Fearann an BAI fáilte Uí Cheallaigh roimh aon tuairimí faoi ábhar an Dréacht-Bheartas an BAI Maidir le Rialú agus Úinéireacht 2018. Féadfaidh tú do thuairimí a sheoladh ar aghaidh ar an Dréacht-Rialacha ar roinnt bealaí. Is féidir leat ceist, nó ceisteanna a fhreagairt, ag baint úsáide as na foirmeacha / na freagraí sna míreanna thíos, nó is féidir leat freagra a uaslódáil ag baint úsáide as an bhfoirm ríomhphoist ag bun an leathanaigh seo.

Tabhair do d’aire mura bhfuil tú ag freagairt ar na ceisteanna i ngach cuid agus/nó tá documéid a uaslódáil ort, cinntigh go bhfuil an tic curtha i mbosca ‘Ní mian liom gach ceist a fhreagairt’, le do thoil.

Post: Seol d’fhreagairt ar aghaidh i scríbhinn chuig: , Rialú agus Úinéireacht 2018, Údarás Craolacháin na hÉireann, 2-5 Plás Warrington, Baile Átha Cliath D02 XP29.

Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí maidir leis na dréacht-Rialacha a fháil  Dé Céadaoin, 30 Eanáir 2018.

Doiciméid tacaíochta

Dréacht-Bheartas an BAI Maidir le Rialú agus Úinéireacht 2018

BAI Review of Ownership and Control 2018 (Béarla)

Mínithe Reachtúla

Beartas an BAI Maidir Le Rialu Agus Uineireacht 2019

Beartas an BAI Maidir Le Rialu Agus Uineireacht 2019 – hAighneachtaí ón bpobal (Béarla)

Beartas an BAI Maidir Le Rialu Agus Uineireacht 2019 – Thorthaí na gcomhairliúchán (Béarla)

Fáilte chuig an gComhairliúchán!

Réamhrá 

Is eagraíocht reachtúil neamhspleách é Údarás Craolacháin na hÉireann (sa Bhéarla Broadcasting Authority of Ireland nó ‘BAI) atá freagrach as líon réimsí gníomhaíochtaí i dtaca le seirbhísí teilifíse agus raidió in Éirinn. Is é an tAcht Craolacháin, 2009 (“Acht 2009”) atá mar phríomhthreoir ag an BAI i leith a chuid oibre. Ceann de na spriocanna is tábhachtaí atá ag an BAI mar a leagtar síos é in Alt 25(1)(c) d’Acht 2009 is ea ‘seirbhísí craolacháin atá oscailte agus iolraíoch a sholáthar’. Thairis sin, ní mór don BAI, ‘éagsúlacht úinéireachta a chur chun cinn sna seirbhísí craolacháin mór le rá, idir sheirbhísí tráchtála agus sheirbhísí pobail. Léirítear na spriocanna seo i Ráiteas Straitéise an BAI (2017-2019) faoin téama straitéiseach – ‘An Iolracht agus an Éagsúlacht a chur chun cinn’. Tá beartas maidir le rialú agus úinéireachta dá chuid féin curtha i dtoll a chéile ag an BAI chun feidhm phraiticiúil a thabhairt do bhaint amach na spriocanna seo. Tá sé mar aidhm ag an mbeartas soiléireacht agus cinnteacht a thabhairt maidir le rialú agus le húinéireacht conraitheoirí craolacháin tráchtála, pobail agus ilphléacs.

I dtéarmaí praiticiúla, baineann an BAI úsáid as an mbeartas seo d’fhonn iarratais ar chonarthaí craolacháin, soláthar ábhair agus ilphléacs a mheas. Thairis sin, úsáidtear é d’fhonn iarratais ar athruithe do struchtúir úinéireachta agus rialaithe na gconraitheoirí seo a bhreithniú. Ar bhonn níos leithne, cruthaíodh an beartas seo chun forbairt leanúnach ar earnáil chraolacháin atá inmharthana, ilghnéitheach agus iolraíoch ó thaobh úinéireachta de, a éascú.

An Próiseas Comhairliúcháin

Tugadh isteach an beartas reatha maidir le rialú agus úinéireachta de chuid an BAI in 2012 agus tá an BAI anois ag lorg tuairimí ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara maidir lena bheartas athbhreithnithe. Moltar sa dréachtbheartas seo, líon áirithe athruithe do rialú úinéireachta agus ceannais na seirbhísí craolacháin atá ceadúnaithe ag an BAI. Ní bhaineann an beartas seo le craoltóirí poiblí.

Baineann dhá ghné leis an athbreithniú seo. Ar an gcéad dul síos, thug an BAI faoi phróiseas comhairliúcháin a bhí dírithe ar chraoltóirí agus ar pháirtithe leasmhara iomchuí eile. Dhírigh an comhairliúchán ar ábhar an bheartais reatha agus ba é an Dr. Roddy Flynn ó Scoil Chumarsáide DCU a thug faoi. Críochnaíodh an próiseas sa chéad leath de 2018 agus tá tuarascáil ar thorthaí an chomhairliúcháin sin ar fáil anseo. Ar an dara dul síos, tá comhairliúchán poiblí ar an mbeartas athbhreithnithe maidir le rialú agus úinéireachta idir lámha ag an BAI faoi láthair. Tá an dréachtbheartas iniata leis an doiciméad seo agus tá na rialacháin nuashonraithe anseo thíos bunaithe ar an Acht Craolacháin 2009, ar thaithí an BAI as bheith ag cur an bheartais reatha i bhfeidhm agus ar thorthaí an chomhairliúcháin dhírithe a tugadh faoi níos luaithe in 2018.

Tuairimí an phobail agus na bpáirtithe leasmhara a fháil, mar aon le craoltóirí agus úinéirí agus cleachtóirí meáin ar na hathruithe atá molta sa dréachtbheartas is aidhm leis an gcomharliúchán. Tá forálacha an dréachtbheartais thíos. Tá míniú gairid tugtha le gach cuid, má tá gá leis (i gcló trom), leagtar amach ansin na dréachfhorálacha agus leanann ceisteanna comhairliúcháin iad.

Tugann na forálacha beartais aird ar thorthaí an chomhairliúcháin dhírithe nó ar líon áirithe nuashonraithe agus moltaí corpraithe ó pháirtithe leasmhara a bhí páirteach sa chomhairliúchán. Níor ghlacadh le réimse moltaí ó pháirtithe leasmhara sa dréachtbheartas seo. I gcásanna áirithe, níor ghlacadh leo de bharr a dheacra is a bheadh sé na moltaí sin a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an BAI a mhachnamh ar na deacrachtaí seo nuair a thabharfar an beartas chun críche. I gcásanna eile, nuair a ceapadh moltaí bheith réasúnta, níor cuireadh san áireamh iad mar gur creideadh nach ar leas an bheartais iad mar bhí siad ró-chasta, nó ní raibh aon bhuntáiste breise ag baint leo, nó mar go laghdóidís aon solúbthacht d’fhonn an beartas a chur i bhfeidhm. Bhain líon deacrachtaí eile le ceisteanna níos leithne, amhail inmharthanacht agus inbhuanaitheacht san earnáil agus ceapadh go mbeidh na moltaí sin níos ábhartha i gcomhthéacs na Straitéise do Sheirbhísí Craolacháin de chuid an BAI.

D’aineoinn an méid sin, cuireann an BAI fáilte roimh aon aighneacht ar na codanna go léir sa dréachtbheartas. Chun na críche sin, iarann an BAI freagraí ar cheisteanna sonracha. Thairis sin, baineann na ceisteanna seo le réimsí nach bhfuil athrú déanta orthu sa bheartas nua. Tabharfaidh an BAI faoi deara gach aighneacht a fhaightear agus torthaí an chomhairliúcháin  a rinneadh leis na páirtithe leasmhara nuair a bheas cinntí á ndéanamh maidir le hábhar an bheartais chríochnúil.

Cuirfear san áireamh na haighneachtaí a fhaightear le linn an chomhairliúcháin phoiblí seo (in 2018) nuair atá cinntí á ndéanamh ag an Údarás i dtaca leis an mbeartas críochnúil atá le foilsiú sa chéad leath de 2019.

Aighneacht a dhéanamh

Iarrann an BAI ort aighneacht a dhéanamh le linn an phróisis chomhairliúcháin. Is féidir freagra ar aon cheist chomhairliúcháin, nó ar na ceisteanna go léir anseo. Ba cheart aighneacht a bheith curtha faoi bhráid an BAI faoin Dé Céadaoin, 30 Eanáir 2018 ar a dhéanaí. Glacfar le haighneachtaí tríd an rphost ag consultation@bai.ie agus í a sheoladh ar ais chuig:-

Comhairliúchán BAI ar Rialú agus Úinéireacht,
Údarás Craolacháin na hÉireann,
2 – 5 Plás Warrington,
Baile Átha Cliath,
D02 XP29.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn tríd an rphost ag consultation@bai.ie  nó ar an nguthán ag (01) 6441200, má tá aon cheist faoi aon chuid den bpróiseas comhairliúcháin.

Foilsiú na nAighneachtaí

Foilseofar na haighneachtaí a fhaightear i leith an chomhairliúcháin seo ar www.bai.ie i ndiaidh don BAI an beartas críochnaitheach maidir le Rialú agus Úinéireachta a fhoilsiú. D’fhéadfadh foilsiú na n-aighneachtaí nó cuid dóibh brath ar an bhfaisnéis laistigh dóibh, is é sin, faisnéis phearsanta nó íogair, nó aon eolas a tugadh go rúnda, i gcomhréir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus na hAchtanna agus na Rialacháin um Chosaint Sonraí.

