Dearbhaíonn an BAI go dtiocfaidh Treoirlínte Reifrinn maidir le clúdach 36ú Leasú ar an mBunreacht i bhfeidhm an Aoine 6 Aibreán seo chugainn.

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (“BAI”) (04.04.18) inniu go dtiocfaidh na treoirlínte a bhaineann le clúdach an 36ú Leasú ar an mBunreacht atá le teacht, a bheidh ar siúl ar an Aoine 25 Bealtaine 2018, i bhfeidhm ón Aoine 6 Aibreán seo chugainn. Forbraíodh na treoirlínte, a d’fhoilsigh an BAI i Márta 2018, i dtaca … Continued

Faigheann tionscadail Cheanada-Éireann maoiniú os cionn €143,000

Baile Átha Cliath / Toronto, 15 Márta 2018 – D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus an Canada Media Fund (CMF) inniu (16.03.18) infheistíocht os cionn €143,000 le tacú le comhfhorbairt ábhar closamhairc faoi Dhreasacht Comhfhorbartha Cheanada-Éireann do Thionscadail Chlosamhairc. Oibreoidh cúig chuideachta léirithe Éireannacha le cúig chuideachta as Ceanada chun na tionscadail seo a … Continued

Foilsíonn Údarás Craolacháin na hÉireann treoirlínte nuashonraithe i dtaca le reifrinn a chlúdach

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) treoirlínte nuashonraithe inniu (13.03.18) i dtaca le reifrinn a chlúdach.  Foilsítear na treoirlínte seo roimh an reifreann atá beartaithe i dtaca leis an 36ú leasú ar an mBunreacht agus reifrinn eile a reáchtálfar i dtaca le leasuithe ar an mbunreacht agus athchóirithe bunreachtúla sna blianta amach romhainn. Forbraíodh na … Continued

Folúntas EO sa BAI: Oifigeach Feidhmiúcháin airgeadais buan

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag lorg iarratais ar folúntas láithreach na nOifigeach Feidhmiúcháin d’oifigeach feidhmiúcháin airgeadais buan. Tugtar achoimre anseo ar shonraí an phoist lena n-áirítear na scileanna agus an taithí a theastaíonn. Ba cheart do pháirtí leasmhar ar bith a gCuraclam Vitae (CV) a thaisceadh trí ríomhphost chuig reception@bai.ie faoi mheán lae Déardaoin 29ú Márta 2018. Ní ghlacfar le hiarratais a … Continued

Folúntas HEO sa BAI: Conradh sealadach ar théarma seasta (12 Mhí)

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag lorg iarratais ar folúntas láithreach ar léibhéal Bainisteora (HEO) conradh sealadach ar théarma seasta (12 Mhí). Tugtar achoimre anseo ar shonraí an phoist lena n-áirítear na scileanna agus an taithí a theastaíonn. Ba cheart do pháirtí leasmhar ar bith a gCuraclam Vitae (CV) a thaisceadh trí ríomhphost chuig reception@bai.ie faoi mheán lae Dé Máirt … Continued

Aimsire Stádas Dearg – Oifig an BAI dúnta

Mar gheall ar an rabhadh aimsire Stádas Dearg, beidh oifig an BAI dúnta inniu (1/03) agus amárach (2/03) agus beidh an oifig oscailte arís Dé Luain, 5ú Márta ag 9am. Gabhaigí ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlach.

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (08.02.18). Cumhdaítear an tréimhse 12-mhí ó Eanáir – Nollaig 2017. Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Béarla). CRÍOCH Tabhair faoi deara: Ba cheart fiosruithe do na meáin … Continued

Fógraíonn an BAI maoiniú €611,000 trí Fhoghlaim agus Forbairt Earnála agus trí chláir Urraíochta

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) sonraí inniu (07.02.18) maidir lena leithdháileadh maoinithe le haghaidh 2018 faoina thionscnaimh um Fhoghlaim agus Forbairt Earnála agus maoiniú Urraíochta. Cheadaigh an BAI maoiniú €610,800 chun tacaíocht a thabhairt do raon tionscnamh, agus tá tuilleadh sonraí i dtaca leis na tionscnaimh sin le fáil thíos. Foghlaim agus Forbairt Earnála … Continued

Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (6 Feabhra). Bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI ar 11 ghearáin ar an 18 Deireadh Fómhair, 15 Samhain agus 13 Nollaig 2017. Bhain na gearáin ar bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh iad le cláir a craoladh ar RTÉ One TV, RTÉ … Continued

Athbhreithniú um Údarás Craolacháin na hÉireann 2017

Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) a ghrafaic faisnéise 2017 inniu (31 Eanáir), a léiríonn cuid mhór dá ghníomhaíocht i rith na bliana. Cosúil le leagan amach Ráiteas Straitéise an BAI 2017-2019, déanann an ghrafaic faisnéise cur síos ar obair an Údaráis i rith na bliana faoi na cúig ábhar straitéise seo: Éagsúlacht agus Iolracht … Continued