éistear leis an raidió i measc lucht éisteachta na hÉireann lena n-áirítear an lucht éisteachta níos óige agus léiríonn sé seo ardleibhéal úinéireachta ar na gairis seo, na hamanna den lá ina mbíonn an éisteacht is mó agus gnásanna éisteoirí.

Dinimic Thírdhreach an Raidió Amach Anseo

Sna cúig bliana amach romhainn, treoróidh nascacht mhéadaithe margadh an raidió le bheith níos comhtháite agus níos plódaithe de réir mar a fhaigheann níos mó lucht éisteachta rochtain ar chineálacha nua siamsaíochta fuaime.  D’ainneoin sin, tá sé tuartha go mbeidh raidió beo fós i lár an aonaigh, go dtiocfaidh laghdú beag ar éisteacht raidió ach go mbeidh sé cobhsaí faoi 2022. Tiomáinfidh nascacht agus úsáid gaireas níos mó fás sna formáidí fuaime malartacha cosúil le  ceol faoi úinéireacht, podchraoltaí/breith  suas  ar  raidió agus  sruthú, agus  an ceann deiridh ar an bhfoinse is mó fáis tuartha. Ba cheart go mbeadh fás podchraoltaí láidir in Éirinn, go háirithe mar gheall ar an tóir atá ar raidió cainte. Tá ardmheas ag lucht éisteachta na hÉireann ar raidió, mar a chonacthas i suirbhé lucht éisteachta Kantar. Braithfidh an fhorbairt i bpodchraoltaí ar na craoltóirí móra a bhfuil sé de chumas acu ábhar podchraolta a léiriú agus a mhargú ag tógáil brandaí tras-formáide.

Beartas agus Cleachtas Rialála

Folaítear in Acht 2009 go mór ról rialála an BAI, lena n-áirítear roinnt beart rialála ábhartha leis an Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin. I measc na mbeartas agus na gcleachtas sin tá, mar shampla: teorainneacha a cuireadh ar úinéireacht agus rialú seirbhísí craolacháin; feidhmiú an mhaolaithe maidir leis an gceanglas reachtúil i dtaobh 20% d’ábhar nuachta agus cúrsaí reatha ar sheirbhísí pobail agus tráchtála; an méid ama fógraíochta atá ar fáil do chraoltóirí áirithe; na srianta atá i bhfeidhm de réir na gcód i dtaca le cláir agus fógraíocht; na ceanglais a chuirtear i bhfeidhm ar iarratasóirí ar cheadúnais, sa phróiseas iarratais agus le linn idirbheartaíochtaí conartha agus an chaoi ina ndéantar rialáil ar sheirbhísí ina dhiaidh sin ó thaobh na comhlíontachta de.

Tá an BAI tiomanta do bheartais agus do chleachtais rialála atá cothrom agus comhréireach a chothromaíonn riachtanais na hearnála le riachtanais lucht féachana/éisteachta na hÉireann. Fiosróidh agus tacóidh an BAI le forbairtí rialála a d’fhéadfadh inbhuanaitheacht, forbairt agus cruthaitheacht na hearnála a bhreisiú. Tá an BAI tiomanta d’athbhreithniú agus feabhas leanúnach ar a chumais riaracháin agus chun éifeachtúlacht agus éifeachtaí níos fearr a lorg ina chleachtais rialála. Áireofar anseo amanna freagartha níos tapúla maidir le rannpháirtíocht rialála agus cumarsáidí níos rialta le geallsealbhóirí.

Tá an BAI tiomanta d’athbhreithniú a dhéanamh ar an timpeallacht rialála a rialaíonn raidió tráchtála agus pobail nuair a fhoilsítear an Straitéis seo.

An Timpeallacht Airgeadais

Foinsí Maoinithe

Faigheann craoltóirí in Éirinn maoiniú ar bhealaí éagsúla. Faigheann craoltóirí seirbhíse poiblí méid áirithe maoiniúcháin phoiblí agus bíonn siad gníomhach freisin ó thaobh na tráchtála de, go príomha trí ghníomhaíochtaí fógraíochta ar an aer. Tá ceanglas ar RTÉ de réir Acht na bliana 2009 feidhm a bhaint as deiseanna tráchtála agus é ag saothrú a chuid spriocanna reachtúla, cé go gcuimsíonn maoiniú poiblí idir 45% agus 55% dá mhaoiniú iomlán.

Is meascán de mhaoiniú poiblí (lena n-áirítear sciar de tháille an cheadúnais teilifíse) an príomhbhealach maoinithe ag an gcraoltóir teilifíse Gaeilge, TG4.

Is é an príomhfhoinse maoinithe do chraoltóirí teilifíse agus raidió ioncam ó fhógraíocht, agus braitheann an earnáil chraolacháin pobail go príomha ar dheontais rialtais agus ar rannpháirtíocht oibrithe deonacha.

Cuirtear sciar de tháille an cheadúnais teilifíse (7% faoi láthair) ar fáil do chiste craolacháin, a fheidhmíonn an BAI agus a bhfuil teacht air ag gach craoltóir atá dírithe ar lucht féachana in Éirinn.     Íoctar amach an ciste trí scéim nó scéimeanna, scéim do chláir do thionscnaimh chláir teilifíse agus raidió san áireamh agus scéim cartlainne chun ábhar cláir a léiríodh le craoladh ar an teilifís agus an raidió a chartlannú.

Dinimic Eacnamaíoch Reatha agus Tuartha

Amhail is atá i bhformhór margadh meán, tá ioncam fógraíochta do chraolachán faoi bhrú in Éirinn mar thoradh ar dhúshláin struchtúracha agus timthriallacha. Ach, mar gheall ar an tionchar a bhí ag an titim shuntasach in ioncam mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta a thosaigh in 2008, mar aon leis na saintréithe Éireannacha (náisiún beag ag roinnt teorainn teanga phóiriúil le margaí i bhfad níos mó), tá na dúshláin san earnáil fógraíochta go háirithe, fiú cé gur fheabhsaigh an geilleagar bunúsach ó 2014, an-ghéar. Ó 2007 i leith, nuair a chuaigh fógraíocht teilifíse chomh hard le €311m agus bhuail fógraíocht raidió €140m, tá an treocht ag teacht anuas don fhógraíocht teilifíse agus raidió le deich mbliana anuas. B’ionann an t-ioncam a fuarthas in 2016 agus €240m agus €127m don teilifís agus raidió, faoi seach. Bhí tionchar breise ag an mBreatimeacht agus ar neamhchinnteacht pholaitiúil ar an margadh agus chuir sé seo tuileadh brú ar ioncaim fógraíochta don earnáil chraolacháin. Tuartar i dtaighde go mbeidh ioncaim ó fhógraíocht don raidió agus don teilifís cothrom ar a mhéad sna cúig bliana amach romhainn, tar éis titim in 2017 ag leanúint ar aghaidh chuig 2018.

