Fógraíonn an BAI Sonraí faoin bPlean Ceadúnaithe

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) sonraí inniu (Dé Máirt, an 25 Aibreán) faoin bPlean Ceadúnaithe don chuid eile den bhliain 2017. Cuimsíonn an Plean trí sheirbhís pobail raidió agus seirbhís pobal comhspéise raidió. Is iad seo a leanas sonraí na seirbhísí a cheadúnófar: Cineál Seirbhíse Limistéar Saincheadúnais Sprioclucht Éisteachta Pobal Iardheisceart an Chláir … Continued

Seolann Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) Cód Ginearálta maidir le Cumarsáid Tráchtála

Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) a Chód Ginearálta athbhreithnithe maidir le Cumarsáid Tráchtála inniu (28.03.17), ina leagtar amach na rialacha nach mór do stáisiúin raidió agus teilifíse na hÉireann a chomhlíonadh fad is a bhaineann sé le fógraíocht, urraíocht, suíomh táirgí agus cineálacha eile cumarsáide tráchtála a chraoladh. Tiocfaidh an Cód athbhreithnithe i bhfeidhm … Continued

Folúntas sa BAI: Oifigeach Cléireachais – Feidhm Airgeadais

Tuilleadh eolais agus an próiseas iarratais Roghnaíodh an ghníomhaireacht earcaíochta Accountancy Professionals (www.accpro.ie) leis an bhfeachtas seo a reáchtáil don BAI. Ba chóir gach ceist agus iarratas a sheoladh chuig Eoin Martin ar eoin@accpro.ie nó 01 6522350. Ní thabharfar freagra ar iarratas aonair a sheolfar go dtí an BAI. Tá iarratais dúnta anois.

Bronntar maoiniú €120,000 ar thionscadail Cheanadacha-Éireannacha

Baile Átha Cliath (Éire)/Toronto (Ceanada), an 9 Márta 2017 – D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus Canada Media Fund (CMF) maoiniú €120,000 inniu chun tacú le lánas closamhairc a chomhfhorbairt faoi Dhreasacht Comhforbartha Cheanada-na hÉireann le haghaidh Tionscadail Chlosamhairc. Oibreoidh ceithre chuideachta léiriúcháin Éireannacha i gcomhar le ceithre chuideachta léiriúcháin Cheanadacha chun na tionscadail … Continued

Gairm ar thairiscintí: Seirbhísí Sainchomhairleoireachta um Chaidreamh Poiblí, Gnóthaí Poiblí agus Caidreamh leis na Meáin

Is mian le hÚdarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) conradh a bhronnadh chun seirbhísí Sainchomhairleoireachta um Chaidreamh Poiblí, Gnóthaí Poiblí agus Caidreamh leis na Meáin a sholáthar chun tacú le baint amach na gcuspóirí straitéiseacha, faoi mar a dtugtar cuntas air i ndréacht-Ráiteas Straitéise 2017-2019. Tá Gairm ar Thairiscintí curtha in airde anois ar Etenders.gov.ie agus … Continued

Fógraíonn an BAI cistiú €637,000 trína chláir Foghlama agus Forbartha Earnála agus Urraíochta

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (“an BAI”) inniu, an 3ú Feabhra, sonraí faoina leithdháileadh cistithe don bhliain 2017 atá faoina thionscnaimh chistithe Foghlama agus Forbartha Earnála agus Urraíochta. D’fhaomh an BAI cistiú €637,880 chun tacú le réimse tionscnamh, agus tugtar cuntas ar shonraí breise fúthu thíos. Cistiú le haghaidh Foghlaim agus Forbairt Earnála Don bhliain … Continued

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (2ú Feabhra 2017). Cumhdaítear an tréimhse 12-mhí ó Eanáir – Nollaig 2016. Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Bearla). Tabhair faoi deara: Ba cheart fiosruithe do na meáin maidir … Continued

Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (31 Eanáir). Bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI ocht ngearán ag cruinnithe a cuireadh ar siúl i mí Nollaig 2016. Díobh sin, seasadh i bpáirt le ghearán amháin agus diúltaíodh do seacht ngearán. Bhain na gearáin ar bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh iad le … Continued