Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (30.01.20). Bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI i mí Deireadh Fómhair 2019 agus dhiúltaigh siad do 13 ghearán. Bhain na gearáin ar bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh iad le cláir a craoladh ar: RTÉ Radio 1: The Marian Finucane Show: … Continued

An Tríú Scéim Gaeilge arna Seoladh ag BAI

Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (28.01.20) an tríú Scéim Gaeilge aige, ina leagtar amach conas mar a chuirfidh BAI a chuid seirbhísí ar fáil don phobal, as Gaeilge agus sa dá theanga, in imeacht na dtrí bliana atá romhainn amach. Ó 2013 i leith, tá dhá Scéim Gaeilge forbartha agus á n-oibriú ag … Continued

Maoiniú ar fiú suas le €120,000 é ar fáil faoi Scéim Urraíochta BAI 2020

D’fhógair BAI inniu (26.11.19) sonraí a Scéime Urraíochta i gcomhair na bliana 2020. Déantar, leis an Scéim bhliantúil seo, maoiniú urraíochta a chur ar fáil d’ócáidí agus do ghníomhaíochtaí éagsúla a bhaineann leis na meáin chumarsáide trína dtacaítear le cuspóirí straitéiseacha BAI ina Ráiteas Straitéise 2017 – 2019 agus trína dtugtar deiseanna do BAI ar … Continued

Athbhreithniú: BAI Ráiteas Straitéise 2017 – 2019

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ar a Ráiteas Straitéise 2017-2019. Beidh torthaí an athbhreithnithe sin ina mbonn eolais faoi fhorbairt Ráitis Straitéise nua in 2020. Cuid amháin den phróiseas athbhreithniúcháin is ea suirbhé ar líne do pháirtithe leasmhara chun tuairimí a bhailiú ó raon leathan de pháirtithe leasmhara a bhíonn … Continued

Maoiniú d’os cionn €94k bronnta ar thograí Cheanada-Éireann

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus Ciste Meáin Cheanada (CMF) infheistíocht os cionn €94,000 inniu (06/11/19) chun tacú le comhléirithe d’ábhair chlosamhairc faoin Dreasacht Chomhléirithe do thograí closamhairc idir Ceanada agus Éirinn. Beidh trí chomhlacht léiriúcháin as Éirinn ag comhoibriú le trí chomhlacht as Ceanada chun na tograí seo a leanas a fhorbairt: #IBelieveHer … Continued

Aithnítear i dtuarascáil nua i dtaobh fógraí polaitiúla sna meáin shóisialta go bhfuil neamhréireachtaí i dtacair sonraí agus i míniúcháin

Ní mór míniucháin shoiléire a thabhairt ar cad is fógraíocht pholaitiúil ar líne ann agus ar cad é an rud é fógraíocht ar líne atá bunaithe ar shaincheisteanna, mar aon le bunachair sonraí cuimsitheacha lán-inrochtana a bheith ar fáil, chun a chinntiú go mbeidh fógraí polaitiúla digiteacha agus an stocaireacht pholaitiúil dhigiteach trédhearcach. Sin é … Continued

Foilsíonn Údarás Craolacháin na hÉireann Rialacha Rochtana nuashonraithe

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann gur foilsíodh leagan nuashonraithe dá Rialacha Rochtana inniu (24.1.19), atá deartha chun an tuiscint agus an taitneamh a bhaineann daoine atá bodhar, daoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu, daoine atá caoch nó daoine breacamharcacha as an teilifís a mhéadú. Baineann na Rialacha Rochtana le craoltóirí laistigh de dhlínse na hÉireann … Continued

Seolann Údarás Craolacháin na hÉireann comhairliúcháin phoiblí – Tuairimí á lorg ar An Iolracht sna Meáin Dréachtbheartas an BAI agus ar Dhréacht-Bheartas an BAI Maidir le Rialú agus Úinéireacht

Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) comhairliúchán poiblí inniu (11.12.18), i dtaca leis An Iolracht sna Meáin Dréachtbheartas an BAI agus le Dréacht-Bheartas an BAI Maidir le Rialú agus Úinéireacht athbhreithnithe. Tá tuairimí ar an dá dhréachtcháipéis á lorg anois ó pháirtithe leasmhara agus ó bhaill an phobail a mbeidh acu go dtí an 30 … Continued

Fógraíonn Údarás Craolacháin na hÉireann agus CMF Babhta Maoinithe i gcomhair Dreasacht Forbartha do Thionscadail Chlosamhairc

Baile Átha Cliath / Toronto – D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus an Canada Media Fund (CMF) inniu go bhfuil an dara babhta den dreasacht maoinithe trí bliana oscailte chun tionscadail chlosamhairc a fhorbairt. Is féidir treoirlínte cláir, doiciméid iarratais agus spriocdhátaí i gcomhair aighneachtaí a fháil ar shuíomh gréasáin an Údaráis anseo. Is … Continued