Conarthaí Sínithe Do Sheirbhísí Raidió Tráchtála agus Pobail

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) tar éis conarthaí a shíniú inniu (Déardaoin 15 Nollaig) i gcomhair cheithre sheirbhís chraoltóireachta fuaime ar feadh deich mbliana.  Áirítear leis na seirbhísí seirbhís náisiúnta nach mór de chuid Newstalk 106, a dhíríonn ar Chaint/Nuacht; seirbhísí raidió pobail do Leamhcán agus Máguaird, Liffey Sound; seirbhís Pobail Sainspéise do Chathair Bhaile Átha Cliath, Dublin City FM; agus seirbhís Pobail Spéise sa Ghaeilge do Chathair Bhaile Átha Cliath, Raidió na Life.

Ag labhairt dó ag síniú na gconarthaí, dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe: “Is cúis ríméid don BAI gur síníodh na conarthaí inniu le Newstalk 106, Liffey Sound, Dublin City FM agus Raidió na Life.  Is léiriú é cineál éagsúil na seirbhísí faoi seach á gcur amach ar conradh inniu den ghlór uathúil agus dearscnaitheach a bhaineann leis an raidió in Éirinn ag leibhéal náisiúnta, áitiúil agus pobail.  Bíodh an tseirbhís sin ag tairiscint ábhair dírithe ar an gcaint chun siamsaíocht, rannpháirtíocht agus dúshlán a thabhairt dá lucht éisteachta; ina seirbhís raidió pobail chun glór a thabhairt dóibh siúd nach gclúdaítear sna seirbhísí craolacháin phríomhshrutha; nó ag feidhmiú do leasanna pobal tíreolaíochta nó teanga ar a bhfreastalaíonn sí; léirítear go héagsúil iontu go léir an tábhacht a bhaineann le hábhar dea-cháilíochta agus le prionsabail an chuimsithe agus na hionadaíochta.

Guíonn an BAI rath leanúnach ar gach aon chonraitheoir chun freastal ar a lucht éisteachta agus chun aird a thabhairt i gcónaí ar leasanna na bpobal ar a bhfreastalaíonn siad.”

Bhí ionadaíocht ag BAI ag síniú na gconarthaí ón gCathaoirleach, Pauric Travers agus Michael O’Keeffe, an Príomhfheidhmeannach.  Is iad seo a leanas na sínitheoirí ar son gach ceann de na stáisiúin, in éineacht le dáta éifeachtach do gach conradh:

Ainm an Stáisiúin Ceantar Saincheadúnúcháin Sínitheoirí don Stáisiún Dáta Éifeachtach
Dublin City FM Cathair Bhaile Átha Cliath Ellen Gunning, Cathaoirleach; Brian Cunneen, Rúnaí 1 Eanáir 2017
Raidió na Life Cathair Bhaile Átha Cliath Susan Ní Dhubhlaoich, Cathaoirleach; P.T. MacRuairí, Rúnaí. 1 Feabhra 2017
Liffey Sound Leamhcán agus Máguaird Patrick Quinn, Cathaoirleach; Brendan Hackett, Rúnaí. 1 Eanáir 2017
Newstalk 106 Náisiúnta Nach Mór Lucy Gaffney, Stiúrthóir; Tim Collins Príomhfheidhmeannach 1 Eanáir 2017