Conradh sínithe idir an BAI agus Dublin’s Q102

Tá sé fógartha ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) go bhfuil conradh craolacháin fuaime nua sínithe aige le City Broadcasting Limited, atá i mbun trádála mar Dublin’s Q102, chun na seirbhísí craolacháin fuaime seo a leanas a sholáthar ar an mbanda FM:

  • Seirbhís chraolacháin fuaime ceolbhunaithe do lucht féachana ginearálta atá idir 35 agus 55 bliain d’aois i gcathair Bhaile Átha Cliath agus i gcontae Átha Cliath

Agus é ag labhairt ag ócáid shínithe an chonartha, bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe: “Tá Dublin’s Q102 ar an aer le breis is 20 bliana agus tá ríméad orainn an conradh nua seo a shíneadh leis an stáisiún. Leanfaidh Dublin’s Q102 ag soláthar seirbhíse ceoil ar ardchaighdeán, rud a chuideoidh le héagsúlacht agus an rogha de sheirbhísí raidió do lucht éisteachta Bhaile Átha Cliath”

Tiocfaidh an conradh nua i bhfeidhm Lá Nollag, an 25 Nollaig 2020 agus rithfidh sé go dtí mí Bhealtaine 2030

CRÍOCH

Ceisteanna ó na meáin: DHR Communications, (01) 420 0580.

Ceisteanna ó aon pháirtithe eile: Údarás Craolacháin na hÉireann, (01) 644 1200, nó info@bai.ie.