Saoráil Faisnéise

Déanfaidh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) sár-iarracht aon fhaisnéis a sholáthraítear dó a choinneáil faoi rún i gcomhréir lena chuid dualgas dlithiúil, lena n-áirítear an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014. Ba cheart a chur in iúl don BAI agus tú ag cur aighneacht faoinár mbráid, mura mian leat go nochtfar aon chuid den fhaisnéis i d’aighneacht mar gheall ar chúinsí pearsanta nó íogair. Ba cheart na cúiseanna atá ag dul leis an toil seo a léiriú freisin. Rachaidh an BAI i gcomhairle leat maidir leis an bhfaisnéis íogair sula ndéanfar aon chinneadh faoi aon iarratas Shaoráil Faisnéise a fhaightear.

Cosaint Sonraí

Comhlíonfaidh Údarás Craolacháin na hÉireann a ndualgais i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (arna leasú) agus i gcomhréir le haon dlí nó rialachán iomchuí eile.

1. Réamhrá.

Soláthraíonn an chuid seo den bheartas comhthéacs níos leithne do rialacháin an BAI. Sonraítear na cineálacha conarthaí craolacháin a chlúdaítear sa bheartas agus tugtar léirmheas ar ábhar an bheartais freisin. Níl aon cheist chomhairliúcháin sa chuid seo. Má tá aon tuairim agat i leith na coda seo is féidir í a nochtadh agus tú ag tabhairt freagra ar an gceist chomhairliúchán deiridh.

Dearadh beartas an BAI maidir le Rialú agus Úinéireacht (2018) (“an Beartas”) chun forbairt leanúnach earnáil craoltóireachta atá inbhuanaithe agus ilchineálach a éascú, earnáil a bhfuil iolracht úinéireachta mar chuid lárnach di. Dearadh an beartas freisin d’fhonn soiléireacht agus cinnteacht a thabhairt maidir le cur chuige i leith rialuithe san earnáil gur chóir glacadh leis agus na rialacha a chuirfear i bhfeidhm mar thoradh air an méid sin. Ar an iomlán, creideann an tÚdarás go gcaitheann an Beartas seo go cothrom leis na riachtanais atá ag earnáil dúchasach atá i mbun fáis i gcónaí agus riachtanais an BAI chun iolracht úinéireachta a chinntiú. Leagtar síos gealltanas an BAI i leith iolracht i Ráiteas Straitéise an BAI 2017-2019, is iad sin cur chun cinn iolracht glóire, dearcthaí agus foinsí sna meáin Éireannacha mar chroí-spriocanna misean.

Úsáidfidh an BAI an Beartas seo chun gnéithe úinéireachta agus rialuithe na n-iarratas ar cheadúnais agus chun iarratais ar dhifríochtaí do chonarthaí a mheas mar aon le haon deacracht i leith comhlíonadh na gconarthaí sin. Chun na críche sin, baineann an  Beartas le conarthaí a bronnadh de bhun na hailt seo a leas den Acht Craolacháin 2009: Alt 63 agus Alt 64 (Conarthaí Craoltóireachta Fuaime); Alt 70 (An Conradh Seirbhíse Clár Teilifíse Náisiúnta); Alt 71 (Conarthaí Soláthair Lánais), agus; Alt 131 (Conarthaí Ilphléacs).

Tá an Beartas roinnte ina thrí chodanna. I gCuid 2, déantar achoimre ar an gcúlra reachtúla agus beartais atá mar bhunchloch ar na forálacha beartais. Cur síos ar spriocanna an bheartais atá i gCuid 3. Léiríonn Cuid 4 na sainmhínithe eochracha agus na téarmaí a úsáidtear le linn cur i bhfeidhm an Bheartais. Ar deireadh, i gCuid 5, gheofar forálacha na beartais sonracha a chuirfidh an BAI i bhfeidhm agus ceisteanna úinéireachta agus rialuithe á meas aige.

2. Cúlra Reachtaíochata agus Beartais.

Soláthraíonn an chuid seo den bheartas an comhthéacs reachtach agus polasaí don bheartas agus tagraíonn sí do thrí dhoiciméid ar leith – an tAcht Craolacháin 2009, an tAcht um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí 2014 agus Ráiteas Straitéise an BAI (2017-2019). Níl aon cheist chomhairliúchán sa chuid seo. Má tá aon tuairim agat i leith na coda seo is féidir í a nochtadh agus tú ag tabhairt freagra ar an gceist chomhairliúchán deiridh.

Is iad an tAcht Craolacháin 2009, an tAcht um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí 2014,  Ráiteas Straitéise an BAI 2017-2019 agus Stráitéis Seirbhísí Craoltóireachta an BAI (2018) mar thacaíocht ag an mBeartas seo.

1. An tAcht Craolacháin 2009

Soláthraíonn Acht 2009 creatlach reachtúil d’fhonn ceadúnú agus rialú seirbhísí craolacháin agus ilphléacs in Éirinn. Faoin Acht sin, bunaíodh an BAI chun ábhar a rialú thar ceann na seirbhísí craolacháin ar fad in Éirinn. Leagtar síos ann réimse spriocanna ginearálta agus sonracha don BAI, ina measc siúd; soláthar seirbhísí craolacháin oscailte agus iolracha a chinntiú . Lena chois sin, léirítear san Acht an réimse conarthaí gur féidir leis an BAI glacadh leo agus leagtar síos creat reachtach d’fhonn na conarthaí seo a bhronnadh agus a oibriú.

2. An tAcht um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí 2014

Sonraíonn an tAcht um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí 2014 na forálacha reachtúla maidir le rialú ar chumasc meáin ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí agus an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

Bronnann Acht 2014 feidhmeanna agus oibleagáidí breise agus nua ar an BAI. Ina measc siúd; comhairle a chur ar an Aire maidir le tionchar chumasc meáin molta ar iolracht sa Stát, má iarrtar é sin; tabhairt faoi athbreithniú ar impleachtaí an athruithe úinéireachta ar iolracht thar thréimhse 3 bhliana agus tuairisc a chur faoi bhráid an Aire ina leith; agus gníomhaíochtaí ar an iolracht a choimisiúnú agus/nó a chur i gcrích.. Thairis sin, nuair a dhéanann Aire machnamh faoi chumasc meáin beidh meas aige ar chinntí a tógadh faoi Bheartas an BAI maidir le Rialú agus Úinéireachta.

Leagtar síos ról an BAI maidir le cumaisc mheáin go sonrach in Alt 4 den Acht um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí 2014.[1]

[1] Tá cóip den Acht ar fáil ag: https://www.oireachtas.ie/ga/bills/bill/2014/21/. Baineann Alt 4 den Acht le cumaisc meáin agus ról an BAI. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil: https://www.dccae.gov.ie/ga-ie/communications/topics/broadcasting-media/media-mergers/pages/media-mergers.aspx

3. Ráiteas Stráitéise an BAI 2017-2019

Is téama lárnach é an t-iolracht a chur chun cinn i Stráitéis reatha an BAI agus tugtar feidhm don méid sin trí líon spriocanna straitéiseacha a lua. Ina measc siúd; cruthú agus cur i bhfeidhm beartais, cóid agus nósanna imeachta a thacaíonn leis an iolracht ó thaobh glóire, dearcthaí agus foinsí de agus a chuireann an t-iolracht chun cinn. Sa Straitéis, leagtar síos na ceithre spriocanna sonracha a leanas:- 

  • Meascán de ghlóir, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha sna meáin chlosamhairc a sholáthar d’fhonn díospóireacht dhaonlathach agus rannpháirtíocht gníomhach i saol an saoránaigh Éireannaigh a fheabhsú in Éirinn;
  • Líon na n-ábhar cultúrtha closamhairc ábhartha a léirítear agus a chuirtear ar fáil do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann, a mhéadú.
  • Ábhair ar ardchaighdeán i nGaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn; agus
  • Tírdhreach meáin a thógáil a théann i bhfeidhm ar agus a sheasann do shochaí ilghnéitheach Éireannach.

Le chois sin, cuireann ráiteas Straitéise an BAI béim ar thábhacht na hinbhuanaitheachta earnála. Léirítear an méid sin trí ghealltanas an BAI obair leis na páirtithe leasmhara d’fhonn breis inbhuanaitheachta a chinntiú d’earnáil chlosamhairc na hÉireann.

Is ráiteas lárnach é Beartas an BAI maidir le Rialú agus Úinéireacht 2018 d’fhonn na spriocanna straitéiseacha seo a bhaint amach.

4. Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin an BAI 2018

Is éard atá i Straitéis an BAI maidir le Seirbhísí Craolacháin 2018, gealltanas chun inbhuanaitheacht na hearnála craolacháin neamhspleách a éascú san fhadtéarma, an t-iolracht a spreagadh agus tacú le ilghnéitheacht do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann, i nGaeilge mar aon leis an mBéarla, agus tacú le hinniúlacht agus le forbairt na hearnála, don am i láthair agus don todhchaí. Anuas ar na spriocanna seo, tá sé mar aidhm ag an Straitéis éagsúlacht tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha sna meáin chlosamhairc a sholáthar agus tacú le gealltanas an BAI obair le sciarshealbhóirí chun níos mó inbhuanaitheachta a bhaint amach.

Beidh an Straitéis seo mar theoir do phleananna ceadúnais an BAI sna blianta amach romhainn agus mar aon leis an mBeartas maidir le Rialú agus Úinéireacht, beidh sí mar áis i leith na hinbhuanaitheachta agus an iolrachta a bhaint amach sna meáin Éireannacha.

