Cén fáth a bhfuil an tÚdarás i mbun comhairliúcháin maidir leis na Rialacha Rochtana?
Déanann an tÚdarás athbhreithniú ar na Rialacha Rochtana gach dhá bhliain faoi mar a éilítear le hAcht Craolacháin 2009. Sa chomhthéacs sin, thug an tÚdarás faoi athbhreithniú reachtúil forleathan ar na Rialacha in 2017. Tugtar torthaí an athbhreithnithe sin anseo.
Tá sé i gceist ag an Údarás anois roinnt athruithe a dhéanamh ar na Rialacha reatha. Fuair na hathruithe sin treoir ón athbhreithniú reachtúil in 2017 a rinneadh anuas ar na ceanglais in Acht Craolacháin 2009. Leagtar amach na hathruithe sin sa cháipéis seo agus lorgaítear do thuairimí. Déantar cur síos ar an bpróiseas athbhreithnithe i rannán 1 agus tá fáilte romhat do thuairimí a thabhairt don Údarás maidir leis na dréacht-Rialacha.
Cén chaoi a dtabharfaidh mé mo thuairimí?
Bunaithe ar thorthaí athbhreithniú reachtúil 2017, tá sé i gceist anois ag an Údarás roinnt athruithe a dhéanamh ar na Rialacha reatha. Táimid ag cur fáilte roimh úsáideoirí seirbhísí rochtana agus roimh an bpobal a gcuid tuairimí a thabhairt dúinn maidir leis na hathruithe seo atá beartaithe.
Tugtar mionsonraí maidir leis na hathruithe atá beartaithe i Rannán 1 den cháipéis seo. Creideann an tÚdarás go dtarlóidh sé de bharr na n-athruithe beartaithe go soláthrófar seirbhís níos fearr do lucht féachana a dteastaíonn seirbhísí rochtana uathu chun an teilifís a thuiscint agus chun sult a bhaint as. Mínítear na hathruithe atá beartaithe sa cháipéis seo agus léirítear iad sna Dréacht-Rialacha Rochtana atá tugtha anseo.
Molaimid duit féachaint arís ar na dréacht-Rialacha athbhreithnithe nuair a bheidh tú i mbun machnaimh ar do fhreagra ar na ceisteanna comhairliúcháin sna codanna seo a leanas den cháipéis seo. Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí maidir leis na dréacht-Rialacha a fháil Dé hAoine, 27 Iúil 2018.
Foilsiú Aighneachtaí
Foilseoidh an BAI na haighneachtaí a gheofar sa chomhairliúchán seo ar www.bai.ie tar éis an Rialacha Rochtana deiridh a fhoilsiú agus faoi réir breithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a mheasfar a bheith pearsanta, íogair nó a tugadh go rúnda, mar a fholaítear san Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus sna hAchtanna agus Rialacháin um Chosaint Sonraí.
Saoráil Faisnéise
Geallann Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na hiarrachtaí is fearr a dhéanamh chun faisnéis rúnda a chuireann tú ar fáil sa togra seo a choinneáil faoi réir oibleagáidí an BAI faoin dlí, lena n- áirítear faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Más mian leat nach nochtfaí aon chuid den fhaisnéis a chuir tú ar fáil i d’aighneacht mar gheall ar a íogaire, ba cheart duit, agus an fhaisnéis íogair á cur ar fáil, í a aithint agus na cúiseanna lena híogaireacht a thabhairt le fios. Rachaidh an BAI i gcomhairle leat faoin bhfaisnéis íogair seo sula ndéanfar cinneadh maidir le haon iarratas um Shaoráil Faisnéise a fhaightear.
Cosaint Sonraí
Cloífidh Údarás Craolacháin na hÉireann lena oibleagáidí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (arna leasú) agus aon dlíthe agus rialacháin um príobháideacht sonraí eile infheidhmithe.