I gcuid a cúig den bheartas, leagtar síos na céimeanna a thógann an BAI inniu agus as seo amach, chun tacú leis an iolracht sna meáin in Éirinn agus í a chur chun cinn. Cé gur chóir glacadh leis go dtacaíonn réimse leathan de ghníomhaíochtaí an BAI leis an iolracht sna meáin, léirítear sa chuid seo na gníomhaíochtaí a cheaptar a bheith i lár an aonaigh chomh fada is a bhaineann sé le brí an téarma ‘iolracht sna meáin’- a bhaineann le héagsúlacht úinéireachta seirbhísí meáin agus le héagsúlacht san ábhar a chraoltar. Leagtar síos na gníomhaíochtaí is tábhachtaí laistigh de naoi réimsí. Seo a leanas na réimsí sin:-
- Ceadúnú;
- Beartas an BAI maidir le Rialú agus Úinéireachta;
- Dualgais an BAI de réir reachtaíochta maidir le Cónascadh Meáin;
- Taighde;
- An Litearthacht Mheáin;
- Cód Cothroime, Oibiachtúlachta agus Neamhchlaontachta an BAI do Gnóthaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha;
- Scéim Mhaoinithe don Chraoltóireacht; ina measc siúd, Fís agus Fuaim agus Beartas Cartlannaíochta an BAI;
- Plean Gníomh i leith na Gaeilge;
- Idirphlé le páirtithe leasmhara.
Tabharfaidh an BAI faoi réimse beartais d’fhonn a ndualgais agus a dtiomantais reachtúla, straitéiseacha agus polasaí maidir leis an iolracht sna meáin, a chomhlíonadh. Seo a leanas na beartais agus na bealaí ina thacóidh an BAI leis agus a spreagfaidh an BAI an iolracht sna meáin.
1. Ceadúnú:
Tacaíonn an BAI leis agus spreagann sé an iolracht sna meáin tríd a ngníomhaíochtaí ceadúnaithe go príomha. Leagtar síos san Acht Chraolacháin 2009 meicníocht chun réimse leathan seirbhísí raidió agus teilifíse a cheadúnú. Baineann sé seo le seirbhísí tráchtála agus pobail raidió agus teilifíse atá neamhspleách mar aon le seirbhísí sealadacha agus institiúideacha raidió.
Is é is aidhm leis an bpróiseas ceadúnaithe an tseirbhís chraolacháin reatha agus i mbun forbartha a sholáthraíonn RTÉ, TG4 agus cainéal teilifíse Thithe an Oireachtais, a fheabhsú.
Is é is aidhm leis an bpróiseas ceadúnaithe éagsúlacht ábhair a spreagadh trí iarratais i leith seirbhísí cláir a chuirfidh leis an réimse seirbhísí meáin ar fáil in Éirinn faoi láthair. Baintear ‘Diversity of Ownership’ (Éagsúlacht Úinéireachta) amach tríd an bpróiseas ceadúnaithe, go sonrach trí na forálacha rialuithe a leagtar síos san Acht Chraolacháin 2009 agus, mar thacaíocht air sin, Beartas an BAI maidir le Rialú agus Úinéireacht.
Déanann an creat reachtach, Beartas an BAI maidir le Rialú agus Úinéireachta agus na próisis a bhaineann leo éascaíocht agus cothabháil ar chuimsiú dualgais maidir le héagsúlacht i leith clár ábhair polaitíochta agus cultúrtha, líon na nuachta agus cúrsaí reatha a bhfuil gá leo agus anuas air sin na clár ábhair áitiúla, náisiúnta agus Eorpacha atá le craoladh. Tacaíonn siad le hionadaíocht agus le léiriú cothrom agus éagsúil ó phobail áitiúla agus réigiúnach;
Thairis sin, éascaíonn an próiseas ceadúnaithe trédhearcacht a sholáthair maidir le rialú agus úinéireacht sa chaoi go bhfuil eolas maidir le sciarshealbhóirí, stiúrthóirí agus ballraíocht na seirbhísí craolacháin (i gcás na seirbhísí meáin pobalbhunaithe) ar fáil go poiblí.