3. Spriocanna Beartais.

Níl mórán éagsúlachtaí idir an chuid seo den bheartas agus na rialacháin reatha. D’ainneoin sin, baineann athrú suntasach le sprioc beartais a chuimsiú, sprioc a dhearbhaíonn tacaíocht d’inmharthanacht seirbhísí craolacháin aonair agus na hearnála craolacháin ina hiomláine mar sprioc nua iomchuí. Léirigh na craoltóirí a bhí rannpháirteach leis an gcomhairliúchán dírithe gur chóir níos mó béime a leagan ar cheisteanna a bhaineann le hinmharthanacht agus le hinbhuanitheacht sa bheartas. Bhí an BAI ar aon tuairim leis an dearcadh seo agus athraíodh an beartas dá réir. Léirítear an cheist seo freisin sna forálacha beartais a leagtar amach i gCuid 5 den bheartas seo. Léiríonn na spriocanna an tábhacht a bhaineann le cur chun cinn na hiolrachta úinéireachta agus ábhair. Cé go bhfuil an éagsúlacht mar bhunchloch ag fís an bheartais reatha, níor léiríodh an méid sin sna spriocanna beartais reatha. Téann an dréachtbheartas athbhreithnithe i ngleic leis seo.

Glacann an BAI leis go bhfuil ocht spriocanna beartais mar spriocanna ábhartha don mBeartas seo. Tá na spriocanna beartais bunaithe ar an gcúlra reachtach agus beartais a leagtar síos i gCuid 2. Tugann na spriocanna seo comhthéacs uilíoch d’fhorbairt agus do chur i bhfeidhm an Bheartais mar aon leis na moltaí i leith measúnú ar rialú agus ar úinéireacht. Soláthraíonn na spriocanna creatlach chun tacú leis an BAI déileáil le dúshláin a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn dóibh bheith ag éisiúint ceadúnais nó coinneáil suas le forbairtí maidir le rialú agus úinéireacht san earnáil chraolacháin.

Seo a leanas na spriocanna beartais:

  1. Seirbhísí craolacháin oscailte agus iolracha a spreagadh, agus tagraítear anseo do sheirbhísí raidió agus teilifíse go sonrach;
  2. Tacú le hinmharthanacht na seirbhísí craolacháin agus le hinbhuanaitheacht níos mó don earnáil chraolacháin ar an iomlán;
  3. Cinntiú gur ionann an mana atá ag seirbhís chraolacháin agus freastal ar riachtanais a lucht féachana/éisteachta ar an mbealach is fearr, mar a tugadh ceadúnas don tseirbhís sin déanamh amhlaidh;
  4. Cuir le cur chun cinn na hilghnéitheachta trí rialú a dhéanamh ar na seirbhísí craolacháin mór le rá agus ar na seirbhísí craolacháin pobalbhunaithe;
  5. A chinntiú gur ag daoine a bhfuil dea-cháil orthu agus ag a bhfuil an saineolas, an taithí agus na foinsí airgeadais cuí, aon chonradh craoltóireachta agus ilphléacs;
  6. Éagsúlacht tuairimí, dearcthaí agus foinsí, is é sin, éagsúlacht sna tuairimí a chuirtear i láthair, trí sholáthar cláracha agus ábhar na gcláracha, trí úinéireacht agus trí na foinsí eolais atá ar fáil don phobal i gcoitinne;
  7. Seasamh leis na luachanna daonlathacha a shonraítear i mBunreacht na hÉireann, ach go háirithe na luachanna a thagraíonn do shaoirse tuairimí a chur in iúl, agus;
  8. Tacú le timpeallacht rialuithe a bhaint amach a chinnteoidh go mbeidh iriseoireacht neamhspleách agus neamhchlaonta ann.
Tuilleadh

4. Mínithe reachtúla agus brí na neocharthéarmaí da dtagraítear sa bheartas.

Tá tromlach na mínithe reachtúla atá sa leagan reatha den bheartas anois ar fáil in Aguisín d’fhonn an doiciméad a dhéanamh níos inléite agus d’fhonn an bhéim chuí a chur ar théarmaí agus a mbríonna, téarmaí atá tábhachtach do chur i bhfeidhm an bheartais.  Chun na críche sin, cuirtear béim ar bhrí reachtúil an téarma ‘meán cumarsáide’. Déantar an méid sin mar gheall ar a thábhachtach is atá an téarma áirithe seo le linn an phróisis chinnteoireachta.

D’aineoinn nach bhfuil aon mhíniú reachtúil ann do na téarmaí ‘rialú’, ‘ceannas’ agus ‘leas substaintiúil’ (téarmaí a úsáidtear i gcomhthéacs dlús meáin a mheas), ní mór don BAI a bhrí féin a thabhairt do na téarmaí seo. Tugtar brí do na téarmaí seo sa leagan reatha den bheartas agus iarradh tuairimí maidir leis na bríonna sin mar chuid den chomhairliúchán dírithe. Rinneadh réimse moltaí maidir leis an mbealach is fearr chun na téarmaí seo a leasú. Bhí cuid de na moltaí siúd réasúnta, ach chinn an BAI gan na bríonna reatha a leasú. Rinneadh an cinneadh seo mar gur léiríodh méid tacaíochta sásúil dona bríonna reatha, mar gur thacaigh athruithe molta a rinneadh le linn an chomhairliúcháin dhírithe leis an gcur chuige solúbtha i leith brí na dtéarmaí seo agus mar nach bhfuil aon deacracht tagtha chun cinn agus na téarmaí seo á n-úsáid i gcleachtas. Is é dearcadh an BAI go bhféadfadh deacrachtaí eascairt as ceisteanna a bhaineann le rialú agus le leasanna substaintiúla agus d’fhéadfadh seo baint ar chomhthéacs. Léiríonn an cur chuige reatha gur féidir déileáil leis na deacrachtaí seo i gcleachtas. D’aineoinn sin, cuireann an BAI fáilte roimh aon dearcadh breise agus beidh aird aige ar an dearcadh sin ar an gceist seo a sholáthraítear mar chuid den chomhairliúchán.

Anuas air sin, d’iarr na rannpháirtithe ón gcomhairliúchán dírithe go dtabharfaí tuilleadh sonraí sa bheartas ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm na téarmaí i gcleachtas. Tugann an BAI faoi deara go bhfuil treoir ar fáil cheana a mhíníonn cén chaoi gur chóir an beartas a chur i bhfeidhm agus tugann sé faoi deara freisin gur féidir tola na rannpháirtithe a shásamh trí theoir nuashonraithe a eisiúint, seachas trí athrú a dhéanamh ar fhorálacha an bheartais.

Luaitear líon mínithe reachtúla ábhartha in Acht 2009 dá dtagraítear sa Bheartas seo. Anuas air sin, bhí ar an BAI a bhrí a thabhairt don líon téarmaí a luaitear san Acht sin d’fhonn cloí lena riachtanais reachtúla. I ngach cás, úsáideann an BAI na mínithe agus na téarmaí chun critéir i leith cinntí a thógáil a leagan síos chun feidhm a thabhairt do na cinntí sin i gcleachtas. Leagtar síos na mínithe reachtúla sin anois agus ansin soláthraítear an brí a thugann an BAI do théarmaí dá dtagraítear san Acht; is téarmaí iad sin nach mínítear laistigh den Acht féin.

Mínithe Reachtúla

Luaitear líon mínithe reachtúla ábhartha don Bheartas seo in Acht 2009. Soláthraítear na sainmhínithe reachtúla a leanas in Aguisín 2:- Craoladh; Craoltóir; Conradh Craolacháin; Seirbhís Chraolacháin; Conradh Soláthair Lánais; Líonra Cumarsáide Leictreonach; Ilphléacs; Conraitheoir Ilphléacs; Seirbhís Chraolacháin Fuaime; Raidió-Theileagrafaíocht.

Anuas air sin, luaitear míniú reachtúil uilíoch a thugann brí don téarma ‘meáin chumarsáide’ chun críche teorannacha agus tairsigh rialuithe agus úinéireachta a mheas. Tá ról tábhachtach ag an míniú seo agus beartais an BAI á meas.

Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn ‘Meáin Chumarsáide’:-

(a) Soláthar seirbhís chraolacháin,

(b) Soláthar ardán do sheirbhísí craolacháin, nó

(c) Foilsiú nuachtáin nó irisí a bhfuil an nuacht agus tráchtaireacht ar chúrsaí reatha mar chuid shubstaintiúil díobh.

Brí na nEocharthéarmaí

D’fhonn cloí lena riachtanais reachtúla maidir le rialú agus úinéireacht, ní mór don BAI a bhrí a thabhairt do na téarmaí dá tagraítear in Acht 2009. Chun na críche sin, leagtar síos an bealach a thabharfaidh an BAI a bhrí do na coincheapanna ‘Rialú’, ‘Ceannas’ agus ‘Leas substaintiúil’ sa reachtaíocht anseo thíos.

Tugtar na bríonna seo d’fhonn cruinneas a chinntiú mar gheall ar na fachtóirí éagsúla a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le rialú agus úinéireacht, mar shampla is féidir le duine ceannas a fháil ar eintiteas fiú mura bhfuil tromlach sciaranna an eintitis sin ina sheilbh aige. Díríonn brí na dtéarmaí ‘Rialú’, ‘Ceannas’ agus ‘Leas substaintiúil’ ar aschur cláracha go príomha agus léiríonn siad príomhspriocanna an BAI i gcomhréir leis an gcúram reachtúil atá aige, is é sin, clár ábhair a rialú, éagsúlacht tuairimí, dearcthaí agus foinsí a chur chun cinn agus as sin réimse leathan cláracha ar ardchaighdeán a sholáthar don lucht féachana/éisteachta ó réimse leathan foinsí. 

Ciallaíonn “Rialú” agus “Ceannas” duine aonair nó eintiteas dlíthiúil a fhéadann, de bharr a staid dílsithe, airgeadais nó i dtéarmaí cearta vótála, beartas an chomhlachta i leith aschur cláracha a shocrú nó a stiúradh; is é sin teacht ar chláracha agus léiriú, soláthar nó seachadadh na gcláracha sin chuig an lucht féachana/éisteachta.

