
D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (5 Deireadh Fómhair 2022) i bhfógra poiblí a fhoilsíodh sa nuachtán Irish Independent go bhfuil sé ag lorg iarratais don Chonradh Seirbhíse Clár Teilifíse, de réir Alt 70 den Acht Craolacháin 2009. Seirbhís náisiúnta saor-go-haer atá sa tSeirbhís Clár Teilifíse.
Tá Treoir Maidir le hAighneachtaí don Chonradh Seirbhíse Clár Teilifíse, a leagann amach faisnéis ábhartha maidir leis an Seirbhís Clár Teilifíse agus maidir leis an bpróiseas iarratais, ar fáil ar shuíomh gréasáin an BAI anseo (Béarla), nó ar iarratas ó oifigí an BAI (seol ríomhphost chuig licensing@bai.ie nó cuir glaoch ar 016441200). Is é 12 i.n. (meán lae) ar an gCéadaoin, 4 Eanáir 2023 an spriocdháta le haghaidh iarratais.