D’ainneoin na n-athruithe struchtúracha lena n-áirítear an t-athrú chuig léibhinn agus lánas digiteach, tá na hearnálacha raidió agus teilifíse fós láidir i dtéarmaí lucht éisteacha agus lucht féachana. Ach, níor éirigh leis an earnáil raidió an ráta fógraíochta príomhbhranda a bhaint amach in ainneoin an lucht éisteachta suntasach. Chomh maith céanna, tá na hioncaim fógraíochta don raidió agus don teilifís faoi na figiúirí roimh an gcúlú eacnamaíochta. Tá an fás i sainrogha fógróirí chun na meáin dhigiteacha a úsáid ag méadú agus cuirfidh sé brú breise ar ioncaim thraidisiúnta na meán. Beidh ar an earnáil glacadh le múnlaí nua gnó má tá sé seo le leanúint chun breathnóirí agus éisteoirí a fhorbairt agus a mhealladh, go háirithe lucht éisteachta/féachana níos óige.

Ach an oiread le craoltóirí eile san earnáil raidió in Éirinn, tá dúshláin roimh craoltóirí raidió pobail ó thaobh na heacnamaíochta de, go háirithe i bhfianaise na laghduithe suntasacha ar leibhéal an mhaoinithe poiblí atá ar fáil le tacaíocht a thabhairt do na seirbhísí sin. Tá comhlacht ionadaíochta an raidió pobail, CRAOL, ag léiriú na ndúshlán airgeadais suntasacha atá roimh stáisiúin phobail. Tá tionchar ag an dúshlán ní hamháin ar na gnéithe oibríochtúla de na seirbhísí, ach ar inbhuanaitheacht agus beogacht chomh maith. Dá réir sin, tá na dúshláin oibríochtúil agus straitéiseach, araon. Tá tionchar, dá bhrí sin, ag infhaighteacht deontas agus maoiniúcháin phoiblí eile ar fhorbairt na seirbhísí atá ann faoi láthair agus ar sheirbhísí breise craolacháin pobail féideartha sna blianta atá amach romhainn.

Tosca Teicneolaíochta

Áirítear le ról an BAI bainistiú agus pleanáil ar an speictream do bhandaí minicíochta oiriúnacha don raidió analógach agus chun pleanáil a dhéanamh d’fhorbairt Teilifís Dhigiteach Trastíre (DTT) agus léibhinn raidió dhigiteacha. Maidir leis an raidió, tá teacht ar speictream i bhformhór na tíre i gcónaí le tacaíocht a thabhairt do sheirbhísí breise analógacha FM. Ach, tá an speictream teoranta faoi láthair maidir le seirbhísí raidió den chineál sin ag craoladh chuig lucht éisteachta le scaipeadh mó tíreolaíoch.

Go dáta, coisceadh forbairt DTT in Éirinn mar gheall ar an leibhéal costais a bhaineann lena mbunú, agus na costais a bhaineann le rochtain, cosúil le léibhinn. Déanann an BAI monatóireacht leanúnach ar na bacainní costais ar iontráil lena chinntiú go sainaithnítear aon deis chun DTT a chur ar aghaidh.

Fiosróidh an BAI an cumas do raidió digiteach leis an earnáil chraolacháin sna blianta amach romhainn, agus iad ar an eolas faoi thionchar éabhlóid teicneolaíochtaí, agus an méadú lena mbaineann i ngairis, ar iompar lucht éisteachta.

Forbairtí Teicneolaíochta

Mar aon le críocha eile, tá an tírdhreach craolacháin in Éirinn faoi réir sraith dúshlán struchtúrach agus tá soláthar seirbhísí físeáin agus fuaime anois níos casta agus níos iomaíche. Mar a luadh roimhe seo, baineann siad seo le hiompar tomhaltóirí, teicneolaíocht agus múnlaí gnó. Tá lucht féachana craolacháin in ann níos mó rochtain a fháil ar ábhar ó sholáthróirí thar réimse líonra agus gaireas ceangailte. Fairsingíonn sé seo an rogha i dtithe na hÉireann agus cuireann sé gné castachta leis an tírdhreach, go háirithe trí iontráil cuideachtaí idirnáisiúnta sa mhargadh.

Ní mór do sholáthróirí traidisiúnta meán leanúint ag éabhlóidiú a múnlaí gnó. Tá seirbhísí HD agus Físeán ar Éileamh seolta ag craoltóirí teilifíse (e.g. Seinnteoir TV3, seinnteoir RTÉ) agus tá siad ag baint triail as cineálacha nua fógraíochta dinimiciúla, ach beidh níos mó brú ag teacht.

Margadh an Léibhinn

Tá margadh an léibhinn Teilifíse iomaíoch in Éirinn. Léibhinn teilifís íoctha is mó atá ann (65% in 2017) agus Sky agus Virgin ar an dá léibheann is mó, agus ansin satailít shaorchraolta agus DTT (trí Saorview agus Freeview) a chuireann roghanna malartacha eile le níos lú cainéal agus níos lú feidhmiúlachta. Tá teilifís Prótacail Idirlín (IPTV) ag teacht chun cinn chomh maith mar mhodh malartach iomaíoch de tharchur teilifíse trí eir TV agus Vodafone. Treochtaí a tugadh faoi deara le déanaí is ea an méadú ar an tóir atá ar roghanna teilifíse in aisce agus is iad an teilifís íoctha atá thíos leis agus tóir ar na roghanna ‘beart tanaí’ ó sholáthróirí IPTV agus na suibscríbhinní ‘beart mór’ teilifís íoctha atá thíos leis.