Tagraíonn “Leas substaintiúil” do dhuine aonair nó eintiteas dlíthiúil, a fhéadann, de bharr a staid dílsithe, airgeadais nó cumhacht vótála laistigh de chomhlacht nó cuideachtaí ábhartha, tionchar díreach nó indíreach ar threo straitéiseach nó ar bheartas (beartas eagarthóireachta san áireamh) an chomhlachta (na gcuideachtaí) sin a bheith aige go pointe suntasach i leith aschur cláracha, is é sin, teacht ar chláracha, léiriú, soláthar nó seachadadh na gcláracha sin chuig an lucht féachana/éisteachta. 

Treoir maidir le Leasanna substaintiúla

Is é dearcadh an BAI, nach ionann ‘méid beag scaireanna’ a bheith ag duine aonair nó eintiteas dlíthiúil agus leas substaintiúil bheith aige. Baineann an dá chritéir seo a leanas le méid beag scaireanna:-

  1. Is ionann líon na vótaí a fhéadann an sealbhóir caithimh ag cruinniú ginearálta den chomhlacht agus nach mór 10% ar a mhéid, de na vótaí uile a fhéadtar caithimh ag an gcruinniú sin;
  2. Is ionann luach ainmniúil na scaireanna atá ag an sealbhóir agus nach mór 10%, ar a mhéid, de luach ainmniúil de scairchaipiteal eisithe uile an chomhlachta.

D’fhéadfadh an BAI scairsheilbh nach sásaíonn na critéir thuas .i. “scairsheilbh mhór”, a mheas mar leas substaintiúil. Measfaidh an BAI ar bhonn cás aonair, an suim shubstaintiúil í scairsheilbh mhór agus tagairt á déanamh aige do struchtúr ginearálta na scairsheilbheanna an chomhlachta atá á mheas. (Más scaireanna in-chomhshóite atá i gceist, déanfar na tástálacha a leagtar amach thuas ar an mbonn nár tharlaigh aon chomhshó agus ar bhonn comhshó measta)

Tuilleadh

5. Forálacha Beartais.

Sonraíonn an chuid seo den bheartas na forálacha a chuirfidh an BAI i bhfeidhm i gcomhthéacs ceisteanna a bhaineann le rialú agus le húinéireacht a mheas nuair a thagann siad chun cinn le linn an phróisis cheadúnaithe nó nuair a iarrann conraitheoir go n-athrófaí stádas rialaithe nó úinéireacht seirbhís craolacháin. D’fhéadfadh cuid de na forálacha bheith iomchuí, nó d’fhéadfaidís uilig bheith iomchuí ag brath ar an athrú atá le déanamh. Tá réimse tástálacha mar chuid de na forálacha beartais. Cuirfidh an BAI na tástálacha seo i bhfeidhm sula ndéanfar aon chinneadh. Cuirfear i bhfeidhm na tástálacha seo ar bhonn cás ar chás agus déanfar cinntí d’fhonn spriocanna an bheartais, mar a leagtar amach thuas iad, a bhaint amach. Thairis sin, beidh aird ag an BAI ar a ndualgais reachtúla agus straitéiseacha ar bhonn níos leithne agus an chaoi a bhaineann siad leis an iolracht sna meáin.

Cuireadh foráil nua amháin leis an dréachtbhertas agus baineadh amach dhá fhoráil atá sa bheartas reatha. 

Cuireadh foráil nua chun déileáil le ceisteanna inmharthanachta agus inbhuanaitheachta sa dréachtbheartas. Pléitear an méid seo go sonrach i gCuid 5.3 thíos. 

Tá forálacha a dhéileálann le ‘conarthaí a bhronnadh’ agus le ‘comharthaí nithiúla na héagúlachta’ sa bheartas reatha. Moltar na forálacha seo a bhaint. Cuireann an fhoráil reatha, a dhéileálann le ‘conarthaí a bhronnadh’ srian ar athruithe úinéireachta do chonarthaí craolacháin fuaime nua agus an tseirbhís teilifíse arna ceadúnú de réir Alt 70 (is ag Virgin Media atá an ceadúnas reatha). I bhfianaise aibíocht na hearnála craolacháin, agus ag tabhairt i gcuntas cearta réadmhaoine na scairshealbhóirí agus na hathruithe do mhargadh na meán ar bhonn níos leithne, is é tuairim an BAI nach bhfuil gá leis na srianta seo a thuilleadh. Tá an BAI den bharúil freisin gur leor na forálacha beartais eile; na forálacha leasuithe ar chlár ábhair agus na téarmaí do chonarthaí craolacháin ina measc, d’fhonn ardchaighdeán an phróisis cheadúnaithe a chinntiú agus a chothabháil i ndiaidh aon chonradh a bhronntar.

Maidir leis an gcuid a bhaineann le ‘comharthaí nithiúla na héasúlachta’, cuireadh an méid seo leis an mbeartas reatha mar bhítí ag súil le reachtaíocht nua ar chónascadh meáin (tugadh isteach an reachtaíocht ina leith in 2014). Luaitear sa bheartas reatha go ndéanfaidh an BAI a mhachnamh faoi fhéidearthachtaí comharthaí nithiúla na héagsúlachta laistigh d’eagraíochtaí meáin a chur lena Bheartas maidir le Rialú agus Úinéireachta. 

Is é tuairim an BAI go léirítear comharthaí nithiúla na héagsúlachta sa phróiseas ceadúnaithe, i gcodanna éagsúla den bheartas, le linn athbhreithnithe feidhmíochta agus trí ghnímh eile, ar nós Plean Gnímh an BAI i leith Comhionannais  Inscne. Ar bhonn níos ginearálta, foilseoidh an BAI Beartas i leith na hIolrachta sna Meáin in 2019 agus nascfar gníomhaíochtaí iolraíocha an BAI sna meáin in aon bheartas amháin, beartas a phléann ceisteanna a bhaineann leis an éagsúlacht úinéireachta agus ábhair. 

Moltar an fhoráil a bhaint den bheartas i ngeall ar na cúiseanna seo. Tugann an BAI faoi deara freisin go bhfuil an chuid seo den bheartas reatha féinmhínitheach agus nach raibh aon fheidhm phraiticiúil léi chomh fada is a bhain sí le hathruithe ar úinéireacht agus ar rialú a mheas. Mar sin de, ní bheidh aon tionchar ag an athrú seo ar chur i bhfeidhm an bheartais.

Roinntear sonraí an Bheartais sna codanna seo a leanas: –

5.1 – Carachtar, Saineolas agus Taithí;

5.2 – Acmhainní Airgeadais;

5.3 – Inmharthanacht agus Inbhuanaitheacht Earnála;

5.4 – Líon as cuimse de sheirbhísí craolacháin fuaime;

5.5 – Líon as cuimse de sheirbhísí craolacháin fuaime i limistéar sonraithe;

5.6 – Líon as cuimse de mheáin chumarsáide i limistéar sonraithe;

5.7 – Cláir;

5.8 – Eintitis nach eintitis den AE iad.

Úsáidfidh an BAI na forálacha beartais seo chun rialú agus úinéireacht in iarratais agus chun iarratais ábhartha ar aon athrú i sonraí conarthaí a mheas agus chun déileáil le haon deacracht i leith cloí le dualgais conarthaí.

Tuilleadh

5.1 Carachtar, Saineolas agus Taithí.

Léiríonn Cuid 5.1 den bheartas dualgas an BAI chun ceisteanna a chur a bhaineann le carachtar, saineolas agus taithí daoine aonair/eintitis dlíthiúla, mar iarratasóirí nua ar cheadúnas nó mar dhaoine aonair/eintitis dlíthiúla atá ag éileamh athruithe ar stádas úinéireachta nó rialaithe seirbhís craolacháin. Níl go leor idir na dréachtmholtaí agus an beartas reatha. D’ainneoin sin, moltar líon áirithe athruithe. 

Sa chaoi seo, cuirtear i bhfeidhm na tástálacha carachtar sa bheartas seo i gcás Stiúrthóirí, lucht bainistíochta arna n-údarú ag an BAI agus sciarshealbhóirí a bhfuil leas substaintiúil nó ceannas acu, i gcomhréir le brí na dtéarmaí sin. Coinnítear na tástálacha carachtar sa dréachtbheartas seo i gcás sciarshealbhóirí a bhfuil leas urlámhais nó leas substaintiúil acu agus i gcás Stiúrthóirí. Thairis an méid sin, ní cheadaítear tástáil a dhéanamh ach amháin i gcás Stiúrthóirí Cláracha agus Príomhfheidhmeannaigh Airgeadais, is é seo an staid reatha. Molann an BAI an liosta giorraithe seo i bhfianaise aibíocht na hearnála craolacháin agus mar tá sé tábhachtach an t-ualach riaracháin a laghdú. D’ainneoin sin, leis an mbeartas seo tá sé de rogha ag an BAI carachtar poist bainistíochta eile a chíoradh ar bhonn cás ar chás. D’fhéadfadh a leithéid tarlú, má thagann athrú suntasach ar úinéireacht nó ar cheannas eagraíochta, cur i gcás, nuair a thagann grúpa seirbhísí nó páirtí leasmhar an-suntasach faoi úinéireacht nua.

I gcomhréir leis na tástálacha sonracha a leagtar síos i gcuid 5.1.1, tá leasú déanta ar an gcéad tástáil a dhéileálann le cionta coiriúla; ní chuirtear “ciontuithe spíonta” san áireamh a thuilleadh. Rinneadh leasú ar an méid seo d’fhonn taithí an BAI ó bheith ag cur an bheartais i bhfeidhm a thabhairt i gcuntas agus d’fhonn teacht leis an reachtaíocht nua a dhéileálann le ciontuithe spíonta – an tAcht um Cheartas Coiriúil (Ciontuithe Spíonta agus Nochtadh Áirithe) 2016.

