
D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (Aoine, 19 Deireadh Fómhair) go bhfuil conradh craoltóireachta fuaime pobail sínithe aige le Community Radio Youghal, a fhreastalaíonn ar Bhaile Eochaille agus ar an líomatáiste máguaird.
Ag caint dó ag síniú an chonartha, dúirt an tOllamh Pauric Travers, Cathaoirleach BAI: “Tá an-áthas orainn conradh a shíniú le Community Radio Youghal inniu, conradh lena bhfadófar soláthar seirbhíse raidió do phobal Bhaile Eochaille agus an líomatáiste máguaird go ceann deich mbliana eile. Tá ról ríthábhachtach ag an raidió pobail chun cur leis an réimse lánais, agus leis an éagsúlacht guthanna, a bhíonn ar fáil don lucht éisteachta in Éirinn agus tá an-áthas orainn go leanfaidh sé sin amhlaidh do na daoine a chónaíonn i limistéar saincheadúnais Community Radio Youghal. Guímid rath leanúnach don stáisiún i gcaitheamh théarma an chonartha seo.”
Rinne an Cathaoirleach, Pauric Travers agus Michael O’Keeffe, an Príomh-Fheidhmeannach, ionadaíocht do BAI ag síniú an chonartha. Rinne rúnaí na cuideachta, Noel Cronin, an Leas-Chathaoirleach, Finbarr Motherway, an Bainisteoir Cúnta, Yvonne Smith agus Bainisteoir an Stáisiúin, Darragh Parker, ionadaíocht do Community Radio Youghal.
CRÍOCH
Cuirtear fiosruithe ó na Meáin Chumarsáide go dtí: Joanne Ahern / Sebastian Enke, DHR Communications, 01-4200580 / 087-9881837/ 087-3239496