Dinimic na Teilifíse Íoctha

Cé go bhfuil fás suntasach le déanaí ar an nglacadh atá ag teaghlaigh ar theilifís in aisce, tá an margadh teilifís íoctha cosanta faoi láthair ó athrú suntasach chuig roghanna saorchraolta ag roinnt tosca lena n-áirítear an t-éileamh ar ábhar spóirt, scannáin agus siamsaíochta den scoth nach bhfuil ar fáil ach má íoctar air agus tá an áisiúlacht agus chomh héasca is atá sé le húsáid, mar aon le chomh fada chun cinn is atá an teicneolaíocht i bhfoirm taifeadáin físe phearsanta agus rochtain físeán ar éileamh go caighdeánach.

Seirbhísí Cumarsáide a Dhíol i mBeart

Tá coinbhéirseacht na meán follasach i mbeartú ábhar teilifíse le leathanbhanda, tabhartais seasta agus soghluaiste teileafónaíochta ó na príomhsholáthraithe Virgin Media, Sky, eir agus Vodafone. Is é an treocht atá ann athrú sa díriú ón teilifís go nascacht (leathanbhanda seasta agus soghluaiste).

Úsáid raidió – gairis agus gréasáin

Tarlaíonn formhór den éisteacht raidió in Éirinn go fóill ar ghairis thraidisiúnta, astu féin agus sa charr. In 2016, bhí raidió FM/AM ag 92% de theaghlaigh agus bhí raidió sa charr ag 90% díobh, i gcomparáid le 20% i dtaobh raidió DAB (Tuarascáil Meán agus léibheann JNLR 2016, Feabhra 2017). In ainneoin an fháis le déanaí i nglacadh DAB i measc an daonra ó 10% in 2012 (Tuarascáil Meán agus léibheann JNLR 2016, Feabhra 2017), níl ann go fóill ach céatadán beag den lucht éisteachta foriomlán, mar gheall i bpáirt nach bhfuil seans chomh mór go mbeidh raidió DAB ag éisteoirí 55+, ar éisteoirí níos troime raidió iad go comhréireach. Tá an-tóir ar ghairis shoghluaiste (e.g. gutháin chliste, seinnteoirí MP3) agus ríomhairí i measc lucht éisteachta níos óige, rud a léiríonn an sainrogha atá ag fás chun éisteacht le fuaim ar ghairis shoghluaiste. Ach, d’ainneoin an úinéireacht réasúnta forleathan de ghutháin chliste, tá éisteacht raidió foriomlán ar na gairis seo srianta ag liúntais sonraí soghluaiste agus costas, úsáid íseal ar raidió na hÉireann ar líne/feidhmchláir, agus gnásanna úsáide atá ann cheana. Is é sin, tá taithí ag formhór lucht éisteachta ag éisteacht trí raidió traidisiúnta, agus is mó seans go n-éistfidh siad le raidió ag amanna den lá nuair a bhíonn rochtain acu ar raidió traidisiúnta/sa charr.

D’ainneoin suaitheadh digiteach agus athruithe suntasacha in iompar tomhaltóirí, go háirithe sna déimeagrafacha níos óige, beidh na seirbhísí craolacháin raidió agus teilifíse traidisiúnta fós chun tosaigh i margadh na hÉireann sna blianta atá romhainn. Tá an earnáil seo an-athléimneach in Éirinn ach anois is gá di éabhlóidiú chun bealaí nua a fháil le bheith flúirseach i dtírdhreach meán atá ag athrú.

4. Fís an BAI

Folaítear i gcuid 4 den Straitéis dearcadh ardleibhéil ar fhís an BAI don mheascán is fearr seirbhísí raidió agus teilifíse sna blianta atá romhainn. Leagtar amach ann cuspóirí ar leith an BAI agus a aidhmeanna straitéiseacha do cheadúnú seirbhísí teilifíse agus raidió. Tá dhá cheist chomhairliúcháin leagtha amach ag an BAI don chuid seo, a chuirtear i láthair ag deireadh an téacs don chuid seo.

Is í sprioc bhunaidh na Straitéise um Sheirbhísí Craolacháin a chinntiú go bhfuil réimse éagsúil seirbhísí craolacháin ann atá oscailte agus iolraíoch le freastal ar an lucht féachana agus éisteachta in Éirinn. Lárnach d’fhís an BAI tá rogha agus éagsúlacht don lucht féachana agus éisteachta agus an t-ionchas go ndéanfar freastal ar gach lucht féachana/éisteachta. Cuirfidh sé creat ar fáil do thírdhreach na meán in Éirinn a léiríonn agus a chruthaíonn cé muid féin.

Cuimsítear an fhís sin mar seo a leanas:

Déanfaidh earnáil bheoga agus dhinimiciúil chraolacháin ina mbeidh meascán de chraoltóirí seirbhíse poiblí, tráchtála agus pobail, a sholáthraíonn ábhar agus cláir a fhreastalaíonn ar an bpobal agus a thugann léargas ar an éagsúlacht laistigh de shochaí na Éireann, freastal ar mhuintir na hÉireann.

 I gcroílár an mheascáin bharrmhaitheasa sin tá réimse seirbhísí náisiúnta, réigiúnacha, áitiúla agus pobail, a mbíonn curtha leo ag meascán breise de sheirbhísí nideoige. Is féidir le samhlacha gnó tráchtála nó neamhbhrabúis na seirbhísí sin a sholáthar le réimse ilchineálach roghanna maidir le hábhar agus cláir do lucht éisteachta agus lucht féachana na hÉireann.

Tá líon spriocanna sonracha ag an Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin mar seo a leanas:

  • Chun meascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha a éascú sna meáin chlosamhairc a bhreisíonn díospóireacht dhaonlathach agus saoránacht ghníomhach in Éirinn;
  • Chun tírdhreach a chothú sna meáin arb ionadaíoch agus inrochtana d’éagsúlacht sochaí na hÉireann é;
  • Cláir Ghaeilge d’ardchaighdeáin a chothú agus a chur chun cinn;
  • Cruthaitheacht agus nuálaíocht a spreagadh mar ghnéithe sainiúla d’earnáil chlosamhairc na hÉireann;
  • Oibriú le geallsealbhóirí le tacú le hinbhuanaitheacht níos mó a bhaint amach d’earnáil closamhairc na hÉireann; agus,
  • Cinntiú go mbeidh díriú méadaithe ar chruthaitheacht agus nuálaíocht ar fud gníomhaíochtaí ar fad an

Aithníonn an BAI an tábhacht a bhaineann leis an meascán reatha seirbhísí teilifíse agus raidió atá i dtírdhreach craolacháin na hÉireann; an tsraith craoltóirí tráchtála, pobail agus institiúideacha mar aon leis na craoltóirí seirbhíse poiblí ar fud na n-earnálacha craolacháin teilifíse agus raidió.