Chomh maith leis sin, soiléirítear sa dréachtbheartas nach mbeidh iarratasóir dícháilithe ar an bpointe, má theipeann air i dtástáil carachtair (i gcás iarratas ar cheadúnas) agus ní dhiúltófar d’iarratais i leith athruithe úinéireachta nó rialuithe. Cé gur seo an cleachtas reatha, léiríodh le linn an chomhairliúcháin dhírithe go raibh neamhchinnteacht ann i measc roinnt sciarshealbhóirí maidir le teip a fháil a dtástálacha carachtar agus an tionchar a bheadh aige sin ar chinntí an BAI. Cé go bhféadfaí diúltú d’iarratais bunaithe ar an méid seo, tá soiléiriú déanta sa bheartas a léiríonn nach bhfuil sé cinnte go dtarlódh a leithéid de dheasca teip a fháil i dtástáil. 

Tá an BAI ag lorg tuairimí maidir le cionta eile a chur leis an tástáil carachtar, luaitear calaois nó mí-ionracas cheana féin agus ba mhaith leis an BAI fáil amach ar chóir drochchinntí i leith comhlachtaí sibhialta/poiblí, nach cionta coiriúla iad, a chur san áireamh. 

Ní mholann an BAI aon athrú d’fhorálacha i leith Saineolais agus Taithí a mheas sa bheartas.

Faoi Acht 2009, ní mór don BAI, ag é ag bronnadh conarthaí craolacháin nó ilphléacs áirithe, meas a bheith aige ar:

“charachtar, saineolas agus taithí iarrthóra nó, más comhlacht corparáideach an t-iarrthóir; a charachtar, saineolas agus taithí siúd agus a chuid stiúrthóirí, a bhainisteoir, rúnaí nó oifigeach comhionann eile agus a mball agus na páirtithe atá i dteideal úinéireachta tairbhiúil a bheith acu ar scaireanna an chomhlachta sin.”[1]

Measúnaithe ar Charachtar

Trí mheasúnú a dhéanamh ar charachtar iarrthóra, cuirfidh an BAI an gnáth-bhrí atá ag an bhfocal sin agus tabharfaidh sé faoi deara go sonrach, an duine ceart agus cuí an t-iarrthóir conradh craolacháin, soláthar ábhair nó ilphléacs (de réir mar is cuí) a bheith aige de réir forálacha ailt 66 nó 137 den Acht (de réir mar is cuí) agus i gcomhthéacs cloí le haon fhoráil reachtúil nó rialaithe ábhartha eile.

Anuas ar na tástálacha carachtar seo a dhéantar ag céim an iarratais, déanfaidh an BAI na tástálacha seo a chur san áireamh mar ghnáthchleachtas, mar chuid dá athbhreithnithe ar sheirbhísí craolacháin tráchtála agus nuair a bheith moltaí á meas aige i leith athruithe d’úinéireacht agus do rialú conraitheoirí. Cuirfear na tástálacha san áireamh i gcás na bpost seo a leanas atá údaraithe ag an Údarás:-

  • Stiúrthóirí;
  • An Príomhfheidhmeannach;
  • An Rúnaí;
  • Scairshealbhóirí a bhfuil scairsheilbheanna acu a aithnítear mar leas substaintiúil, nó ceannáras.

Beidh sé de cheart ag an Údarás tástálacha carachtair a dhéanamh do phoist eile mar chuid d’iarratas nó i gcomhthéacs athruithe úinéireachta agus/nó rialuithe.

[1] Ailt 66(2)(a) agus 137(2)(a) den Acht. Ní leagtar síos aon fhoráil shonrach maidir le carachtar, saineolas nó taithí na sealbhóirí conarthaí soláthair san Acht. D’aineoinn an méid sin, mar chuid dá pholasaí, leanfaidh an BAI le nós a bharúil thabhairt i leith charachtair aon iarrthóra nuair a dhéanann sé iarratais do chonarthaí roinn 71 agus roinn 72 i leith soláthar ábhar.

Tástálacha carachtair a d’fhéadfadh an BAI a dhéanamh

Déanfaidh an BAI na seacht dtástálacha a leanas i dtaca le carachtar:-

  1. Ar ciontaíodh an t-iarratasóir de bharr chion a bhaineann le caimiléireacht nó le mí-ionracas (ní chuirtear aon ‘chiontú as feidhm’ san áireamh)?
  2. Ar cuireadh srian ar an iarratasóir mar Stiúrthóir Cuideachta, ar dícháilíodh é nó ar cúisíodh é as cionn faoi Acht na gCuideachtaí 2014 sa dlínse seo nó faoi reachtaíocht chomhionann in aon dlínse eile?
  3. Ar fógraíodh ina fhéimheach nó dócmhainneach an t-iarratasóir riamh, nó an ndearna an t-iarratasóir aon socrú ar bhonn deonach le creidiúnaithe nó ar ceapadh glacadóir d’aon cheann dá shócmhainní sa dlínse seo nó in aon dlínse eile, riamh?
  4. An raibh an t-iarratasóir ina stiúrthóir ar chomhlacht ar ar ceapadh glacadóir, nó ar scaoileadh chun leachtú, leachtú deonach creidiúnaithe, scrúdúthóireachta é nó a ndearna aon socrú lena chuid creidiúnaithe nó rang de chreidiúnaithe?
  5. Ar ciontaíodh an t-iarratasóir as cion faoi aon reachtaíocht a dhéanann rialáil ar Theileagrafaíocht Chraolacháin agus/nó Gan Srian sa dlínse seo nó in aon dlínse eile?
  6. Ar cuireadh ar fionraí nó ar ceal aon cheadúnas nó conradh a d’eisigh foras ceadúnaithe craolacháin nó aon fhoras reachtúil eile sa dlínse seo nó in aon dlínse eile? 
  7. An bhfuil aon chúis eile ar eolas ag an iarratasóir nach mbeadh sé ceart nó cuí, conradh a bhronnadh air?

Ba cheart do dhaoine aonair, conraitheoirí agus aon pháirtí leasmhar eile tabhairt faoi deara nach ionann teip sna tástálacha thuas agus dícháiliú iarrthóra nó diúltú d’iarratas chun úinéireacht agus rialú a athrú. Cuirfidh BAI san áireamh an fhaisnéis go léir a sholáthraítear mar aon le aon soiléiriú a fhaightear ina dhiaidh sin, de réir mar is cuí.

Measúnú Saineolais agus Taithí

Anuas ar mheasúnú charachtar, déanfaidh an BAI tástálacha i dtaca leis an taithí agus an saineolas atá ag iarratasóirí. Mar aon leis na tástálacha seo a bheith curtha i bhfeidhm ag céim an iarratais, déanfaidh an BAI na tástálacha seo do sheirbhísí craolacháin tráchtála/pobalbhunaithe mar ghnáthchleachtas le linn athbreithnithe comhlíonta agus le linn iarratais i leith athruithe d’úinéireacht agus do rialú conraitheoirí, a mheas.

Tástálacha Saineolais agus Taithí a dhéanann an BAI

Déanfaidh an BAI an dá thástáil saineolais agus taithí a leanas:-

  1. An bhfuil dóthain saineolais agus taithí ag bord stiúrtha an iarratasóra i dtaca leis an gconradh atáthar ag moladh?
  2. An bhfuil struchtúr bainistíochta an iarratasóra cuí agus an bhfuil dóthain taithí agus saineolais ag an mballraíocht agus ag an bhfoireann bhainistíochta i dtaca le nádúr an chonartha atáthar ag moladh?

Trí na tástálacha seo a dhéanamh, cíorfaidh an BAI an socrú molta i dtéarmaí na ndaoine aonair ábhartha laistigh den struchtúr, (e.g. an bhfuiltear ag brath an iomarca ar dhuine áirithe sa struchtúr corparáideach agus/nó bainistíochta), agus i dtéarmaí na ballraíochta ginearálta agus struchtúr an bhoird stiúrtha agus an fhoireann bhainistíochta (e.g. an bhfuil aon stiúrthóir neamhspleách ann?).

Creideann an BAI go bhfuil struchtúir a léiríonn dea-chleachtas i dtéarmaí an rialuithe chorparáidigh ríthábhachtach agus lárnach chun soláthar seirbhísí ar ardchaighdeán do lucht féachana/éisteachta a chinntiú.

Trí na tástálacha seo a dhéanamh, tabharfaidh an BAI aird ar an nádúr faoi leith atá ag an tseirbhís seo, e,g. go háitiúil, sa phobal, ilphléacs srl. I gcás na seirbhísí pobalbhunaithe, iarrann an BAI go n-éascaíonn agus go dtacaíonn na struchtúir úinéireachta agus bainistíochta le rannpháirtíocht ghníomhach ón bpobal ag gach uile leibhéal sa tseirbhís.

Ó thaobh comhdhéanamh agus struchtúrú eintitis de, ní dhéanann an BAI idirdhealú idir duine/daoine nádúrtha nó stádas corparáideach an iarratasóra, is é sin, an cineál eintitis dlíthiúil.

Tuilleadh

5.2 Acmhainní Airgeadais agus a mhéid a thagann an bheartas le dea-phrionsabail ghnó agus eacnamaíochta.

Níl aon athrú ar an gcuid seo den bheartas. Le linn an chomhairliúcháin dhírithe, léirigh roinnt freagróirí ón earnáil craolacháin pobail nach raibh an chuid seo ábhartha dá n-earnáil, is é sin, an earnáil neamhbhrabúis. Tá an BAI den bharúil, áfach, go soláthraíonn an chuid seo idirdhealú idir craoltóirí tráchtála agus pobail. Ar bhonn níos ginearálta, agus beag beann ar an gcineál seirbhís atá á soláthar, is é aidhm an tAcht Craolacháin 2009 agus an próiseas ceadúnaithe a dheimhniú go bhfuil maoiniú agus múnla gnó acu siúd a fhaigheann ceadúnais chun inmharthanacht agus inbhuanaitheacht na seirbhíse ceadúnaithe úd a chinntiú. I ngeall ar na cúiseanna seo, is é tuairim an BAI go bhfuil na forálacha reatha iomchuí.