Cuireann Straitéis Seirbhíse an BAI bonn eolais faoin gcur chuige ceadúnaithe atá aige. Tá an Straitéis seo tábhachtach mar go soláthraíonn sí an creat i leith ceapadh pleananna ceadúnaithe agus gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid an BAI. Sprioc fhíorthábhachtach de chuid na Straitéise é tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’iolracht agus éagsúlacht ábhair do lucht féachana/éisteachta Éireannacha a bhaintear amach trí cheadúnú. Leagann an Straitéis Seirbhíse Craolacháin síos na bealaí a thacóidh an BAI le agus a rachaidh an BAI i bhfeidhm ar fhorbairt na hearnála craolacháin.
2. Beartas an BAI maidir le Rialú agus Úinéireacht:
Tá beartas ag an BAI i leith rialuithe agus úinéireachta sheirbhísí craolacháin ceadúnaithe. Forbraíodh an beartas seo chun feidhm phraiticiúil a thabhairt do na forálacha sonracha san Acht Craolacháin 2009[1] a chuireann iachall ar an BAI a aird a thabhairt, mar chuid dá phróiseas ceadúnaithe, ar rialú agus úinéireacht na n-iarratasóirí agus an t-iarratasóir is fóirsteanaí á mheas d’fhonn conradh craolacháin a bhronnadh. Anuas air sin, cuireann an BAI forálacha an bheartais i bhfeidhm agus úinéireacht agus ceannas á meas i leith iarratais ar chonarthaí sóláthair lánais agus ilphléacs agus chun iarratais ar athruithe úinéireachta agus rialuithe a mheas.
I gcás na seirbhísí craolacháin, beidh aird ag an BAI ar:-
- a inmhianaithe atá sé ligean d’aon duine, nó d’aon ghrúpa daoine, rialú a bheith aige/acu ar líon as cuimse de sheirbhísí craolacháin fuaime, nó leasanna substaintiúla a bheith aige/acu i seirbhísí craolacháin fuaime, in iomlán nó i limistéar tíreolaíoch sonraithe, agus
- a inmhianaithe atá sé ligean d’aon duine, nó d’aon ghrúpa daoine, rialú a bheith aige/acu ar líon as cuimse de na meáin chumarsáide, nó leasanna substaintiúla a bheith aige/acu sna meáin chumarsáide, in iomlán nó i limistéar tíreolaíoch sonraithe.
Cé go bhfuil margadh na meán ag athrú gach uile soicind, tá na seirbhísí craolacháin traidisiúnta, is é sin, na meáin chraolta traidisiúnta, riachtanach i gcónaí chun an iolracht a chosaint in Éirinn agus de thoradh an méid sin, is meicníocht lárnach é Beartas an BAI maidir le Rialú agus Úinéireacht chun tacú le hiolracht sna meáin agus í a chur chun cinn.
3. Dualgais an BAI de réir reachtaíochta maidir le cónascadh na Meán:
Leathnaigh an tAcht um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí 2014 ról iolrachta an BAI lasmuigh de na beartais cheadúnaithe agus úinéireachta leagtar amach thuas. De réir an Acht um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí 2014, ceadaítear cónascadh meáin gur gá a chur in iúl don Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil amháin sa chás nach ndéanfadh sé aon dochar don iolracht sna meáin.
Is gné fhíorthábhachtach í an éagsúlacht úinéireachta a chinntiú ar an gcaoi seo agus tá réimse nua feidhmeanna agus dualgais in Acht um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí 2014 a bhfuil sé mar aidhm acu tacaíocht a thabhairt don Aire agus cónascadh meáin á mheas aige. Is é príomhról an BAI, má iarrtar é, tuairisc a chur faoi bhráid an Aire a admhaíonn an bhfuil cónascadh meáin molta in aghaidh leas an phobail, is é sin an iolracht a chosaint sa Stát.