Teilifís

Tá an BAI den tuairim go bhfuil seirbhís náisiúnta, tráchtála teilifíse analógach ríthábhachtach chun éagsúlacht agus iolrachas a bhaint amach maidir le foinsí agus ábhar nuachta agus maidir le hábhar cláir eile atá ar fáil le freastal ar lucht féachana. I dtaca leis an méid sin, aithníonn an BAI an ról tábhachtach atá ag cainéil teilifíse seirbhíse poiblí sa mheascán foriomlán.

Cuireann na seirbhísí speisialta teilifíse digiteacha arna gceadúnú faoi chonarthaí soláthair lánais éagsúlacht chomh maith leis an rogha do lucht féachana na hÉireann.

Éascóidh agus spreagfaidh an BAI iarratais ó pháirtithe eile gur mian leo seirbhísí teilifíse a bhunú ar léibhinn chábla, satailíte agus léibhinn dhigiteacha trastíre, go háirithe ó ghrúpaí teilifíse pobail.

Raidió

Tá an BAI den tuairim maidir le seirbhísí raidió náisiúnta, áitiúla agus pobail gur codanna riachtanacha iad de thírdhreach na craoltóireachta in Éirinn, agus go gcomhlíonann raidió réigiúnach soláthar seirbhísí dírithe ar an óige faoi láthair. Tá an BAI sásta cineálacha eile seirbhísí, seirbhísí nideoige raidió ina measc, agus an bonn reachtúil faoina bhféadfaí ceadúnú, forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar sheirbhísí den chineál sin, a iniúchadh.

Tá an réimse leathan seirbhísí teilifíse agus raidió neamhspleácha ríthábhachtach chun misean an BAI a bhaint amach chun iolracht guthanna, tuairimí, asraonta agus foinsí i meáin na hÉireann a chur chun cinn agus níos mó ná sin, ábhar cáilíochta éagsúil agus ábhartha go cultúrtha do lucht féachana na hÉireann a chothú. Tá luach ag an BAI ar an ngné seo agus leanfaidh sé ag obair i gcomhar leis an earnáil chun a chion a dhéanamh le lucht féachana na hÉireann a chothú agus a chur chun cinn.

Léibhinn Chraolta

Teilifís Dhigiteach Trastíre

Tá oibleagáid reachtúil ar an BAI iarracht a dhéanamh trí ilphléacs náisiúnta a bhunú, a chothabháil agus a oibriú. Tá na dualgais reachtúla seo curtha i gcrích ag an BAI trí fheidhmiú próiseas ceadúnaithe ilphléacs in 2008, nár éirigh leis mar gheall gur tharraing na hiarrthóirí siar ón bplé tráchtála. Bhí na bacainní le hiontráil suntasach agus tá siad fós ar an gcaoi sin, mar a fheictear sna tuairiscí athbhreithnithe neamhspleách ar an margadh a choimisiúnaigh an BAI (2013 agus 2017). Leanfaidh an BAI ag déanamh anailíse ar an margadh agus ag déanamh measúnú ar an gcumas go mbunófaí ilphléacsanna den chineál sin.

Craoladh Raidió Digiteach

Tá cumhachtú reachtúil ag an BAI chun socrú a dhéanamh le hilphléacs um chraolachán fuaime a bhunú, a chothabháil agus a oibriú. Fiosróidh an BAI na deiseanna chun craoladh fuaime digiteach a bhunú trí chomhairliúchán agus oibriú leis an tionscal, agus anailís a dhéanamh ar mhargadh na hÉireann agus forbairtí idirnáisiúnta.

Tuilleadh

5. An Fhís sin a Fhíorú - Cuid 1

Leagtar amach i gcuid 5 den Straitéis cur chuige an BAI maidir le gach catagóir cheadúnaithe agus sainaithnítear ann na gníomhaíochtaí ceadúnaithe a dtabharfaidh an BAI fúthu sna blianta romhainn. Áirítear anseo athbhreithniú a dhéanamh ar sheirbhís raidió tráchtála analógach FM amháin ar a laghad; ag tacú le tuilleadh forbartha ar raidió agus teilifís phobail; ag oibriú i gcomhpháirt le gach conraitheoir chun deiseanna a fhiosrú don raidió digiteach; agus athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas ceadúnaithe do chonarthaí soláthair lánais.

 Leagtar amach i gCuid 5 chomh maith cur chuige an BAI maidir leis an rialáil. Soláthraítear na prionsabail atá mar bhonn agus taca le gníomhaíochtaí rialála an BAI agus tugtar tiomantas chun cáipéisíocht threorach a fhorbairt le haghaidh gach catagóire ceadúnaithe. Ba cheart go n- éascódh an cur chuige seo an BAI chun bearta rialála níos freagrúla a sholáthar agus chun faisnéis níos oiriúnaithe a sholáthar do chonraitheoirí.

 Idir an dá linn, beidh feidhm ag na nósanna imeachta agus na próisis rialála reatha atá i bhfeidhm agus dá réir sin, tá siad á n-áireamh sa chomhairliúchán seo. Tá tuairimí á lorg ag an BAI ar na bearta seo (riachtanais nuachta agus cúrsaí reatha, clár scar-rogha agus fógraíocht scar-rogha, uathoibriú agus líonrú cláir, agus láthair stiúideo) agus cibé ar cheart aon athruithe ar na rialacha a chur san áireamh.

