
Tá lúcháir ar Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) a fhógairt go gceapfar Celene Craig mar Phríomhfheidhmeannach nua, le héifeacht láithreach. Ceapadh í i ndiaidh próiseas earcaíochta iomaíoch agus neamhspleách agus d’fhaomh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán, Catherine Martin TD.
Tá taithí 30 bliain ag an Uasal Craig i rialáil na meán. Ba Leas-Phríomhfheidhmeannach í ar BAI, ó bunaíodh é in 2009, agus d’oibrigh sí freisin leis na comhlachtaí a tháinig roimhe, Coimisiún Craolacháin na hÉireann (BCI) agus an Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách (CRTN).
Ina ról reatha mar Leas-Phríomhfheidhmeannach, bhí an tUasal Craig freagrach as réimse leathan beartas a bhain le craolachán / na meáin a chur le chéile agus a athbhreithniú agus as comhairle a thabhairt ar chur chun feidhme athruithe reachtaíochta agus beartais sa réimse closamhairc ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na hEorpa. Le déanaí, bhí sí i gceannas ar sheasamh beartais an BAI a fhorbairt maidir le feidhmiú na Treorach athbhreithnithe um Sheirbhísí Meán Closamhairc agus faoi ábhar dochrach ar ardáin ar líne a rialófar amach anseo.
Is comhalta de Bhord Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) í an tUasal Craig, ar comhlacht comhairleach é chuig an gCoimisiún Eorpach. Bhí sí ina Cathaoirleach ar an Ardán Eorpach um Údaráis Rialála (EPRA) agus is rannpháirtí gníomhach í ar fhóraim Eorpacha maidir le cúrsaí reachtaíochta agus rialála closamhairc.
Dúirt Mary Curtis, Cathaoirleach Ainmnithe an Údaráis, an méid seo a leanas: “Rinne an tÚdarás próiseas earcaíochta cuimsitheach don ról tábhachtach seo, agus tá lúcháir orm gurb í an tUasal Craig an t-iarrthóir rathúil. Beidh a mioneolas agus taithí ar rialáil, beartas agus reachtaíocht a bhaineann leis na meáin, chomh maith lena géire intinne láidir agus straitéiseach, scileanna cumarsáide agus ceannaireachta ina chabhair mhór don eagraíocht trí thréimhse athraithe suntasacha i réimse rialáil na meán. Sa tréimhse atá le teacht, beidh trasuí agus cur chun feidhme na Treorach maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (an Treoir SMCA) agus comhchuimsiú an BAI i gCoimisiún na Meán nua. Idir an dá linn, oibreoidh sí go dlúth leis an Údarás agus le foireann feidhmiúcháin an BAI ar aistriú a stiúradh ón BAI go dtí Coimisiún na Meán agus tosaíochtaí straitéiseacha an BAI a sheachadadh mar a leagtar amach inár Ráiteas Straitéise 2021-2023.”
Agus í ag trácht ar a ceapachán, dúirt an tUasal Craig an méid seo a leanas: “Tá lúcháir orm glacadh leis an bpost seo ag am spreagúil i gcomhair rialáil na meán in Éirinn. Táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe agus iad siúd a bhfuil baint acu le rialáil na meán chun leanúint lenár n-obair reatha, agus ag an am céanna a chinntiú go gcuirimid le hacmhainn chun ligean dúinn dul i ngleic leis na dúshláin agus na deiseanna atá romhainn ar aistriú ón BAI go dtí Coimisiún na Meán a thapú.”
CRÍOCH
Teagmháil meán: Joanne Ahern / Thelma Harris, DHR Communications, Teil: 087-9881837 / 083-0517622.
Gach ceist eile: Údarás Craolacháin na hÉireann, 01-6441200.