Iarrann an BAI ort do thuairim a léiriú maidir leis an dréachtcháipéis polasaí Fuaim agus Fís 4.

Molann an BAI go léifeadh iarratasóirí an cháipéis dar teideal ‘Dréachtscéim Fuaim agus Fís 4 Comhairliúchán Poiblí’ a d’fhoilsigh an tÚdarás chun cuidiú le hiarratasóirí achainí a ullmhú. Leagann an cháipéis seo amach na athruithe atá beartaithe don scéim agus an réasúnaíocht taobh thiar de gach athrú molta.

Doiciméid tacaíochta: 

Féadfaidh tú d’achainí a sheoladh isteach ar chúpla bealaí. Féach an roinn ‘Cén chaoi achainí a sheoladh isteach’ thíos.

Is é Dé Céadaoin an 13 Samhain 2019 an spriocdháta le haghaidh achainí.

Maidir leis an gComhairliúchán

Fáilte chuig an gcomhairliúchán ar dhréachtcháipéis de chuid Údarás Chraolacháin na hÉireann don Scéim Cistithe Craolacháin, Fuaim agus Fís 4. Sa cháipéis seo, leagtar amach an scéim cistithe nua do chláir atáthar á moladh agus a thógfaidh áit na scéime reatha, Fuaim agus Fís 3, don tréimhse 2020 – 2024.

Chríochnaigh an BAI Athbhreithniú Reachtúil ar Fuaim agus Fís 3 i mí Meitheamh 2019.  Tháinig líon áirithe torthaí agus moltaí chun solais le linn an phróisis comhairliúcháin. Rinne an BAI iarracht freagra a thabhairt ar na hábhair seo in Fuaim agus Fís 4.

Tá an BAI anois ag cur fáilte roimh thuairimí maidir leis an ábhar molta don dréachtcháipéis Fuaim agus Fís 4  mar chuid de phróiseas comhairliúchán poiblí. Beidh aird ag an Údarás ar na hachainí a fhaightear mar fhreagra ar an gcomhairliúchán poiblí seo ina gcuid cinntí agus an leagan críochnúil á dhearadh aige.

Baineann an comhairliúchán seo le doiciméad polasaí na Scéime amháin.  Forbróidh an BAI pleananna agus treoracha chun tacú le Fuaim agus Fís 4 a chur i bhfeidhm le linn na dtrí mhí deiridh de 2019 agus na dtrí mhí tosaigh de 2020.

2. Réamhrá

Is scéim tacaíochta do chláir í Fuaim agus Fís 4. Tá an scéim á feidhmiú ag an BAI agus tá sí á maoiniú ón táille ceadúnais teilifíse. Ceann de na cuspóirí atá ag an Scéim seo is ea tacú le cruthú cláir inrochtana a léiríonn cultúr, stair, teanga agus éagsúlacht na hÉireann; cláir a bhfuil cuspóir chultúrtha agus/nó phobail acu do lucht féachana Éireannach leathan. Seo é an ceathrú sprioc atá ag an Scéim.

Sa cháipéis seo, leagtar síos príomhphointí na Scéime i dtéarmaí ról Údaráis Chraolacháin na hÉireann (“BAI”), na cuspóirí, a scóip, an maoiniú atá ar fáil agus na próisis oibríochta. Foilseoidh an BAI doiciméid tacaíochta d’iarratasóirí maidir leis na babhtaí maoinithe agus aon fhorbairtí eile ar bhonn rialta le linn shaolré na Scéime.

3. Ról an BAI (& Ceist 1)

Déantar foráil i gCuid 10 den Acht Craolacháin, 2009 (“an tAcht”) chun 7% de na glanfháltais táille cheadúnas teilifíse a íoc amach (“an Ciste Craolacháin”) trí Scéim maoinithe, nó trí scéimeanna arna bhforbairt agus arna mbainistiú ag Údarás Craolacháin na hÉireann (“an BAI”) agus arna bhfaomhadh ag an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (“an tAire”).

Leagtar amach i gCuid 3 de dhoiciméad na Scéime cur chuige an Údaráis maidir le cur i bhfeidhm na Scéime.  Tugann sé aird ar: na Catagóirí maoinithe na Scéime; na Cuspóirí na Scéime; na Cuspóirí Straitéiseacha an Údaráis;  agus, na bunluachanna an Údaráis.