Tá Cuid 6 d’Acht 2009 mar bhunús leis na seirbhísí, lánas agus léibhinn is féidir leis an BAI a cheadúnú. Leagtar amach ann an réimse conarthaí seirbhíse craolacháin, conarthaí soláthair lánais agus conarthaí ilphléacs is féidir leis an Údarás a dhéanamh, mar seo a leanas:

  1. Conarthaí Craolacháin Fuaime Tráchtála (alt 63)
  2. Conarthaí Craolacháin Fuaime Raidió Pobail (alt 64)
  3. Conarthaí Craolacháin Fuaime Sealadacha nó Institiúideacha (alt 68)
  4. Conradh Seirbhíse Clár Teilifíse (alt 70)
  5. Conarthaí Soláthair Lánais (Craolachán Teilifíse agus Fuaime) (alt 71)
  6. Conarthaí Soláthair Lánais Pobail (Craolachán Teilifíse agus Fuaime) (alt 72)
  7. Conarthaí d’Eolaí Clár Leictreonach (EPG) (alt 74)
  8. Conarthaí Ilphléacs – Teilifís Dhigiteach Trastíre (DTT) (alt 131)
  9. Conarthaí Ilphléacs – Craoladh Raidió Digiteach (alt 136)

Thar thréimhse na Straitéise seo, forbrófar pleananna ceadúnaithe bunaithe ar fhaisnéis mhargaidh suas chun dáta, sonraí eacnamaíoch agus comhshaoil, araon, lena n-áirítear riachtanais agus sainroghanna lucht éisteachta. Beidh sé mar aidhm ag gníomhaíochtaí ceadúnúcháin an BAI na spriocanna atá aige a bhaint amach maidir le tírdhreach a chothú sna meáin arb ionadaíoch agus inrochtana d’éagsúlacht sochaí na hÉireann é, ina n-éascaítear iolracht, agus ina gcuirtear éagsúlacht ábhair ar fáil do lucht féachana agus lucht éisteachta, lena n-áirítear trí Ghaeilge. Deonófar conarthaí do na seirbhísí craolacháin ábhartha agus na conarthaí soláthair lánais ábhartha trí theaglaim de phróisis cheadúnaithe atá idir iomaíoch agus oscailte a úsáid. Fiosrófar an cumas do chraoladh DTT agus raidió digiteach trí ghníomhaíochtaí taighde agus i gcomhoibriú leis an earnáil.

Is mar seo a leanas atá na meicníochtaí trína ndéanfar é sin a bhaint amach:

a)     Conarthaí Craolacháin Fuaime Tráchtála – Alt 63

Forbróidh an BAI pleananna ceadúnúcháin le seirbhísí craolacháin fuaime tráchtála a sholáthar, de réir mar is gá. Feidhmeofar próisis iomaíocha ceadúnúcháin i dtaca le gach conradh den saghas sin, ina n-áirítear an cumas do nós imeachta ceadúnaithe tapa. Rachaidh an BAI i mbun comhairliúcháin leis an earnáil maidir le pleananna ceadúnúcháin a cheapadh ag féachaint, go háirithe, ar chomhdhéanamh na limistéar saincheadúnais, agus aird aige i gcónaí ar thosca cosúil le héagsúlacht, iolracht, inmharthanacht airgeadais agus infhaighteacht speictrim.

Tá an BAI tiomanta do cheadúnú ar a laghad seirbhís craolacháin fuaime amháin ar an mbanda FM taobh amuigh de réigiún Bhaile Átha Cliath a fhiosrú nuair a sheoltar an straitéis seo.  Agus an tiomantas seo á dhéanamh, tá aird chuí ag an BAI ar na nithe seo:

  • an cumas chun éagsúlacht níos mó a chur ar fáil don lucht éisteachta sa chuid eile d’Éirinn le seirbhís a chuirfeadh leis an meascán reatha agus nach rachadh in iomaíocht go díreach leis na seirbhísí reatha;
  • éagsúlacht an mhúnla gnó a d’fhéadfaí a úsáid (mar is léir sna múnlaí gnó éagsúla a fuarthas i ngairm an BAI d’aighneachtaí ó pháirtithe gur suim leo seirbhísí craolacháin fuaime FM nua a chur ar fáil in 2017);
  • éifeachtacht níos mó a chur ar fáil in úsáid an speictrim; agus
  • branda raidió a fhorbairt mar mheán fógraíochta den scoth a d’fheadfadh meánioncaim ó fhógraíocht raidió a mhéadú.

Beidh aimsiú fíricí agus comhairliúchán i gceist leis an gcur chuige seo, i gcoinneáil le hoibleagáid an BAI maidir le cinnteoireacht ar bhonn fianaise.

Tá an BAI tiomanta do thacú le forbairt leanúnach na hearnála raidió tráchtála agus chun inbhuanaitheacht níos mó a bhaint amach.

b)     Conarthaí Craolacháin Fuaime Pobail – Alt 64

Tá treoir ag cur chuige an BAI maidir le seirbhísí craolacháin fuaime pobail a cheadúnú ó thaithí na heagraíochta maidir le seirbhísí den chineál sin a cheadúnú ó 1995 i leith. Aithníonn sé, go háirithe, an bealach orgánach ina dtarlaíonn bunú agus forbairt seirbhísí den saghas sin. Éascaíonn an cur chuige atá ag an BAI agus é i mbun freagairt a dhéanamh d’fhorbairtí sa chraoltóireacht phobail atá níos solúbtha agus ar bhealach a luíonn leis na hacmhainní atá ar fáil don BAI chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí den saghas sin agus/nó, go deimhin, na hacmhainní atá ar fáil do sheirbhís craolacháin ionchasach pobail. Dá bhrí sin, feidhmeoidh an tÚdarás cur chuige oscailte maidir le cúrsaí ceadúnúcháin i gcoitinne do sheirbhísí craolacháin pobail.

Ceadaítear do ghrúpaí raidió pobail iarratas a dhéanamh ar chonarthaí craolacháin fuaime pobail sealadacha 30 lá agus píolótacha 100 lá, araon. Agus iarratas á dhéanamh ar cheann ar bith de na conarthaí craolacháin fuaime seo, molann an BAI gur cheart go mbeadh éiteas an phobail i gcroílár na seirbhíse ón tús ar fad.     Molann an BAI do sheirbhísí ionchasacha modhanna cuí a mheas chun dul i ngleic le baill an phobail agus lena chur ar a gcumas rannpháirtíocht iomlán a bheith acu ina seirbhís. Mar a leagtar amach in alt 64 d’Acht 2009, tá an BAI ag súil leis na trí bhunphrionsabal seo a leanas a bheith mar ghné bhunúsach le go gcáileodh iarrthóir ar raidió pobail do chonradh craolacháin fuaime pobail:

  1. tá baill de na struchtúr bhainistíochta agus foirne ionadaíoch ar an bpobal lena mbaineann agus cuntasach dóibh;
  2. rachaidh ábhar an chláir craolta i ngleic go sonrach le leasanna an phobail lena mbaineann, agus déanfaidh sé iarracht tairbhe sóisialta a chur ar fáil dóibh; agus
  3. beidh struchtúr neamhbhrabúsach ag an tseirbhís.