4. Taighde:
I gcomhthéacs na ndualgas atá ar an BAI faoin Acht um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí 2014, soláthraíonn an BAI líon tuarascálacha ar bhonn tréimhsiúil a bhfuil sé mar aidhm acu faisnéis a chur in iúl don Údarás, do chraoltóirí, don pobal, don Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil (mar aon le sciarshealbhóirí cuí eile) maidir leis an iolracht sna meáin in Éirinn.
I gcomhthéacs Achta 2014, cuireann an BAI tuarascálacha faoi bhráid an Aire gach trí bhliana ar na nithe seo a leanas:-
- Cén chaoi a imríonn athruithe úinéireachta tionchar ar an iolracht: cur síos ar na socraithe úinéireachta ag cuideachtaí meáin;
- Cur síos ar na hathruithe úinéireachta; agus
- Anailís ar thorthaí na n-athruithe seo ar an iolracht sna meáin in Éirinn.[2]
Foilsíodh an chéad tuarascáil in 2015 agus beidh an dara ceann críochnaithe sna trí míonna deiridh de 2018. Trédhearcacht i margadh na meán Éireannacha a fheabhsú atá mar aidhm ag na tuarascálacha agus an bunachar sonraí gaolta.
Tuarascáil tábhachtach eile ar an iolracht a thacaíonn an BAI léi is í an Tuairisc nuachta digiteach ó Institiúid Reuters in Éirinn. Tacaíocht a thabhairt do dhaoine chun díospóireachtaí eolacha a bheith acu agus cinntí a dhéanamh bunaithe ar fhianaise trí fhaisnéis ábhartha atá iontaofa a sholáthar maidir le húsáid agus tionchar na seirbhísí nuachta in Éirinn is aidhm don tuarascáil seo. Tá tábhacht ar leith ag an tuarascáil seo d’ainneoin an ról lárnach atá ag éagsúlacht leathan dearcthaí ar nuacht agus cúrsaí reatha mar chomhartha tacaíochta d’iolracht sna meáin.
I gcomhthéacs na gcúraimí níos leithne atá ag an BAI, tugtar faoi anailís mhargaidh ar bhonn rialta d’fhonn tacú lena gcur chuigí rialála agus d’fhonn an pobal agus na páirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir leis an margadh agus dinimic an mhargaidh; cuirtear san áireamh comhthéacs i leith comhairliúcháin ar mholtaí rialála de chuid an BAI. Soláthraíonn an taighde seo faisnéis chomhthéacsúil atá riachtanach do mheastachán an BAI i leith na hiolrachta.
[1] Cuid 6 den Acht Craolacháin 2009
5. Litearthacht sna Meáin:
Tugann Acht 2009 sainordú don BAI tabhairt faoi thaighde chomh maith le n-é a spreagadh. Tá na beartais agus na gníomhaíochtaí sin dírithe ar chur chun cinn na litearthachta meán.
D’fhonn an mandáid seo a chur i gcrích, forbraíodh Beartas an BAI i leith na Litearthacha Meán. Tá trí chumas lárnach, sraith d’ábaltachtaí gaolmhara agus comharthaí rathúlachta ann chun cuidiú le heagraíochta gníomhaíochtaí i leith na litearthachta meán a fhrámú, i gcomhréir lena spriocanna straitéiseacha agus gnó féin. Trí na chumais seo a bhaint amach, beidh níos fosa don ghnáth-duine tuiscint a bheith aige agus measúnú criticiúil a dhéanamh ar ábhair agus seirbhísí craolacháin, digiteach agus eile d’fhonn roghanna eolacha a dhéanamh agus a n-úsáid de na meáin a bhainistiú ar an mbealach is éifeachtaí. Cuideoidh na cumais seo leis an ngnáth-duine bheith cruthaitheacht agus rannpháirteach, trí na meáin, ar bhealach atá freagrach, eiticiúil agus éifeachtach i ngnéithe cruthaitheachta, cultúrtha agus daonlathacha den tsochaí.