Agus iarratais i leith bronnadh conarthaí á meas ag an BAI, de réir forálacha Alt 66(2) agus Alt 137(2) den Acht, ní mór don BAI meas a bheith aige ar:

“dhóthanacht na n-acmhainní airgeadais a bheas ar fáil do gach iarratasóir agus an méid a thagann an t-iarratas le dea-phrionsabail ghnó agus eacnamaíochta”.

I gcás na gConarthaí Craolacháin Fuaime Pobalbhunaithe agus na gConarthaí Soláthar Ábhar Pobalbhunaithe, ní mór don BAI bheith sásta nach bhfuil i gceist ag an gconraitheoir ach brabús airgeadais a dhéanamh a ionann an méid caiteachais atá ag an tseirbhís sin.

Seirbhísí Craolacháin Tráchtála (lena n-áirítear an conradh a sholáthraítear faoi Alt 70)[1]

Trí na forálacha thuas a chur i bhfeidhm, tabharfaidh an BAI i gcuntas an méid seo a leanas:-

  • An bhfuil acmhainní airgeadais sásúla ar fáil ag an iarratasóir agus an dtagann a chur chuige leis na dea-phrionsabail ghnó agus eacnamaíochta i dtaca le nádúr na seirbhíse atáthar ag moladh?

Seirbhísí Craolacháin Pobal

I gcás aon chonradh fuaime pobal nó aon chonradh soláthair lánais, beidh aird ag an BAI ar an méid seo a leanas:-

  • An méid a bhfuil an tseirbhís á feidhmiú ar bhonn neamhbhrabúis agus ag caomhnú a neamhspleáchas trí mhaoiniú a thuilleadh ó réimse leathan foinsí. Sa chomhthéacs sin, ní mór do sheirbhísí pobail a chinntiú gur ionann ioncam ón mhargaíocht agus ón urraíocht agus níos lú ná 50% d’ioncam uile na seirbhíse ar bhonn bhliantúil.

Craoltóirí atá ceadaithe de réir Alt 71 den Acht

Ní bhaineann an Roinn seo le conarthaí a bronnadh faoi Alt 71 den Acht.

[1] Is ag Virgin Media Television Limited atá an conradh seo faoi láthair.
Tuilleadh

5.3 Inmharthanacht agus Inbhuanaitheacht Earnála.

Dhírigh cuid mhór de na freagraí a fuarthas faoin mbeartas reatha i gcomhthéacs an chomhairliúcháin dhírithe ar cheisteanna a bhain le hinmharthanacht agus le hinbhuanaitheacht. Ceann de na phríomhmheicníochtaí a úsáideann an BAI chun a dhul i ngleic leis an ceisteanna sin is ea an Straitéis do Sheirbhísí Craolacháin. Is as an straitéis seo a eascraíonn pleananna ceadúnais. D’ardaigh craoltóirí deacrachtaí comónta a bhain le hinmharthanacht agus le hinbhuanaitheacht nuair a d’iarr siad athruithe úinéireachta agus do chlár-ábhair.

Ar an iomlán, léirigh an tuarascáil Mediatique, a d’fhoilsigh an BAI le linn athbhreithniú a dhéanamh ar an Straitéis do Sheirbhísí Craolacháin, go raibh deacrachtaí le hinmharthanacht agus le hinbhuanaitheacht. Moladh go dtabharfadh an BAI i gcuntas na deacrachtaí  seo ina bheartas maidir le Rialú agus Úinéireachta. Anuas air sin, léiríonn Ráiteas Straitéise an BAI 2017-2019, an Straitéis do Sheirbhísí Craolacháin agus an próiseas ceadúnais a tugadh faoi de réir Acht 2009 a thábhachtach is atá sé go bhfuil seirbhísí craolacháin inmharthana agus go maireann siad agus tríd is tríd go dtacaítear leis an earnáil craolacháin, ionas go bhfuil sí inbhuanaithe.

I bhfianaise an méid seo, moltar roinnt athruithe sa dréachtbheartas. Mar a thugtar faoi deara thuas, léirítear na ceisteanna seo sa dréachtfhorálacha beartais a leagtar amach i gCuid 3. Thairis sin, moltar dul i ngleic leis na ceisteanna seo trí fhoráil nua a chur sa bheartas, foráil a dhíríonn ar inmharthanacht agus inbhuanaitheacht na hearnála. Léiríonn an dréachtfhoráil i gCuid 5.3 go dtabharfaidh an BAI i gcuntas an méid a thacóidh le conraitheoir fanacht inmharthana agus/nó le hinbhuanaitheacht na hearnála, sa chás go bhfuiltear ag moladh athrú ar úinéireacht nó rialú. Anuas air sin, déanfar machnamh faoin ábharthacht an athraithe de réir na Straitéise do Sheirbhísí Craolacháin.

Léiríonn Ráiteas Straitéise an BAI 2017-2019, Straitéis an BAI maidir le Seirbhísí Craolacháin agus an próiseas ceadúnaithe a tugadh faoi i gcomhthéacs Acht 2009 an tábhacht a bhaineann le cinntiú gur seirbhísí craolacháin inmharthana agus iad na seirbhísí craolacháin agus go maireann siad mar sin agus ar bhonn níos ginearálta go dtacaítear le hinbhuanaitheacht na hearnála craolacháin.

I gcomhthéacs aon athruithe molta d’úinéireacht agus rialú seirbhísí craolacháin, beidh aird ag an BAI ar an méid seo a leanas:-

  • An méid a thacóidh aon mholadh i leith athruithe úinéireachta nó rialuithe do chonradh le inmharthanacht an chonraitheora.
  • An méid a thacóidh aon mholadh i leith athruithe úinéireachta nó rialuithe do chonradh le hinbhuanaitheacht na hEarnála Craolacháin ar an iomlán.
  • Oiriúnacht aon mholadh i gcomhthéacs na spriocanna agus na bhforálacha a leagtar síos i Straitéis an BAI maidir le Seirbhísí Craolacháin.
Tuilleadh

5.4 Líon as cuimse de Sheirbhísí Craolacháin Fuaime.

Tugann codanna 5.4, 5.5 agus 5.6 den dréachtbheartas feidhm d’Ailt 66 (2)(g)(h) agus (i) den Acht Craolacháin 2009. Éilíonn na forálacha reachtúla seo ar an BAI agus iarratais do chonarthaí nua á meas acu, a mhachnamh a dhéanamh faoina bhfuil sé inmhianaithe cead a thabhairt do dhuine aonair nó grúpa daoine leas urlámhais nó leas substaintiúil a bheith aige/acu i líon as cuimse de na seirbhísí craolacháin sa Stát, ina iomláine (Cuid 5.4), nó i limistéar tíreolaíoch sonraithe (Cuid 5.5).

Thairis sin, ní mór don BAI a mhachnamh a dhéanamh faoina bhfuil sé inmhianaithe cead a thabhairt do dhuine aonair nó grúpa daoine leas urlámhais nó leas substaintiúil a bheith aige/acu i líon as cuimse meáin chumarsáide (Cuid 5.6). Is é atá i gceist le meáin chumarsáide seirbhísí craolacháin agus ardáin agus nuachtáin agus tréimhseacháin a bhfuil ábhar nuachta agus tráchtaireacht ar chúrsaí reatha mar chuid lárnach dóibh. Ní bhaineann sé seo le meáin dhigiteach, áfach. Is iad na codanna seo den bheartas a sholáthraíonn meicníocht tábhachtach i gcomhair an iolracht agus an éagsúlacht a bhainistiú i dtéarmaí úinéireachta. Ní chuirtear i bhfeidhm an mheicníocht seo ag an gcéim ceadúnaithe amháin, ach freisin nuair a dhéantar iarratais d’úinéireacht agus rialú a athrú, a mheas. 

Bhí líon áirithe rannpháirtithe ón gcomhairliúchán dírithe ar sciarshealbhóirí den bharúil nach raibh aon ghá leis na tástálacha a úsáideann an BAI chun ceannas earnála, inionadaitheacht nó iolracht a mheas de réir na codanna sin den bheartas nó go raibh gá le rangú nó nuashonrú a dhéanamh orthu chun freastal ar na meáin ar líne. Tháinig na barúlacha seo chun cinn mar gheall ar na hathruithe a tharla in earnáil na meán le blianta beaga anuas agus ba cheart an beartas agus an BAI a thabhairt suas chun dáta chun ról na meán digiteach a thabhairt i gcuntas nuair a dhéantar cinntí maidir le húinéireacht agus rialú. 

Is é tuairim an BAI go bhfuil an beartas reatha, cé is moite dó bheith ag feidhmiú go héifeachtach, go bhfuil sé bunaithe ar chreat reachtach atá gan aon athrú ó 1988. Ní thugann sé i gcuntas na forbairtí suntasacha a tharla i gclár-ábhair, dáileadh agus sruthú físe/fuaime. D’ainneoin sin, tá iallach ar an BAI feidhmiú laistigh den chreat reachtach seo agus is é barúil an BAI go bhfuil teorann ar an méid nuashonraithe gur féidir leis a dhéanamh ar an mbeartas, de réir Codanna 5.4, 5.5 agus 5.6. Pléann forálacha Acht 2009, a bhfuil feidhm tugtha dóibh de réir an beartas, le seirbhísí craolacháin fuaime agus leis na meáin chumarsáide amháin, ní thagraítear do na meáin dhigiteacha. I gcleachtas, cuireann seo teorann ar an méid gur féidir leis an BAI a mheas i gcomhair athruithe úinéireachta mar baineann siad seo lena bhfuil sé inmhianaithe go mbeadh líon as cuimse de sheirbhísí meán cumarsáide i seilbh duine aonair/eintiteas dlíthiúil (cuid 5.6). 