Tá an BAI tiomanta do thacú le forbairt leanúnach earnáil an raidió pobail agus oibreoidh sé leis an earnáil chun múnlaí maoinithe inbhuanaithe a fhorbairt agus ceadúnú seirbhísí den chineál sin sa todhchaí.

c)     Conarthaí Craolacháin Fuaime Sealadacha nó Institiúideacha – Alt 68

Oibrítear an chatagóir cheadúnaithe seo trí phróiseas oscailte agus féadfaidh iarrthóirí féideartha aighneachtaí a dhéanamh ar sheirbhís raidió shealadach ar feadh tréimhse cheadúnaithe 30 lá nó níos lú, nó ar sheirbhís raidió phíolótach ar feadh tréimhse 100 lá.

Níl an BAI den tuairim go bhfuil sé oiriúnach do sheirbhísí a soláthraítear de réir na gconarthaí gearrthéarma sin fógraíocht thráchtála a chraoladh agus gur cheart iad a mhaoiniú trí urraíocht agus foinsí eile.

d)      Conradh Seirbhíse Clár Teilifíse – alt 70

Tá a dhualgas comhlíonta ag an BAI faoi alt 70 chun seirbhís clár teilifíse a cheadúnú ar bhonn náisiúnta (TV3). Níl aon dualgais bhreise ar an BAI faoin gcatagóir cheadúnaithe seo.

e)      Conarthaí Soláthair Lánais (Craolachán Teilifíse agus Fuaime) – Alt 71

Beidh próiseas oscailte ceadúnúcháin i bhfeidhm i dtaca le conarthaí soláthair lánais ar teilifís dhigiteach agus/nó raidió. Tá an leibhéal gníomhaíochta ceadúnaithe sa chatagóir seo íseal go dáta. Mar gheall ar an easpa forbairtí i léibhinn raidió dhigiteacha, is dócha go mbeidh gníomhaíocht cheadúnaithe teoranta sa réimse seo sna blianta atá romhainn.

Ach, mar gheall ar imeacht ar feitheamh an RA ó bhallraíocht san Aontas Eorpach (Breatimeacht), tá an cumas go mbogfaidh seirbhísí teilifíse faoi cheadúnas faoi láthair sa RA ag an rialaitheoir Ofcom go hÉirinn agus conarthaí soláthair lánais nua a lorg (teilifís) leis an BAI chun leanúint ag craoladh seirbhísí teilifíse craolacháin i dtíortha AE den chuid is mó.

D’fhonn forbairtí den chineál sin a éascú, tá an BAI ag déanamh athbhreithniú ar a chur chuige le conarthaí den chineál sin a cheadúnú, lena n-áirítear na táillí conartha agus costas na n-iarratas a dhéanamh agus na treoracha agus foirmeacha iarratais lena mbaineann, a chríochnófar in 2018.

f)      Conarthaí Soláthair Lánais Pobail (Craolachán Teilifíse agus Fuaime) – Alt 72

Beidh próiseas oscailte ceadúnúcháin i bhfeidhm i dtaca le conarthaí soláthair lánais pobail teilifíse digití agus/nó raidió. Tá leibhéal íseal gníomhaíochta sa chatagóir cheadúnaithe seo.

Tá dhá chonradh soláthair lánais teilifíse pobail ghníomhacha faoi láthair agus níl aon chonradh um sholáthar lánais raidió gníomhach. Tá an BAI tiomanta d’fhorbairt bhreise ar an teilifís phobail a fhiosrú agus leanfaidh sé ag obair leis an earnáil phobail chun múnlaí inbhuanaithe agus deiseanna maoinithe a fhiosrú.

g)      Eolaithe Clár Leictreonacha (EPGanna) – Alt 74

Folaíonn an ghníomhaíocht cheadúnaithe do chonarthaí don fhaisnéis chraolacháin do bhaill an phobail i ndáil le sceideal ábhair clár atá faoi réir aon seirbhís craolacháin. Tá an fhoráil seo cineál as dáta mar gheall ar dhul chun cinn teicneolaíochta agus níl sé ailínithe go hiomlán le reachtaíocht na hEorpa agus, go háirithe, forálacha Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (AVMSD) a bhaineann le EPGanna. Táthar ag súil le hathbhreithnithe leis an AVMSD go gairid agus nuair a dhaingnítear iad seo, forbróidh an BAI bearta chun conarthaí EPG a cheadúnú.

h)     Conarthaí Ilphléacs – Teilifís Dhigiteach Trastíre (DTT) – Alt 131

Léirigh obair a rinne an BAI go dáta ar DTT nach dtacódh dálaí margaidh le seoladh seirbhísí DTT tráchtála. Bhí roinnt athbhreithnithe neamhspleácha ar an margadh i gceist leis an obair seo agus tacaíonn tuarascáil thaighde Mediatique ó Nollaig 2017 leis na tuairimí seo.

Sa chomhthéacs seo, tá an BAI tiomanta dá chur chuige reatha maidir le DTT, chun athbhreithniú neamhspleách a choimisiúnú gach trí bliana chun cumas an mhargaidh a dheimhniú, lena n-áirítear sainaithint iarrthóirí féideartha nua.

i)     Conarthaí Ilphléacs – Léibhinn Raidió Dhigiteacha – Alt 136

Go dáta, níor fhiosraigh an BAI agus an tionscal an réimse seo gníomhaíocht cheadúnaithe go domhain mar gheall ar roinnt tosca, go háirithe, crapadh suntasach in ioncaim fógraíochta mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta in 2008 agus an brú leanúnach ar ioncaim fógraíochta ó shin.

Sheas an earnáil raidió suaitheadh digiteach go dáta, ach tá athrú bunúsach i ngnásanna éisteachta an lucht éisteachta níos óige agus is gá don tionscal raidió dá bhrí sin breith a dhéanamh ar an gcaoi a rachaidh sé i ngleic leis an lucht éisteachta seo faoi cheann cúig bliana nó níos mó. Is gá don earnáil raidió tráchtála a mhúnla gnó a éabhlóidiú agus straitéisí digiteacha a fhorbairt le go mbeidh sé de chumas acu inmharthanacht earnáil an raidió a shlánú go fadtéarmach.

Tá an BAI tiomanta don chumas do raidió digiteach, léibhinn san áireamh, a fhiosrú. Bainfear amach é seo trí ghrúpa oibre a bhunú chun athbhreithniú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht in earnáil an raidió agus athbhreithniú neamhspleách a choimisiúnú ar an gcumas don raidió digiteach.