Tá an-tábhacht ag an litearthacht mheáin d’fhonn na scileanna agus an feasacht a thabhairt don ghnáth-duine ionas go dtuigfidh sé cén chaoi a oibríonn na meáin i dtimpeallacht a bhíonn ag athrú go gasta, d’fhonn cruinneas na faisnéise a sholáthraítear don lucht féachana/éisteachta (go háirithe nuacht agus cúrsaí reatha) a cheistiú, d’fhonn cuir in aghaidh eolais mhíchothrom nó mhíchruinn, d’fhonn troid in aghaidh dearcthaí míchuibheasacha agus ar deireadh, chun cuidiú leis an ngnáth-duine roghanna eolacha níos fearr a dhéanamh.
6. Cód Cothroime, Oibiachtúlachta & Neamhchlaontachta an BAI do Nuacht agus Cúrsaí Reatha:
Tá fairsingeacht na ndearcthaí éagsúla ar nuacht agus cúrsaí reatha mar chuid lárnach i gcur chun cinn timpeallachta meáin atá iolrach. Léiríonn staidéir ar nuacht agus cúrsaí reatha go bhfuil ról fós le n-imirt ag córas na meán traidisiúnta i soláthar na nuachta agus cúrsaí reatha. I gcomhthéacs na hÉireann, tá muinín go leor ag an ngnáth-duine as foinsí meáin na hÉireann agus tá níos mó muinín ag an duine seo as na meáin traidisiúnta ná na meáin shóisialta.[1]
I dtéarmaí róil an BAI, forbraíodh an Cód Cothromaíochta agus Neamhchlaontachta do Nuacht agus Cúrsaí Reatha. Leagtar síos anseo na caighdeáin iriseoireachta gur gá cloí leo nuair a chraoltar ábhair den chineál seo agus is uirlis bhreise é a úsáideann an BAI chun tacú leis an iolracht sna meáin agus a cur chun cinn. Déantar an méid seo trí chinntiú go bhfuil íoschritéir chaighdeáin i bhfeidhm d’fhonn iriseoireacht neamhspleách neamhchlaonta, a chosnaíonn cearta an ghnáth-dhuine rochtain a bheith aige ar fhaisnéis ionraic iontaofa, a chur chun cinn. Beidh ról tábhachtach ag an gCód trí éagsúlacht glóracha, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha a ghníomhaíonn an gnáth-duine agus a chuireann leis an díospóireacht daonlathach, a éascú.
7. Scéim Chistithe Chraolacháin; Fís agus Fuaim agus Beartas Cartlainne an BAI san áireamh:
Is iad spriocanna na Scéime Fís agus Tuaim de chuid an BAI forbairt a dhéanamh ar chláracha bunaithe ar chultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann, mar aon le cláracha Gaeilge. Sprioc bhreise is ea é cláracha a fhorbairt atá ionadaíoch ar an éagsúlacht chultúir agus oidhreachta a éascaíonn deiseanna bailiúcháin de bhealoideas na hÉireann agus gnéithe d’oidhreacht na hÉireann atá ag dul i léig nó atá i mbaol. Cuireann Scéim Cartlainne an BAI maoiniú ar fáil d’fhonn tacú le forbairt cultúr cartlainne san earnáil chraolacháin a chuirfidh le caomhnú an oidhreachta craolacháin in Éirinn
Le chéile, tacaíonn na scéimeanna leis an iolracht inmheánach tríd an éagsúlacht ábhair cultúrtha iomchuí atá ar fáil do lucht féachana/éisteachta in Éirinn, a mhéadú, agus tríd an oidhreacht cultúrtha a chaomhnú ar bhealach atá inrochtana ar bhonn leanúnach don ghnáth-duine.
Tugann na scéimeanna feidhm d’aidhm ar leith de na ceithre aidhmeanna straitéiseacha a leagtar síos i Ráiteas Straitéise an BAI 2017-2019 i leith chur chun cinn na hiolrachta, is é sin ‘an líon ábhair cultúrtha closamhairc ábhartha a léirítear agus fáil ar an ábhar sin a mhéadú do lucht féachana/éisteachta in Éirinn.’
