Fógraíonn an BAI cistiú €637,000 trína chláir Foghlama agus Forbartha Earnála agus Urraíochta

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (“an BAI”) inniu, an 3ú Feabhra, sonraí faoina leithdháileadh cistithe don bhliain 2017 atá faoina thionscnaimh chistithe Foghlama agus Forbartha Earnála agus Urraíochta. D’fhaomh an BAI cistiú €637,880 chun tacú le réimse tionscnamh, agus tugtar cuntas ar shonraí breise fúthu thíos. Cistiú le haghaidh Foghlaim agus Forbairt Earnála Don bhliain … Continued

Scéim Tacaíochta 2017 don Chraolachán Pobail Seolta

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann (“BAI”) tar éis sonraí a fhógairt inniu, 19 Eanáir, dá Scéim Tacaíochta 2017 don Chraolachán Pobail. Tá an Scéim ar oscailt do gach craoltóir raidió agus teilifíse Pobail agus Pobail Leasa sa tír, le ciste iomlán ar fiú €25,000 ar fáil di. Tá sí deartha chun tacaíocht chistithe a thairiscint … Continued

Leithdháileadh breis agus €5.5m do 126 tionscadal faoin Scéim Fuaim agus Fís

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) inniu (an 20.12.16) sonraí faoin bpacáiste is déanaí de mholtaí faoin Scéim Fuaim agus Fís a dhaingnigh an tÚdarás ag an gcruinniú is déanaí a bhí aige (an 15.12.16). I ndiaidh próiseas mionsonraithe measúnaithe, leithdháileadh cistiú arb ionann agus €5.569m é ar 126 tionscadal. As seo, leithdháileadh €5.019m ar … Continued

€50,000 faoi Scéim Cistithe um Thaighde ar na Meáin de chuid an BAI

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) inniu (an 19.12.16) gur bronnadh cistiú de shuim iomlán €50,000 ar thriúr iarratasóirí faoina Scéim Cistithe um Thaighde ar na Meáin 2016. Soláthraíonn an Scéim cistiú d’acadóirí, taighdeoirí agus gairmithe meán chun tabhairt faoi thaighde a bhaineann leis na meáin ar shaincheisteanna ábhartha a bhaineann leis an tionscal … Continued

Seolann an BAI Beartas um Litearthacht sna Meáin

Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (06.12.16) a Bheartas um Litearthacht sna Meáin, ina leagtar amach réimse scileanna chun cabhrú le daoine chun nascleanúint a dhéanamh ar ardáin ábhair reatha, nua agus iad siúd atá ag teacht chun cinn.  Seoladh an Beartas in Óstán Marker, agus d’fhreastail réimse leathan páirtithe leasmhara ó na meáin agus … Continued

Fógraíonn an BAI babhtaí cistithe do Fuaim agus Fís 3 don tréimhse 2017-2019

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) inniu sonraí faoi bhabhtaí cistithe dá Scéim Fuaim agus Fís don tréimhse 2017-2019. Cuirfidh an BAI seacht mbabhta cistithe ar siúl i gcaitheamh na tréimhse trí bliana, agus cuirfear leithdháileadh táscach €5m ar fáil do gach babhta. Lorgaíonn an fógra chun cinnteacht a sholáthar don earnáil chraolacháin maidir … Continued

Fógraíonn Ceanada agus Éire go n-athosclófar an dreasacht forbartha do thionscadail chlosamhairc

Toronto / Baile Átha Cliath, an 8 Samhain, 2016 – d’fhógair Ciste Meán Cheanada Media (CMC) agus Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) inniu go n-athosclófar a ndreasacht chistithe chun tionscadail chlosamhairc a fhorbairt. Cuirfear CAD$150,000, ar an iomlán, ar fáil chun tacú le léiritheoirí Éireannacha agus Ceanadacha chun comhléiriúcháin a fhorbairt a chraolfar ar … Continued

Scéim Urraíochta 2017 an BAI

D’fhógair an BAI inniu (Dé Déardaoin, an 13ú Deireadh Fómhair) sonraí faoina Scéim Urraíochta don bhliain 2017. Soláthraíonn an Scéim bhliantúil seo tacaíocht airgeadais agus/nó chomhchineáil do réimse imeachtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le hobair an BAI.  Cabhraíonn sé leis an eagraíocht chun feasacht a mhúscailt ar a chuspóirí, agus a chuspóir a bhaint amach, … Continued

Seolann an BAI Scéim Chistiúcháin um Thaighde ar na Meáin 2016

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (an 30 Lúnasa 2016) sonraí faoin Scéim Chistiúcháin um Thaighde ar na Meáin 2016. Cuirfear €50,000 ar fáil ar an iomlán do dhaoine acadúla, do thaighdeoirí agus do ghairmithe na meán atá incháilithe go cuí d’fhonn tionscnaimh thaighde ghearrthéarmacha a chur i gcrích ar théamaí ábharacha maidir le … Continued

Nuashonraíonn an BAI na Rialacha Rochtana

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) Rialacha Rochtana nuashonraithe an BAI inniu, atá in ainm is an tuiscint agus an taitneamh a bhaintear as cláir a chur chun cinn i measc daoine atá bodhar nó ar a bhfuil mallachar éisteachta, daoine atá dall nó caoch agus daoine a bhfuil mallachar éisteachta orthu agus atá … Continued