Luaitear sprioc tábhachtach i ráiteas straitéise an Údaráis, is é sin ‘ábhair ilchineálacha agus cultúrtha atá ábhartha do lucht féachana/éisteachta Éireannacha a spreagadh’.  Sa chomhthéacs seo, trí scéimeanna do chláir a fhorbairt agus a fhoilsiú faoin gCiste Craolacháin, tá sé mar aidhm ag an Údarás a chinntiú go dtagann méadú ar réimse agus ar fhoinsí na gclár raidió agus teilifíse cultúrtha atá ábhartha agus ar ardchaighdeán, cláir Ghaeilge san áireamh, atá ar fáil do lucht féachana/éisteachta Éireannach agus go bhfuil níos mó ilghnéitheacht le feiceáil sna meáin chlosamhairc in Éirinn i dtéarmaí na hábhair a léirítear agus i dtéarmaí na ndaoine féin atá bainteach le léiriú na gclár.

Tuilleadh

4. Scóip Fuaim agus Fís 4 (& Ceisteanna 2 - 6)

Tacóidh Fuaim agus Fís 4 le cláir raidió agus theilifíse ar chainéil chraolacháin phoiblí, tráchtála agus phobail a chomhlíonann na ceanglais reachtaíochta i dtaca le fáil bheith ag lucht féachana Éireannach orthu.  Cuireann Fuaim agus Fís 4 tacaíocht mhaoinithe ar fáil chun cláir nua theilifíse agus raidió a chur i dtoll a chéile ar na ceithre théama a leanas: a) Cultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann; b) Litearthacht Daoine Fásta nó Litearthacht sna Meáin; c) Saincheisteanna domhanda; agus, d) an Ghaeilge.

Glacann an BAI le hiarratais a chuimsíonn gach formáid agus seánra clársceidealaithe seachas cláir a chuirtear i dtoll a chéile go príomha don nuacht agus cúrsaí reatha.  Féadfaidh craoltóirí teilifíse nó raidió nó táirgeoirí neamhspleáchas iarratais ar Fuaim agus Fís 4 a sheoladh ar aghaidh. Shocraigh na critéir incháilitheachta an caighdeán íosta nach mór a bhaint amach d’fhonn bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chistiú.  Ina measc tá: a) Ceanglas chun craoladh a dhéanamh (litir ó chraoltóir); b) Buaic-Chraolachán (mar atá sainmhínithe ag an BAI); c) Rochtain (D’fhonn tuiscint agus taitneamh a éascú ar chláir theilifíse ag daoine atá bodhar nó ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta agus/nó daoinea bhfuil radharc páirteach na súl acu taitneamh a bhaint as cláir theilifíse); agus, d) Eisiamh (i. gníomhaíochtaí nach mbaineann go díreach le déanamh clár nó seachadadh; ii. chun trealamh nó áitreabh (cistiú caipitiúil) a cheannach; agus, iii. dímheas.

Digiteach chun Tosaigh

Is é tuairim an BAI gur ghá don Scéim nua bheith dírithe ar an gcraolachán i bhfianaise torthaí na tuarascála athbheithnithe, ach ní mór di aird a thabhairt ar threochtaí breathnaithe agus éisteachta an aos óig freisin. Moltar, dá bhrí sin, ceadú d’iarratasóirí a n-éiríonn leo cláir a fhoilsiú ar ardáin dhigiteacha sula gcraoltar iad. (‘ardáin dhigiteacha chun tosaigh’ seachas ‘ardáin dhigiteacha amháin’). Mar shampla, d’fhéadfadh podchraoltaí a chur san áireamh d’ábhair raidió. Leagfar amach teorainneacha an phrionsabail seo sna cáipéisí treoracha, má ghlactar leis an moladh seo sa cháipéis chríochnúil don Scéim.

Beartais Choimhdeacha

Cuirfidh an BAI na bearta coimhdeacha siúd i bhfeidhm amhail a mheasann siad is gá chun tacú le baint amach chuspóirí na scéime seo.  D’fhéadfadh sé sin na nithe seo a leanas a éascú cé nach bhfuil sé teoranta dóibh: bearta a chabhróidh le craoltóirí pobail na hoibleagáidí leasa shóisialta, nó beartais d’fhonn tacú le litearthacht daoine fásta/nó litearthacht sna meáin nó tograí ar shaincheisteanna domhanda, a chomhlíonadh agus/nó roinnt tacaíocht forbartha a sholáthar chun dul i ngleic le téamaí, seánraí nó formáidí nach ndéantar dóthain ionadaíochta dóibh sna hiarratais ghinearálta a fhaightear agus/nó comhpháirtíochtaí a chruthú le forais den tuaraim céanna.