I gcás codanna 5.4 agus 5.5 a phléann Seirbhísí Craolacháin Fuaime amháin, is gnóthas straitéiseach tábhachtach don BAI é an iolracht shláintiúil a chothú san earnáil seo. De bharr an méid seo, molann an BAI an tairseach uachtarach de 25% de líon iomlán na seirbhísí craolacháin fuaime gur féidir le duine aonair nó eintiteas dlíthiúil bheith ina sheilbh aige, a choinneáil. Moltar an méid seo mar tá an earnáil raidió in Éirinn fós inmharthana agus inbhuanaithe. Níl scaoileadh an tairsigh uachtaraigh de 25% ar leas na hearnála mar dá scaoilfí é, is mó seans go dtiocfadh laghdú ar an iolracht sna meáin gan aon chúis.

Ní chreideann an BAI go bhfuil gá leis an líon tairsigh agus na tástálacha a dhéantar i gcomhair úinéireachta na seirbhísí uile. De dheasca seo, laghdófar an líon tairsigh ó cheithre chinn go trí cinn agus déanfar níos lú tástálacha i gcomhair céatadáin úinéireachta níos airde. Ciallaíonn sé seo go mbeidh cead ag duine aonair nó eintiteas dlíthiúil suas go 20% de na seirbhísí uile bheith ina sheilbh aige/acu gan aon tástáil. I gcás úinéireachta de idir 20-25% de na seirbhísí craolacháin fuaime uile, beidh ar dhaoine aonar/eintitis dlíthiúla dul trí iniúchadh comhlíonta ach ní dhéanfar a thuilleadh na cúig thástálacha breise ag an leibhéal seo.

De réir Alt 66(2)(g) den Acht, ní mór don BAI aird a bheith aige ar an méid seo a leanas:

“a inmhianaithe atá sé ligean d’aon duine, nó d’aon ghrúpa daoine, rialú a bheith aige/acu ar líon as cuimse de sheirbhísí craolacháin fuaime, nó leasanna substaintiúla a bheith aige/acu i seirbhísí craolacháin fuaime, a bhfuil conradh craolacháin fuaime bronnta air, faoin gCuid seo”.

D’fhonn treoir a thabhairt agus chun chinnteacht a thabhairt d’eintitis, leanfaidh an BAI le soláthar íostairseacha agus uastairseacha i dtaca le céard is “líon as cuimse” ann, dar leis. Socraítear na tairseacha seo chun a chinntiú go bhfuil réimse agus líon réasúnta glóracha ar fáil don phobal.

Tairseacha a chuireann an BAI i bhfeidhm i dtaca le “Líon as cuimse”

Beidh na trí thairseacha seo a leanas i bhfeidhm ag an BAI i dtaca le “líon as cuimse”:-

1. Meastar gur leibhéal sásúil d’aon eintiteas amháin comhionann uimhriúil atá ag nó faoi bhun 20% den líon iomlán seirbhísí craolacháin fuaime atá ceadúnaithe faoin Acht.

Trí chur i bhfeidhm na tairsí seo, ní chuirfidh an BAI san áireamh an bhfuil ‘ceannas’ nó ‘leasanna substaintiúla’ ag eintiteas i seirbhís nuair a thógtar cinneadh i dtaca leis an líon seirbhísí craolacháin fuaime atá ag an eintiteas sin.

2. Éilíonn comhionann uimhriúil idir 20-25% den líon iomlán seirbhísí craolacháin fuaime ceadúnaithe faoin Acht breis ciorraithe ag an BAI chun a mheas an leibhéal réasúnta sin d’aon eintiteas amháin.

Déanfaidh an BAI an cinneadh sin agus tagairt á dhéanamh aige d’Iniúchadh Comhlíonta a bheidh curtha faoi bhráid an BAI ag an eintiteas i dtaca le gach seirbhís craolacháin fuaime atá aige thar thréimhse dhá bhliain. Tosóidh an tréimhse seo dhá mhí dhéag roimh an dáta lena nglactar an t-iarratas. Sonrófar san Iniúchadh Comhlíonta, comhlíonadh an chonraitheora cuí i dtaca le gach foráil reachtúil, bheartais agus chonarthach. Tá treoirlínte maidir le hIniúchadh Comhlíonta a sheoladh isteach ar fáil ón BAI.

Trí chur i bhfeidhm na tairsí seo, ní chuirfidh an BAI san áireamh an bhfuil ‘ceannas’ nó ‘leasanna substaintiúla’ ag eintiteas i seirbhís nuair a thógtar cinneadh i dtaca leis an líon seirbhísí craolacháin fuaime atá ag an eintiteas sin.

3. Bheadh comhionann uimhriúil ag nó os cionn 25% den líon iomlán seirbhísí craolacháin fuaime ceadúnaithe faoi Acht 2009 doghlactha; beag beann ar a bhfuil ceannas nó leasanna substaintiúla ag eintiteas sna seirbhísí ábhartha, nó nach bhfuil.

Tuilleadh

5.5 Líon as cuimse de sheirbhísí craolacháin fuaime i limistéar sonrach.

De réir Alt 66(2)(h) d’Acht 2009, ní mór don BAI aird a thabhairt ar:

“a inmhianaithe atá sé ligean d’aon duine, nó d’aon ghrúpa daoine, rialú a bheith aige/acu ar líon iomarcach de sheirbhísí craolacháin fuaime” [i limistéar sonrach].

Trí chur i bhfeidhm a Bheartas maidir le Rialú agus Úinéireacht faoi Acht 2009, mar a leagtar amach thuas, tugann an BAI éifeacht don téarma “líon as cuimse” agus an brí seo a leanas aige: “níos mó ná scair réasúnta den réimse seirbhísí craolacháin fuaime atá ar fáil sa cheantar áirithe sin”. Déanfaidh an BAI an riachtanas seo a mheas i gcomhréir le limistéir tíreolaíocha.

Tá an BAI den bharúil nach bhfuil aon mhaitrís phraiticiúil ann chun a mheas céard is “scair réasúnta den réimse seirbhísí craolacháin fuaime” i ngach cás. Mar sin de, déanfaidh an BAI an comhthéacs ina ndéantar gach iarratas a mheas, cás ar chás. Chun na críche sin, cíorfar:-

  1. Líon iomlán na seirbhísí craolacháin fuaime sa cheantar tíreolaíoch cuí;
  2. Sciar an lucht féachana/éisteachta[1] iomlán de na seirbhísí craolacháin fuaime éagsúla sa cheantar tíreolaíoch cuí (múnla “sciar an lucht féachana/éisteachta”)
[1] Baineann sé seo leis an lucht éisteachta i gcás an raidió.

Tástálacha a dhéanann an BAI i dtaca le ‘líon réasúnta’ Seirbhísí Craolacháin Fuaime i limistéar sonraithe

Cuirfidh an BAI dhá thástáil i bhfeidhm lena chinntiú an bhfuil níos mó ná sciar réasúnach de na seirbhísí craolacháin fuaime ag duine aonair nó ag eintiteas i limistéar sonraithe:-

  1. Tástáil ar inmhalartaitheacht measúnú ar a mhéid is gur féidir a mheas gur ionadaí seirbhís craolacháin fuaime amháin do sheirbhís craolacháin fuaime eile;
  2. Maidir le cumas iarratasóra tionchar a bheith aige ar an gcumhacht tuairimí a mhúnlú, tástáil ar cheannas, ag úsáid sciar an iarratasóra de lucht éisteachta na seirbhísí craolacháin fuaime (a bhfuil leas substaintiúil nó leas rialaithe aige iontu) sa limistéar ábhartha.

Nuair a bheidh na tástálacha sin á gcur i bhfeidhm aige, déanfaidh an BAI idirdhealú idir an bhfuil “rialú” nó leasanna substaintiúl” ag eintiteas i dtaobh seirbhíse craolacháin fuaime[1].

Beidh aird aige freisin ar na gnéithe éagsúla a bhaineann leis an tseirbhís craolacháin fuaime atá i gceist e.g. formáid agus lánas; meicníocht/léibheann seachadta; nádúr na seirbhíse (náisiúnta, áitiúil, réigiúnda) agus an sprioclucht éisteachta.

[1] Tagraíonn “Rialú” agus “Ceannas” do dhuine aonair nó eintiteas dlíthiúil a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige/acu, de bharr a staid dílseánaigh, airgeadais nó i dtéarmaí cearta vótála, ar bheartas an chuideachta nó a d’fhéadfadh an beartas sin a shocrú, ach go háirithe i gcás aschur cláracha; bíodh sin teacht ar fhoinsí, léiriú, soláthar nó seachadadh chuig an lucht féachana/éisteachta. Tagraíonn “Leas substaintiúil” do dhuine aonair nó eintiteas dlíthiúil a bhfuil cumhacht dílseánaigh, airgeadais nó vótála laistigh de chuideacht(aí) d’fhonn tionchar suntasach a bheith aige/acu ar theoir nó ar bheartas an chuideachta (beartas eagarthóireachta san áireamh); ach go háirithe i gcás aschur cláracha; bíodh sin teacht ar fhoinsí, léiriú, soláthar nó seachadadh chuig an lucht féachana/éisteachta.
Tuilleadh

5.6 Líon as cuimse de mheán cumarsáide i limistéar sonraithe.

Cuireann Alt 66(2)(i) agus Alt 137(2)(i) ceanglas ar an BAI aird a bheith aige ar:

“a inmhianaithe atá sé ligean d’aon duine, nó d’aon ghrúpa daoine, rialú a bheith aige nó aici nó acu ar mhéid as cuimse de na meáin chumarsáide, nó leasanna substaintiúla a bheith aige nó aici nó acu iontu”, [i limistéar sonraithe].

