Níos mó ná €5.7m leithdháilte ar 119 tionscadal faoi Scéim Fuaime agus Físe an BAI

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (14.03.19) sonraí na ngradam maoinithe is déanaí faoi Scéim Maoinithe Craolacháin Fuaime agus Físe 3. I ndiaidh próiseas measúnaithe mionsonraithe, bronnadh €5.738m ar 119 tionscadal raidió agus teilifíse faoi Bhabhta 32 den Scéim. Bronnadh os cionn €5.1m ar 29 tionscadal teilifíse; agus gheobhaidh 90 tionscadal raidió rathúla €633,000. Cuireadh isteach 222 … Continued

Nathanna Cainte don Raidió

Mar chuid de Scéim Teanga an BAI agus chun an Ghaeilge a chéiliúradh i rith Seachtain na Gaeilge, rinneamar nuashonrú ar ár Nathanna Cainte don Raidió. Bain triail as an nGaeilge do Seachtain na Gaeilge!

Gairm ar thairiscintí: Séirbhísí Deartha agus Priontála don BAI.

Faoi láthair tá an tÚdarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ag lorg tairiscintí ar shéirbhísí deartha agus priontála don BAI. Tá Tairiscintí á Lorg don chonradh curtha ar Etenders.gov.ie agus is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná Dé hAoine an 22ú Márta 2019, ag 12 meán lae.

Beagnach €1.9 milliún bronnta ar shé thionscadal faoi Scéim um Chartlannú 2

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (28.02.19) sonraí na ngradam maoinithe is déanaí faoi Scéim um Chartlannú 2, tionscnamh i Scéim um Maoiniú Craolacháin an Údaráis. Is scéim tacaíochta í Scéim um Chartlannú 2, a mhaoinítear leis an táille ceadúnais teilifíse, chun cultúr cartlainne a spreagadh agus a chur chun cinn san earnáil craolacháin in Éirinn, ag … Continued

€616,000 de mhaoiniú trí chláir Foghlama agus Forbartha Earnála agus Urraíochta fógartha ag BAI

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (11.02.19) sonraí i dtaobh a leithdháilte maoiniúcháin i gcomhair 2019 faoina thionscnaimh mhaoiniúcháin Foghlama agus Forbartha Earnála agus Urraíochta. Tá €616,000 de mhaoiniú faofa ag BAI chun tacaíocht a thabhairt do réimse tionscnamh, a bhfuil cur síos ar a sonraí le fáil thíos faoi seo. Foghlaim agus Forbairt … Continued

Foilsíonn Údarás Craolacháin na hÉireann Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann a Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge inniu (8.2.19) ina leagtar amach gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an Údarás chun tacú leis an nGaeilge agus chun forbairt cláir agus seirbhísí craoltóireachta Gaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn i dtionscal closamhairc na hÉireann.  Tá an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge ar cheann de … Continued

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (07.02.19). Cumhdaítear an tréimhse 12-mhí ó Eanáir – Nollaig 2018. Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Béarla). CRÍOCH Tabhair faoi deara: Ba cheart fiosruithe do na meáin maidir le … Continued

Foilsíonn Údarás Craolacháin na hÉireann Rialacha Rochtana nuashonraithe

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann gur foilsíodh leagan nuashonraithe dá Rialacha Rochtana inniu (24.1.19), atá deartha chun an tuiscint agus an taitneamh a bhaineann daoine atá bodhar, daoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu, daoine atá caoch nó daoine breacamharcacha as an teilifís a mhéadú. Baineann na Rialacha Rochtana le craoltóirí laistigh de dhlínse na hÉireann … Continued

Údarás Craolacháin na hÉireann ag díriú ar scéalta na mBan faoin Scéim Fuaime agus Físe

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (21.12.18) sonraí faoi thionscnamh nua faoin Scéim um Maoiniú Craolacháin, an Scéim Fuaime agus Físe 3, a bhfuil mar aidhm léi tuilleadh scéalta ban a thabhairt chuig lucht éisteachta raidió agus teilifíse in Éirinn. Faoi Bhabhta 33 den Scéim um Maoiniú Craolacháin, atá le dúnadh i mBealtaine 2019, tá an … Continued

Gairm ar thairiscintí: séirbhísí bainistíochta áiseanna a sholáthar don BAI.

Faoi láthair tá an tÚdarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ag lorg tairiscintí ar shéirbhísí bainistíochta áiseanna a sholáthar don BAI. Tá Tairiscintí á lorg don chonradh curtha ar Etenders.gov.ie agus is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná Dé hAoine an 1ú Feabhra 2019, ag 12 meán lae.