Iarratais á lorg do Sheirbhísí Raidió Pobail

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (4 Bealtaine) go bhfuil sé ag lorg iarratas do sholáthar na dtrí sheirbhís raidió pobail agus seirbhís raidió amháin leas an phobail, ag freastal ar na pobail i ngach aon cheann de na limistéir shaincheadúnais:   Tiobraid Árann Thiar Theas – Bailte Thiobraid Árann agus Chaisil agus Máguaird … Continued

Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (21 Nollaig). Bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI i mí na Samhna agus seasadh le trí ghearán. Bhain na gearáin ar bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh iad le cláir a craoladh ar RTÉ Radio 1 agus Cork’s 96FM. Bhain na … Continued

Leithdháileadh breis agus €5.5m do 126 tionscadal faoin Scéim Fuaim agus Fís

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) inniu (an 20.12.16) sonraí faoin bpacáiste is déanaí de mholtaí faoin Scéim Fuaim agus Fís a dhaingnigh an tÚdarás ag an gcruinniú is déanaí a bhí aige (an 15.12.16). I ndiaidh próiseas mionsonraithe measúnaithe, leithdháileadh cistiú arb ionann agus €5.569m é ar 126 tionscadal. As seo, leithdháileadh €5.019m ar … Continued

€50,000 faoi Scéim Cistithe um Thaighde ar na Meáin de chuid an BAI

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) inniu (an 19.12.16) gur bronnadh cistiú de shuim iomlán €50,000 ar thriúr iarratasóirí faoina Scéim Cistithe um Thaighde ar na Meáin 2016. Soláthraíonn an Scéim cistiú d’acadóirí, taighdeoirí agus gairmithe meán chun tabhairt faoi thaighde a bhaineann leis na meáin ar shaincheisteanna ábhartha a bhaineann leis an tionscal … Continued

Seolann an BAI Scéim Gaeilge leasaithe

Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) inniu (an 13 Nollaig) a dara Scéim Gaeilge, a thugann faoi sheirbhísí ardchaighdeáin Gaeilge a sholáthar don phobal sna trí bliana amach romhainn. Forbraíodh an scéim chun cur chuige caighdeánach a leagan amach ar fud na heagraíochta chun a dualgais a chomhlíonadh maidir leis an nGaeilge. Cuireann sé … Continued

Seolann an BAI Beartas um Litearthacht sna Meáin

Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (06.12.16) a Bheartas um Litearthacht sna Meáin, ina leagtar amach réimse scileanna chun cabhrú le daoine chun nascleanúint a dhéanamh ar ardáin ábhair reatha, nua agus iad siúd atá ag teacht chun cinn.  Seoladh an Beartas in Óstán Marker, agus d’fhreastail réimse leathan páirtithe leasmhara ó na meáin agus … Continued

Fógraíonn an BAI babhtaí cistithe do Fuaim agus Fís 3 don tréimhse 2017-2019

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) inniu sonraí faoi bhabhtaí cistithe dá Scéim Fuaim agus Fís don tréimhse 2017-2019. Cuirfidh an BAI seacht mbabhta cistithe ar siúl i gcaitheamh na tréimhse trí bliana, agus cuirfear leithdháileadh táscach €5m ar fáil do gach babhta. Lorgaíonn an fógra chun cinnteacht a sholáthar don earnáil chraolacháin maidir … Continued

Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (30 Samhain). Bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI trí ghearán ag cruinnithe a cuireadh ar siúl i mí Deireadh Fómhair 2016. Díobh sin, seasadh le ghearán amháin agus diúltaíodh do dhá ghearán. Bhain na gearáin ar bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh … Continued

Tá sé lá fágtha ann chun do thuairimí a sheoladh ar aghaidh ar ráiteas straitéise trí bliana an BAI

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) ag meabhrú do bhaill den phobal féachana agus éisteachta, do chraoltóirí agus do dhaoine aonair eile ar spéis leo, go ndúnfar an comhairliúchán poiblí ar a dhréacht-Ráiteas Straitéise (2017-2019) ag meán lae Déardaoin, an 1 Nollaig. Leagtar amach i ndréacht-Ráiteas Straitéise an BAI a fhís mar ‘tírdhreach meán … Continued

Fógraítear folúntais i mBord an BAI, Coiste Bronnta Conarthaí agus Coiste Comhlíonta an BAI ar stateboards.ie

D’fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí folúntais le déanaí atá i mBord an BAI, Coiste Bronnta Conarthaí agus Coiste Comhlíonta an BAI.  Tá folúntas amháin ann faoi láthair sa Bhord agus folúntas amháin sa Choiste Bronnta Conarthaí, agus tá dhá fholúntas le líonadh ar an gCoiste Comhlíonta, ina measc post Cathaoirligh.   Is é an spriocdháta … Continued