Tuilleadh

5. Maoiniú (& Ceisteanna 7 & 8)

Is í an choibhéis reatha idir cistiú teilifíse agus raidió 85%:15%. Agus aird ar an difreálach ard costais idir léiriú teilifíse agus raidió, meastar go bhfuil an choibhéis sin oiriúnach den chuid is mó ag an am seo.  Déanfaidh an BAI monatóireacht ghníomhach agus athbhreithniú ar an gcoibhéis sin thar shaolré na scéime ó thaobh na gcuspóirí de agus déanfar athrú uirthi, más gá. Dá bhrí sin, féadfaidh an BAI beartais tacaíochta maoinithe a chur ar bonn d’fhonn cuidiú le forbairt na craoltóireachta, mar aon le craoltóirí áitiúla agus pobail.

Leithdháilfear maoiniú 20% – 25% ar a laghad ar chláir i nGaeilge.

Go ginearálta, leithdháileann an BAI deontais faoi Fuaim agus Fís 4 a léiríonn a mhéid le 95% de na costais incháilithe don chlár. Ceanglaítear ar iarratasóirí sonraí iomlána a sholáthar maidir leis an leibhéal agus foinse mhaoinithe eile do gach gné den bhuiséad.  Maidir le saothair chlosamhairc, ní mór an clár a dhéanamh deacair, buiséad íseal nó gníomhú in aghaidh an tsínte theoranta gheografaigh atá ag roinnt teangacha agus cultúr.

 

Go ginearálta, leithdháilfidh an BAI maoiniú agus trí úsáid a bhaint as córas babhtaí cistithe.  Ní sholáthraítear maoiniú a leithdháiltear maidir le clársceidealú raidió agus teilifíse faoi Fuaim agus Fís 4 ach amháin maidir le clársceidealú ar dóigh leis an BAI a dhéanfar a chraoladh. Ní chuireann an BAI, go ginearálta, ar an ábhar sin, fóirdheontas ar tairiscint ach do chéim tháirgthe déanamh cláir.

Go ginearálta, áireoidh an BAI clásal aisghabhála i ngach conradh a dhéantar faoi Fuaim agus Fís 4. Déanfar an maoiniú aisghafa go léir a athshannadh go díreach isteach sa Chiste Craolacháin agus beidh fáil air íoc amach breise a dhéanamh.  Ceanglaítear ar iarratasóirí a bhfuil maoiniú á fháil acu ón BAI, de réir conartha, chun an tacaíocht seo a aithint go foirmiúil i bhformáid is inghlactha leis an Údarás. Tá an ceart á chosaint ag an Údarás chun treoirlínte a eisiúint d’iarratasóirí ina sonraítear na ceanglais ghonta ina leith seo.

Tuilleadh

6. Iarratas, Measúnú agus Bronnadh an mhaoinithe (& Ceisteanna 9 & 10)

Is é an príomhábhar buartha don BAI go mbíonn na próisis iarratais, mheasúnaithe agus bhronnta trédhearcach, cothrom agus infhíoraithe. Chomhaontaigh agus d’oibrigh an BAI prionsabail fhairsinge maidir leis na próisis seo, faoi mar a leagtar amach thíos.  Cuirfidh an BAI faisnéis maidir leis na próisis agus na nósanna imeachta chun iarratais a dhéanamh, an próiseas measúnaithe, conraitheoireacht agus íoc amach ar fáil go poiblí.

Foilseoidh an BAI faisnéis ar ghníomhaíochtaí maoinithe atá ag teacht aníos agus áireofar leis seo: sonraí ar conas aighneachtaí a dhéanamh, faisnéis faoi incháilitheacht, amfhrámaí iarratais, sonraí faoi chritéir mheasúnaithe agus faisnéis fhorlíontach eile de réir mar a mheastar atá oiriúnach.