Tuilleadh

5. An Fhís sin a Fhíorú - Cuid 2

Prionsabail Rialála

Tá aird ag an BAI ar a ról chun craoltóirí ceadúnaithe a rialáil sa bhreis ar an Straitéis seo agus tá sé feasach ar na dúshláin atá roimh an earnáil chraolacháin, go háirithe, an gá chun inbhuanaitheacht earnála a chothromú le riachtanais agus sainroghanna an lucht éisteachta agus na riachtanais reachtúla don iolracht agus éagsúlacht sa chraoladh. Agus a fheidhmeanna rialála á ndéanamh de bhun na Straitéise seo, rialálfaidh an BAI de réir a luachana straitéiseacha de bheith cóir, neamhspleách, saineolach agus cuntasach.

Déanfaidh an BAI na nithe seo a leanas:

  • Cinnteoidh sé go gcloíonn conraitheoirí craolacháin lena dtiomantais chonartha agus, go háirithe, le héagsúlacht agus iolracht;
  • Coinneoidh sé costais riaracháin maidir le dualgais cheadúnaithe chomh híseal agus is féidir;
  • Laghdóidh sé ualach rialála nach gá;
  • Ceapfaidh sé nósanna imeachta ceadúnaithe a íoslaghdaíonn an costas a bhaineann le hiarratas ceadúnais a dhéanamh;
  • Cinnteoidh sé go bhfuil a chleachtais rialála éifeachtach, éifeachtúil agus freagrach;
  • Déanfaidh sé comhairliúchán ar ghníomhaíochtaí rialála le conraitheoirí faoi cheadúnas; agus,
  • Foilseoidh sé cáipéisíocht mhionsonraithe maidir le gach catagóir cheadúnaithe, ina leagfar amach a chur chuige ceadúnaithe agus rialála don chatagóir áirithe
Tuilleadh

5. An Fhís sin a Fhíorú - Cuid 3

Cáipéisíocht Cheadúnaithe

Ceapfaidh agus foilseoidh an BAI cáipéisíocht tacaíochta do na catagóirí ceadúnaithe ar fad ina leagfar amach go mion cur chuige an BAI maidir leis an gcatagóir cheadúnaithe sin. Tá doiciméad beartais ann faoi láthair don raidió pobail, a ndéanfar athbhreithniú agus uasdátú air.

Ceadóidh forbairt na cáipéisíochta seo don BAI measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta rialála do gach catagóir cheadúnaithe go rialta agus dá bhrí sin freagairt agus athbhreithnithe tráthúla a cheadú do na bearta rialála de réir mar is gá. Cuirfidh sé faisnéis níos soiléire agus níos mionsonraithe ar fáil do pháirtithe leasmhara chomh maith. Dréachtófar an cháipéisíocht seo i gcomhairliúchán leis an earnáil agus foilseofar í laistigh de bhliain ó chuirfear an Straitéis nua seo i bhfeidhm.

Tuilleadh

5. An Fhís sin a Fhíorú - Cuid 4

Idir an dá linn, beidh na nósanna imeachta rialála arna leagan amach sa Straitéis reatha (Márta 2012) i bhfeidhm. Is sa chomhthéacs seo atá siad á gcur san áireamh sa chomhairliúchán seo. Seo a leanas na bearta sin:

Úinéireacht agus Rialú Seirbhísí Craolacháin

Tá Beartas Úinéireachta agus Rialaithe 2012 an BAI á athbhreithniú faoi láthair agus beidh sé mar chuid de chomhairliúchán poiblí ar bheartas iolrachta níos leithne in 2018. Dá réir sin, níl an tÚdarás ag lorg tuairimí ar an mbeart rialála seo sa chomhairliúchán seo.

An Ceanglas (20%) i dtaobh Nuachta agus Cúrsaí Reatha (Craoltóirí Fuaime):

Admhaíonn an BAI gur substainteach agus luachmhar an méid nuachta agus cúrsaí reatha a chuireann craoltóirí Éireannacha ar fáil don lucht éisteachta in Éirinn mar a aithníonn Alt 39(1)(c) d’Acht na bliana 2009. Meastar, áfach, go bhfuil maolú ar an gceanglas reachtúil sin oiriúnach  sa chás go bhfuil sé tairbhiúil do lucht éisteachta, i dtuairim an Údaráis, agus gur dóchúil go méadóidh sé éagsúlacht na gclár don lucht éisteachta i limistéar saincheadúnais. Nuair a bheidh an ceanglas reachtúil i dtaobh íosleibhéal de 20% maidir le hábhar nuachta agus cúrsaí  reatha ar sheirbhísí sonraithe craolacháin fuaime atá ceadúnaithe ag an BAI á chur i bhfeidhm, beidh aird ag an Údarás ar an méid seo a leanas:

a. Cuirfidh sé sainmhíniú leathan ar nuacht agus cúrsaí reatha i bhfeidhm leis an bhforáil a chomhlíonadh, murab ionann an cás go dtí seo;

b. Beidh aird aige ar an gcineál seirbhíse craolacháin mar chinntitheach tábhachtach ar charachtar an ábhair nuachta agus cúrsaí reatha ar sheirbhís faoi leith;

c. I gcás seirbhísí raidió leathan-fhormáid áitiúla agus náisiúnta ar an mbanda FM, ceadaíonn an BAI maolú idir 1am agus 7am. Níl an tÚdarás ag moladh go ndeonófar aon mhaolú breise ón gceanglas reachtúil i gcás seirbhísí den chineál sin;

d. Déanfaidh an BAI breithniú ar mhaolú ón gceanglas reachtúil i gcás seirbhísí ceolthiomáinte, seirbhísí don óige agus seirbhísí nideoige;

Nuair a bheidh aon mhaolú atá le deonú á bhreithniú aige, beidh aird ag an BAI ar thrí thosca tionchair:

Cineál nuálach na moltaí malartacha maidir le sceidealú agus eagarthóireacht a chuireann an conraitheoir faoi bhráid agus an iarmhairt a bheidh ag an maolú atá á mholadh ar an lucht éisteachta a bhfuil freastal á dhéanamh air;

  1. Iarmhairt an mhaolaithe ar chaighdeán foriomlán an aschuir nuachta agus cúrsaí reatha sa limistéar saincheadúnais ábhartha, agus;
  2. A mhéid is a chuirfidh an maolú le héagsúlacht agus le caighdeán an aschuir nuachta agus cúrsaí reatha do lucht éisteachta ábhartha seirbhísí nideoige nó na seirbhísí sin a bhfuil déimeagrafach áirithe mar sprioclucht éisteachta
Tuilleadh

5. An Fhís sin a Fhíorú - Cuid 5

Cláir Scar-Rogha (Raidió Amháin)

Go traidisiúnta, tá craoladh clár scar-rogha ag seirbhísí ceadaithe ag an BAI, an fhad is go bhfuil an t-ábhar á chraoladh ó stiúideo craolacháin ar leith atá suite sa limistéar óna dtionscnaíonn an t-ábhar scar-rogha. Tacaíonn forbairtí teicneolaíochta le seachadadh clár gan an riachtanas a bheith ann stiúideonna breise a fhorbairt.

