Forbraíodh Dréacht-Ráiteas Straitéise an BAI 2017-2019 (“an Dréacht-Ráiteas”) i gcomhréir le hAlt 29 den Acht Craolacháin, 2009. Tá an cháipéis seo roinnte sna trí chuid a leanas: –
Réamhrá le Dréacht-Ráiteas Straitéise an BAI 2017-2019
- Dréacht-Fhís, Dréacht-Mhisean agus Dréacht-Luachanna
- Dréacht-Téamaí Straitéiseacha, Dréacht-Chuspóirí Straitéiseacha agus Dréacht-Torthaí faoi 2019 an BAI
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara Míreanna 2 agus 3 a léamh agus a bhreithniú agus a dtuairimí a sheoladh ar aghaidh ar líne trí cheann de na meicníochtaí a shainaithnítear thíos. Chomh maith leis sin, tá Ipsos MRBI fostaithe ag an BAI chun Fóram Breithniúcháin a thionól i Samhain 2016 chun tuairimí a bhailiú ó shampla ionadaíoch den phobal ar ábhair an Dréacht-Ráitis.
Cuirfidh an fhaisnéis a bhailítear i rith na bpróiseas comhairliúcháin seo faisnéis ar fáil do chinntí deiridh an BAI ar ábhar Ráiteas Straitéise an BAI 2017-2019. Foilseofar an cháipéis deiridh ag tús 2017. Chomh maith leis sin, foilseoidh an BAI plean oibre trí bliana a chumhdaíonn an tréimhse 2017-2019.
Conas is Féidir liom Freagairt?
Féadfaidh tú do thuairimí a sheoladh ar aghaidh ar an Dréacht-Straitéis ar roinnt bealaí. Chun cabhrú leat, chuireamar dhá cheist ag deireadh Mhíreanna 2 agus 3. Is féidir freagairtí a sheoladh ar aghaidh ar líne, ar ríomhphost nó sa phost.
Ar líne: www.bai.ie/consultations
Ríomhphost: Seol d’fhreagairt ar aghaidh ar ríomhphost chuig strategy@bai.ie
Post: Seol d’fhreagairt ar aghaidh i scríbhinn chuig: Dréacht-Straitéis an BAI, Údarás Craolacháin na hÉireann, 2-5 Plás Warrington, Baile Átha Cliath D02 XP29.
Amfhrámaí d’Fhreagairtí
Ní mór gach freagairt ar an gcomhairliúchán poiblí seo a bheith seolta chuig an BAI faoi 12 meán lae Déardaoin, an 1 Nollaig 2016.
D’fhaisnéis a Úsáid
Baileoidh an BAI d’ainm, do sheoladh ríomhphoist agus aon fhaisnéis phearsanta eile fút a chuireann tú san áireamh i d’fhreagairt(í). Cuirfear d’ainm agus d’fhreagairt(í) ar fáil go poiblí i ndiaidh go seoltar an Straitéis nua. Ní úsáidfear an fhaisnéis a bhaileofar ach amháin ar mhaithe leis an Straitéis nua a fhorbairt agus ar chuspóir ar bith eile.
Saoráil Faisnéise
Tugann Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) faoina sheacht ndícheall a dhéanamh chun aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú i d’aighneacht a choimeád faoi rún, faoi réir dhualgais an BAI faoin dlí, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ina measc. Dá mba mhian leat nach ndéanfaí aon chuid den fhaisnéis a sholáthair tú i d’aighneacht a nochtadh mar gheall ar a híogaireacht, ba cheart duit, nuair a sholáthraíonn tú an fhaisnéis, an céanna a shainaithint agus na cúiseanna atá lena híogaireacht a shonrú. Rachaidh an BAI i gcomhairle leat faoin bhfaisnéis íogair seo sula ndéantar cinneadh ar aon iarratas ar Shaoráil Faisnéise a fhaightear.