Ní áiríonn Alt 71 d’Acht 2009 foráil sonrach maidir le dlús sna meáin i dtaca le hiarratasóirí ar chonarthaí lánais eile faoin Alt sin. Tugann an BAI, áfach, mar ábhar beartais, feidhm don tástáil sin nuair atá breithniú á dhéanamh aige ar gach iarratas ar Chonradh Soláthar Lánais.

Nuair atá a Bheartas maidir le hÚinéireacht agus Rialú a chur i bhfeidhm aige de réir Achta 2009, mar atá leagtha amach thuas, tugann an BAI feidhm don téarma “líon as cuimse” sa chaoi go gciallaíonn sé “líon atá níos mó ná réasúnach den réimse meán cumarsáide atá ar fáil sa limistéar clúdaithe ag an gconradh ábhartha ”. Tá an BAI den tuairim nach bhfuil aon mhaitrís soiléir phraiticiúil lena dheimhniú céard is ‘sciar réasúnach’ ann de na seirbhísí craolacháin fuaime i ngach uile cás. Breithníonn an BAI, dá bhrí sin, an comhthéacs ina ndéantar gach iarratas, ar bhonn cás ar chás, agus scrúdaíonn sé:-

  1. iomlán na meán cumarsáide sa limistéar ábhartha;
  2. an sciar d’iomlán an lucht féachana/éisteachta[1] atá ag na meáin chumarsáide éagsúla sa limistéar ábhartha (an múnla “sciar den lucht féachana/éisteachta”).
[1] I gcás an raidió, tagraíonn “lucht éisteachta” d’éisteoirí; i gcás na teilifíse, tagraíonn lucht féachana d’fhaireoirí; i gcás na meán cló, tagraíonn lucht léite do léitheoirí; i gcás na léibheann seirbhísí craolacháin tagraíonnn “lucht féachana/éisteachta” do shíntiúsóirí.

Tástálacha a dhéanann an BAI i dtaca le ‘sciar réasúnta’ de Mheáin Chumarsáide

Déanfaidh an BAI dhá thástáil chun a fháil amach an bhfuil níos mó ná sciar réasúnta de de mheáin chumarsáide ag duine aonair nó ag eintiteas:-

  1. Tástáil ar inmhalartaitheacht measúnú ar a mhéid is gur féidir a mheas gur ionadaí meán cumarsáide amháin do mheáin chumarsáide eile;
  2. Maidir le cumas iarratasóra tionchar a bheith aige ar an gcumhacht tuairimí a mhúnlú, tástáil ar cheannas, ag úsáid sciar an iarratasóra de lucht éisteachta na meán cumarsáide (a bhfuil leas substaintiúil nó leas rialaithe aige iontu) sa limistéar ábhartha.

Nuair a bheidh na tástálacha sin á gcur i bhfeidhm aige, déanfaidh an BAI idirdhealú idir an bhfuil “rialú” nó leasanna substaintiúil” ag eintiteas i dtaobh meán cumarsáide[1]. Beidh aird aige freisin ar na gnéithe éagsúla a bhaineann leis na meáin chumarsáide atá i gceist e.g. cineál, costas don úsáideoir, méid agus nádúr an sprioclucht féachana/éisteachta. Beidh ar iarratasóirí údar maith a thabhairt lena gcuid moltaí, bunaithe ar an méid seo thuas.

[1] Tagraíonn “Rialú” agus “Ceannas” do dhuine aonair nó eintiteas dlíthiúil a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige/acu, de bharr a staid dílseánaigh, airgeadais nó i dtéarmaí cearta vótála, ar bheartas an chuideachta nó a d’fhéadfadh an beartas sin a shocrú, ach go háirithe i gcás aschur cláracha; bíodh sin teacht ar fhoinsí, léiriú, soláthar nó seachadadh chuig an lucht féachana/éisteachta. Tagraíonn “Leas substaintiúil” do dhuine aonair nó eintiteas dlíthiúil a bhfuil cumhacht dílseánaigh, airgeadais nó vótála laistigh de chuideacht(aí) d’fhonn tionchar suntasach a bheith aige/acu ar theoir nó ar bheartas an chuideachta (beartas eagarthóireachta san áireamh); ach go háirithe i gcás aschur cláracha; bíodh sin teacht ar fhoinsí, léiriú, soláthar nó seachadadh chuig an lucht féachana/éisteachta.
Tuilleadh

5.7 Cláir.

Leagann Cuid 5.7 den dréachtbheartas béim ar an riachtanas don BAI (de réir Acht 2009) cáilíocht agus/nó cineál cláracha a mholann iarratasóirí d’fhonn conarthaí nua a fháil, a mheas. Tugann an BAI na nithe seo i gcuntas, mar ghnáthnós beartais, nuair a dhéanann sé moltaí chun úinéireacht ag leibhéal ‘leas substaintiúil’ nó ‘urláimhe’ a athrú. Sa chás seo, ní mór don chonraitheoir a chuid moltaí a leagan amach de réir chúraim clár-ábhair na seirbhíse.

I gcomhréir leis an mbeartas reatha, rinneadh na moltaí seo a mheas de réir critéir éagsúla. Coinnítear na critéir reatha sa dréachtbheartas agus cuirtear critéir sa bhreis leis:- 

“I gcomhthéacs moltaí agus/nó cleachtais do chlár-ábhair nuachta agus cúrsaí reatha, an léiríonn na moltaí tiomantas imleor agus soiléir chun iriseoireacht atá neamhchlaonta, iontaofa agus neamhspleách a bhaint amach.”

Cuireadh an critéar bhreise seo chun meascán guthanna, tuairimí, ardáin agus dearcthaí i nuacht agus cúrsaí reatha a chinntiú trí athruithe úinéireachta agus chun gealltanais an BAI i leith na hiolrachta a sholáthar. Anuas air sin, tugann sé deis don BAI a mhachnamh a dhéanamh faoina dtacaíonn cleachtais nuachta agus cúrsaí reatha iarratasóra ar athrú úinéireachta le hiriseoireacht neamhchlaonta, iontaofa agus neamhspleách.   

Éilíonn creat reachtúil Acht 2009 ar an BAI aird a bheith aige ar chaighdeán agus/nó ar an réimse agus na cineálacha clár atá á moladh ag an iarratasóir. Creideann an BAI go bhfuil sé tábhachtach, nuair atá iarratais ar cheadúnais, agus moltaí a mbeadh athruithe ar leibhéal ‘leasanna substaintiúla’ nó ‘rialú’ i gceist leo, á mbreithniú, iarraidh  ar an iarratasóir a chuid moltaí i dtaobh téarmaí tagartha na seirbhíse maidir le cláir a leagadh amach.

Breithneoidh an BAI na moltaí sin agus tagairt á dhéanamh don cheithre chritéir seo a leanas:-

1. An bhfuil caighdeán ginearálta agus/nó réimse, cineál agus sceideal na gclár atá lena soláthar oiriúnach i bhfianaise an lucht féachana/éisteachta a bhfuil freastal le déanamh air?

2. I gcomhthéacs sheirbhísí liostaithe faoi Alt 63 agus Alt 70 an léiríonn Ráiteas Beartas Cláir na seirbhíse dóthain de ghealltanas i dtaobh:

  • Freastal ar lucht féachana/éisteachta sa limistéar saincheadúnais?
  • Deiseanna nua a chruthú do thalann Éireannach sa cheol, sa drámaíocht agus sa tsiamsaíocht?
  • Cláir a bhaineann leis an nGaeilge agus le cultúr na hÉireann?

3. I gcomhthéacs moltaí do chláracha nuachta agus cúrsaí reatha nó na cleachtais ina leith, an bhfuil tiomantas feiceálach agus imleor ann don iriseoireacht neamhchlaonta, inchreidte, neamhspleách agus an bhfuil tiomantas ann coinneáil léi.

4. I gcomhthéacs seirbhísí pobail ceadúnaithe, maidir le Ráiteas Beartas Cláir na seirbhíse:-

  • An é an t-aon chuspóir atá aige freagairt do leasa an phobail atá faoi chaibidil agus tairbhe sóisialta a sholáthar don phobal sin.
  • An éascaíonn sé rannpháirtíocht ghníomhach an phobail atá faoi chaibidil i ngach gné dá chuid clár agus an dtacaíonn sé leis sin?
Tuilleadh

5.8 Eintitis, nach eintitis den AE iad.

Léiríonn Cuid 5.8 an staid reatha. Cé go dtuigeann an BAI gur mó seans go n-eascróidh ceisteanna nua as cúrsaí Breatimeachta agus go mbeidh gá iad sin a chur leis an gcuid seo, moltar gan aon athrú a dhéanamh sula dtugann an Ríocht Aontaithe an idirbheartaíocht leis an AE chun críche.

Nuair atá moltaí maidir le húinéireacht agus/nó rialú á mbreithniú, éilíonn an BAI go mbeadh oifig chláraithe bunaithe laistigh den AE ag eintitis nach eintitis den AE iad. Beidh aird ag an BAI freisin ar a mhéid is atá socruithe comhalartacha maidir le hinfheistíocht agus ceadúnúchán i bhfeidhm leis an stát ábhartha nach stát de chuid an AE é. Cuirfear i bhfeidhm forálacha ábhartha ó Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc, de réir mar atá gá leo.

Tuilleadh

Eolas teagmhála

*Riachtanach