€50,000 faoi Scéim Cistithe um Thaighde ar na Meáin de chuid an BAI

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) inniu (an 19.12.16) gur bronnadh cistiú de shuim iomlán €50,000 ar thriúr iarratasóirí faoina Scéim Cistithe um Thaighde ar na Meáin 2016. Soláthraíonn an Scéim cistiú d’acadóirí, taighdeoirí agus gairmithe meán chun tabhairt faoi thaighde a bhaineann leis na meáin ar shaincheisteanna ábhartha a bhaineann leis an tionscal … Continued

Conarthaí Sínithe Do Sheirbhísí Raidió Tráchtála agus Pobail

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) tar éis conarthaí a shíniú inniu (Déardaoin 15 Nollaig) i gcomhair cheithre sheirbhís chraoltóireachta fuaime ar feadh deich mbliana.  Áirítear leis na seirbhísí seirbhís náisiúnta nach mór de chuid Newstalk 106, a dhíríonn ar Chaint/Nuacht; seirbhísí raidió pobail do Leamhcán agus Máguaird, Liffey Sound; seirbhís Pobail Sainspéise do Chathair … Continued

Seolann an BAI Scéim Gaeilge leasaithe

Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) inniu (an 13 Nollaig) a dara Scéim Gaeilge, a thugann faoi sheirbhísí ardchaighdeáin Gaeilge a sholáthar don phobal sna trí bliana amach romhainn. Forbraíodh an scéim chun cur chuige caighdeánach a leagan amach ar fud na heagraíochta chun a dualgais a chomhlíonadh maidir leis an nGaeilge. Cuireann sé … Continued

Seolann an BAI Beartas um Litearthacht sna Meáin

Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (06.12.16) a Bheartas um Litearthacht sna Meáin, ina leagtar amach réimse scileanna chun cabhrú le daoine chun nascleanúint a dhéanamh ar ardáin ábhair reatha, nua agus iad siúd atá ag teacht chun cinn.  Seoladh an Beartas in Óstán Marker, agus d’fhreastail réimse leathan páirtithe leasmhara ó na meáin agus … Continued

Fógraíonn an BAI babhtaí cistithe do Fuaim agus Fís 3 don tréimhse 2017-2019

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) inniu sonraí faoi bhabhtaí cistithe dá Scéim Fuaim agus Fís don tréimhse 2017-2019. Cuirfidh an BAI seacht mbabhta cistithe ar siúl i gcaitheamh na tréimhse trí bliana, agus cuirfear leithdháileadh táscach €5m ar fáil do gach babhta. Lorgaíonn an fógra chun cinnteacht a sholáthar don earnáil chraolacháin maidir … Continued

Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (30 Samhain). Bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI trí ghearán ag cruinnithe a cuireadh ar siúl i mí Deireadh Fómhair 2016. Díobh sin, seasadh le ghearán amháin agus diúltaíodh do dhá ghearán. Bhain na gearáin ar bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh … Continued

Fógraítear folúntais i mBord an BAI, Coiste Bronnta Conarthaí agus Coiste Comhlíonta an BAI ar stateboards.ie

D’fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí folúntais le déanaí atá i mBord an BAI, Coiste Bronnta Conarthaí agus Coiste Comhlíonta an BAI.  Tá folúntas amháin ann faoi láthair sa Bhord agus folúntas amháin sa Choiste Bronnta Conarthaí, agus tá dhá fholúntas le líonadh ar an gCoiste Comhlíonta, ina measc post Cathaoirligh.   Is é an spriocdháta … Continued

Tuarascáil Bhliantúil 2015 an BAI

Tá Tuarascáil Bhliantúil 2015 Údarás Craolacháin na hÉireann ar fáil anois. Sonraítear sa tuarascáil gníomhaíochtaí na heagraíochta agus an dul chun cinn a rinneadh chun a phlean oibre a chur i bhfeidhm in 2015, trí úsáid a bhaint as na téamaí a chuimsítear i Ráiteas Straitéise 2014-2016 an BAI mar chreat. Agus aird ar an … Continued

Fógraíonn Ceanada agus Éire go n-athosclófar an dreasacht forbartha do thionscadail chlosamhairc

Toronto / Baile Átha Cliath, an 8 Samhain, 2016 – d’fhógair Ciste Meán Cheanada Media (CMC) agus Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) inniu go n-athosclófar a ndreasacht chistithe chun tionscadail chlosamhairc a fhorbairt. Cuirfear CAD$150,000, ar an iomlán, ar fáil chun tacú le léiritheoirí Éireannacha agus Ceanadacha chun comhléiriúcháin a fhorbairt a chraolfar ar … Continued

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (26ú Deireadh Fómhair 2016). Cumhdaítear an tréimhse 12-mhí ó Deireadh Fómhair 2015 – Meán Fómhair 2016. Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Bearla). Tabhair faoi deara: Ba … Continued