Is féidir leis an BAI seachadadh clár scar-rogha ó shuíomh príomhstiúideo a cheadú, ach aird a bheith aige ar an méid seo a leanas:

  • Dá dtabharfaí cead den sórt sin an ndéanfadh sé sin díobháil d’fhócas an ábhair don lucht éisteachta beartaithe?
  • An dtacóidh na socruithe atá á moladh le prionsabail na héagsúlachta agus an iolrachais, go háirithe maidir le freastal ar riachtanais an lucht éisteachta?
  • An bhfuil na moltaí comhsheasmhach leis an gcineál seirbhíse atá ceadúnaithe i.e. náisiúnta, réigiúnach, áitiúil?
Tuilleadh

5. An Fhís sin a Fhíorú - Cuid 6

Fógraíocht Scar-Rogha (Raidió Amháin)

San am atá thart, cheadaigh an BAI do sheirbhísí craolacháin fuaime fógraíocht scar-rogha a chraoladh, a fhad is gur craoladh an fhógraíocht sin ó stiúideo craolacháin ar leith suite sa limistéar óna dtionscnaíonn an fhógraíocht scar-rogha. Tacaíonn forbairtí teicneolaíochta le seachadadh fógraíochta den saghas sin gan an riachtanas a bheith ann stiúideonna a fhorbairt.

 

Is féidir leis an BAI, i gcúinsí áirithe teoranta, fógraíocht scar-rogha a cheadú gan an ceanglas a bheith ann do chláir scar-rogha agus stiúideo scar-rogha. Nuair a bheidh aon mholtaí den chineál sin á mbreithniú aige, beidh aird ag an BAI ar an iarmhairt dhóchúil ar inmharthanacht na seirbhíse chomh maith leis an iarmhairt ghinearálta ar sheirbhísí eile sa limistéar saincheadúnais agus ar earnáil an chraolacháin i gcoitinne.

Tuilleadh

5. An Fhís sin a Fhíorú - Cuid 7

Uathoibriú agus Líonrú Clár (Raidió Amháin)

I gcúinsí áirithe is féidir leis an BAI leibhéil níos airde uathoibrithe agus líonraithe a cheadú. Nuair a bheidh moltaí ó chraoltóirí á mbreithniú aige, beidh aird ag an BAI ar an méid seo a leanas:

  • An iarmhairt ar lucht éisteachta na seirbhíse;
  • An cumas atá ann inmharthanacht na seirbhíse a mhéadú, go háirithe nuair is seirbhísí nideoige ata i gceist;
  • I gcás seirbhísí raidió pobail, iarmhairt na moltaí ar éiteas na seirbhíse;
  • I gcás moltaí i dtaobh gnéithe den tseirbhís cláir a uathoibriú, an t-am den lá – go hiondúil, táthar ag súil go dtarlódh ábhar uathoibrithe le linn uaireanta

I gcás seirbhísí raidió tráchtála, leanfaidh an BAI ar aghaidh ag breithniú moltaí a bhaineann le feidhmeanna nach feidhmeanna cláir iad ar nós airgeadas, innealtóireacht agus riarachán, a chomhroinnt. D’fhéadfadh sé a bheith sásta freisin moltaí a mheas maidir le síneadh breise ar sheirbhísí comhroinnte, a fhad is nach mbíonn tionchar aige sin ar sheachadadh na croí-seirbhíse cláir.

Beidh aird faoi leith ag an BAI ar an gcineál seirbhíse atá á moladh nuair a bheidh cúrsaí den saghas sin á mbreithniú aige. Níl an BAI den tuairim go bhfuil socruithe den saghas sin cuí i gcás seirbhísí raidió pobail, de bharr an cheanglais gur chóir go mbeadh seirbhís pobail bunaithe, faoi úinéireacht agus faoi rialú an phobail a mbíonn freastal á dhéanamh aige air.

Comhroinnt feidhmeanna neamhchláir

I gcás seirbhísí raidió tráchtála, go leanfaidh an BAI ar aghaidh ag breithniú moltaí a bhaineann le feidhmeanna nach feidhmeanna cláir iad ar nós airgeadas, innealtóireacht agus riarachán, a chomhroinnt. D’fhéadfadh sé a bheith sásta freisin moltaí a mheas maidir le síneadh breise ar sheirbhísí comhroinnte, a fhad is nach mbíonn tionchar aige sin ar sheachadadh na croí-seirbhíse cláir. Beidh aird faoi leith ag an BAI ar an gcineál seirbhíse atá á moladh nuair a bheidh cúrsaí den saghas sin á mbreithniú aige.

Níl an BAI den tuairim go bhfuil socruithe den saghas sin cuí i gcás seirbhísí raidió pobail, de bharr an cheanglais gur chóir go mbeadh seirbhís pobail bunaithe, faoi úinéireacht agus faoi rialú an phobail a mbíonn freastal á dhéanamh aige air.

Suíomh Stiúideo

Éileoidh an BAI go suífidh seirbhísí raidió agus teilifíse leathan-bhunaithe áitiúil agus pobail a bpríomhstiúideonna sna limistéir ábhartha saincheadúnais. I gcás seirbhísí tráchtála eile, lena n-áirítear seirbhísí nideoige agus oibritheoirí conarthaí soláthair lánais, is féidir leis an BAI comhshuíomh le seirbhís nó seirbhísí eile nó suíomh na seirbhíse lasmuigh den limistéar saincheadúnais a cheadú, a fhad is nach gcuireann na socruithe atá á moladh isteach go míchuí ar lucht éisteachta nó lucht féachana mar thoradh ar an suíomh sin.

Tuilleadh

Eolas teagmhála

*Riachtanach