Is éard atá sa phróiseas measúnaithe le haghaidh Fuaim agus Fís 4 na ceithre chéim a leanas: 1. Réamh-mheasúnú (iarratasóir / iarratas incháilithe); 2. Measúnú Cáilíochtúil (critéir mheasúnaithe foilsithe chun iarratasóirí ionchasacha a chur ar an eolas); 3. Measúnú Straitéiseach (dara céim mheasúnachta); agus, 4. Daingniú Foirmeálta (breithniú ag an Údarás).

Sa chás gur fhaomh an BAI iarratas ar mhaoiniú, cuireann an BAI an t-iarratasóir ar an eolas faoin gcinneadh, agus leagtar amach aon choinníoll/na coinníollacha a bhaineann leis an tairiscint.  Cuirfidh an BAI ansin liosta poiblí ar fáil ar thairiscintí maoinithe a dhaingníonn an tÚdarás.  Ní mór don iarratasóir rathúil dearbhú go bhfuil sé/sí ag glacadh leis an tairiscint mhaoinithe agus ceanglaítear ar iarratasóir rathúil iontráil i gcomhaontú conarthach leis an BAI, ar na téarmaí a shonraíonn an BAI.  Riartar cistí ag an BAI i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe chonarthaigh.

Sa chás gur dhiúltaigh an BAI iarratas ar mhaoiniú, cuirtear é sin in iúl d’iarratasóirí ar bhonn aonair agus cuirtear faisnéis ar fáil dóibh ar dhul chun cinn a n-iarratais sa phróiseas measúnaithe.

Chomh maith leis sin, forbróidh an BAI córas pointe caighdeánaithe d’fhonn cuidiú le measúnú na n-iarratas agus d’fhonn aiseolas a thabhairt d’iarratasóirí.

Tuilleadh

7. Athbhreithniú ar Fuaim agus Fís 4 (& Ceisteanna 11 & 12)

Amhail a fhoráiltear faoi Alt 158 den Acht Craolacháin, 2009, déanfaidh an BAI athbhreithniú ar oibriú, éifeachtacht agus tionchar Fuaim agus Fís 4 gach trí bliana, nó ag aon tráth eile a d’fhéadfadh an tAire a iarraidh, agus tuairisc scríofa a dhéanamh don Aire ar an athbhreithniú.

Is é cuspóir an athbhreithnithe sin, rath Fuaim agus Fís 4 a thomhas i leith a cuid cuspóirí, tathag na Scéime le linn a saolré agus sa todhchaí a mheas, agus aird á thabhairt ar shíorathrú na meán, na bealaí ina mbíonn daoine ag úsáid na meán agus an chaoi a bhíonn sé seo ag athrú i measc luch féachana/éisteacha in Éirinn, ach go háirithe i measc aon aos óig. D’fhonn bheith in ann tabhairt faoi athbhreithniú bríoch, déanann an BAI monatóireacht ar gach gné den scéim ar bhonn leanúnach.

Tuilleadh

Cén chaoi achainí a sheoladh isteach

Ba cheart d’fhreagróirí an phlécháipéis a d’fhoilsigh an BAI a léamh. Is inti a léirítear réasúnaíocht na dréachtscéime maoinithe do chláir.

Féadfaidh tú d’achainí a sheoladh isteach ar chúpla bealaí. Féadfaidh tú freagra a thabhairt ar cheist nó ar cheisteanna ar an bhfoirm fhreagartha sna Codanna thuas, nó féadfaidh tú d’achainí a uaslódáil trí úsáid a bhaint as an bhfoirm rphost ag bun an leathanaigh seo.

Tabhair faoi deara mura bhfuil fonn ort gach uile cheist i nach uile chuid a fhreagairt nó má tá tú chun doiciméad a uaslódáil, bí cinnte go gcuireann tú tic sa bhosca dar teideal ‘Ní mian liom gach uile cheist a fhreagairt’ i ngach uile chuid.

Nó féadfaidh tú d’achainí a sheoladh i scríbhinn chuig: Fuaim agus Fís 4, Comhairliúchán, Údarás Craolacháin na hÉireann, 2-5 Plás Warrington, Baile Átha Cliath, D02 XP29.

Is é Dé Céadaoin an 13 Samhain 2019 an spriocdháta le haghaidh achainí.

Eolas teagmhála

*Riachtanach