8. Plean Gníomhaíochta i leith na Gaeilge:
Is aidhm thábhachtach í an soláthar agus an cur chun cinn de chláracha Gaeilge ar ardchaighdeán don BAI i gcomhthéacs an Ráitis Straitéise 2017-2019. Tá an méid seo iomchuí i bhfianaise an róil chultúrtha agus tábhachtach atá ag an teanga d’fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann agus de bharr a tábhacht chun léiriú, ionadaíocht agus féiniúlacht éagsúil a dhéanamh ar son na ngrúpaí cultúrtha agus sóisialta éagsúla sa tsochaí.
Tugtar feidhm don aidhm straitéiseach seo tríd an Scéim Mhaoinithe Chraolacháin agus Plean Gníomhaíochta i leith na Gaeilge de chuid an BAI a thacaíonn le héagsúlacht leathan de glóracha agus dearcthaí.
9. Plé le páirtithe leasmhara:
Tá an BAI tiomanta ina Ráiteas Straitéise reatha dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara d’fhonn díospóireacht phoiblí a spreagadh agus cur le beartais; réimse na hiolrachta sna meáin san áireamh. Tírdhreach meáin atá beo beathach, dinimiciúil a chruthú is é is aidhm leis an tiomantas seo.
I gcleachtas, téann an BAI i dteagmháil maidir le ceisteanna a bhaineann leis an iolracht sna meáin ag an leibhéal náisiúnta agus Eorpach ar bhonn leanúnach. I gcomhthéacs Éireannach, baineann an méid leis na seirbhísí raidió agus teilifís a dhéanann an BAI rialáil orthu, an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, an Comisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí agus an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide. Téann an BAI i dteagmháil leis an bpobal, a n-ionadaithe polaitiúla agus an sochaí sibhialta agus sóisialta trí chomhairliúcháin leanúnacha ar an iolracht sna meáin agus tríd a iarmhairt taighde ar an iolracht sna meáin a scaipeadh.
Ag an leibhéal Eorpach, baineann seo le bheith rannpháirteach san EPRA, is é sin an Cumann Eorpach do Rialálaithe Seirbhísí Closamhairc agus in ERGA (Grúpa Eorpach do Rialálaithe Seirbhísí Closamhairc), a bhunaigh an Coimisiún Eorpach agus ag a bhfuil ról comhairleoireacht foirmiúil aige i leith ullmhúcháin d’aistriú go dtí an Treoir ar Sheirbhísí Meáin Closamhairc arna leasú le deireanas, agus a chur i bhfeidhm.
Thairis sin, tá caidreamh úrnua ag an BAI le hardáin agus seirbhísí na meán sóisialta trí fhorbairt agus éascaíocht a dhéanamh ar Litearthacht Mhéin na hÉireann, an líon litearthachta meáin in Éirinn.
Meastar go cuidíonn plé le páirtithe leasmhara don BAI bheith ar an eolas faoi agus chun cur leis an díospóireacht phoiblí agus le beartas poiblí maidir an iolracht sna meáin in Éirinn.
Leanfaidh an BAI le tabhairt faoi gach ceann de na sraitheanna gníomhaíochta thuas ar bhonn thréimhsiúil. Thairis sin, beidh an BAI oscailte i gcónaí do bheartais bhreise chun tacú leis an iolracht sna meáin agus a cur chun cinn. D’fhéadfadh foilsiú tuarascálacha maidir le rialú agus úinéireacht in Éirinn ar bhonn níos minice bheith i gceist chomh maith le tacaíocht a léiriú do bheartais agus nósanna eile a bhfuil sé mar sprioc acu cur leis an iolracht sna meáin, i réimse na nuachta, cúrsaí reatha agus comhthéacs cultúrtha, ach go háirithe.
[1] Institiúid Reuters (2018)