Bronnadh socrúcháin raidió ar dheichniúr céimithe meáin agus iriseoireachta a cáilíodh le gairid faoi Chlár na hIriseoireachta do Chéimithe 2022

Is comhpháirtíocht í an scéim idir Údarás Craolacháin na hÉireann agus Learning Waves

Is iad Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) i gcomhpháirtíocht le Learning Waves, a d’fhógair an deichniúr iarratasóirí inniu (02.11.22) ar éirigh leo le haghaidh Chlár na hIriseoireachta do Chéimithe Learning Waves 2022. Is iad Údarás Craolacháin na hÉireann agus Learning Waves Skillnet a mhaoiníonn an tionscnamh intéirneachta atá ar íocaíocht, agus tugann Newstalk, Shannonside, Radio Kerry, Ocean FM, Galway Bay FM, Midlands 103, iRadio, Midwest Radio, Off the Ball agus Tipp FM tacaíocht don tionscnamh. Gheobhaidh an deichniúr céimithe meantóireacht, traenáil phraiticiúil, forbairt phearsanta agus deiseanna cruthaithe ábhair le linn dóibh a bheith ar shocrúchán oibre go ceann cúig mhí agus iad ag obair i gceann de na stáisiúin raidió neamhspleách sa tír.

Is iad seo a leanas an deichniúr céimithe atá ag glacadh páirt sa chlár 2022:

  • Dan Hanratty, Ollscoil Mhá Nuad, atá ag tabhairt faoi shocrúchán oibre le Off The Ball.
  • Sorcha Burke, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ciarraí atá ag tabhairt faoi shocrúchán oibre le Radio Kerry.
  • Kyle Duffy, Coláiste Neamhspleách, Baile Átha Cliath, atá ag tabhairt faoi shocrúchán oibre le Midwest Radio.
  • Donal Ryan, Ollscoil na Gaillimhe, atá ag tabhairt faoi shocrúchán oibre le Ocean FM.
  • Rachel Timoney, Ollscoil na Gaillimhe, atá ag tabhairt faoi shocrúchán oibre le Galway Bay FM.
  • Jack Cunnane, Ollscoil Mhá Nuad, atá ag tabhairt faoi shocrúchán oibre le Shannonside.
  • Heather Lawrie, Coláiste Uí Ghríofa Baile Átha Cliath, atá ag tabhairt faoi shocrúchán oibre le Newstalk.
  • Clodagh McKeon, Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach, atá ag tabhairt faoi shocrúchán oibre le iRadio.
  • Chloe Farrell, Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach, atá ag tabhairt faoi shocrúchán oibre le Midlands 103.
  • Katie O’Donovan, Ollscoil Luimnigh, atá ag tabhairt faoi shocrúchán oibre le Tipp FM.

Maoiníonn an Scéim um Nuálaíocht Foghlama agus Forbartha Earnála de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann an clár. Cuireann sé seo tacaíocht ar fáil don earnáil craolacháin agus do na líonraí tionscnaimh ábhartha chun éascaíocht a dhéanamh ar thionscnaimh traenála agus forbartha a chabhraíonn chun feabhas a chur ar acmhainneacht sa tionscal. Faoi scéim 2022, bronnadh €47,000 ar Learning Waves chun Clár na hIriseoireachta do Chéimithe a fheidhmiú. Cuimsítear leis an dámhachtain méadú suntasach ar mhaoiniú, rud a dhéanfaidh leas do na hintéirnigh go díreach agus rud a bheidh ina chabhair acu a gcostais mhaireachtála a íoc agus iad ag tabhairt faoina socrúcháin oibre.

Dúirt Celene Craig, Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann agus í ag nochtadh a tuairime ar an gclár: “Agus figiúirí JNLR agus Tuairisc Nuachta Dhigiteach ar eolas againn, tá a fhios againn go mbíonn móréilimh ar an raidió i gcónaí in Éirinn agus tá sé ina fhoinse riachtanach d’eolas iontaofa agus d’ábhar spéisiúil do gach duine is cuma cén aois iad. Ina leith sin, tá sé riachtanach go bhfuil fíorfhonn raidió ar na céimnithe nua againn, agus go bhfuil siad in ann aird lucht éisteachta an raidió a tharraingt ar bhealaí nuálacha. Tá Clár na hIriseoireachta do Chéimithe fíorthábhachtach chun céimithe nua a mhealladh chuig an meán agus chun gach rud a chuireann sé ar fáil a chur ar taispeáint. Tá ríméad ar Údarás Craolacháin na hÉireann arís tacú leis an scéim seo. Cuirimid fáilte roimh na deiseanna feabhsaithe sa scéim i mbliana inar féidir le scoláirí a gcuid oibre, agus an bhéim ar ábhair an chláir a chur ar taispeáint ar nós éagsúlachta, athrú aeráide agus inbhuanaitheachta, rudaí a bhfuil an-suim ag Údarás Craolacháin na hÉireann agus ag luchtanna éisteachta iontu. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na céimithe ar éirigh leo agus leis na stáisiúin raidió ar son Údarás Craolacháin na hÉireann agus guím gach rath orthu.”

Anuas air sin, dúirt Teresa Hanratty, Bainisteoir Tionscadail Learning Waves an méid seo a leanas: “Tá ról an iriseora níos tábhachtaí anois i sochaí na hÉireann ná mar a bhí riamh, chun eolas iontaofa a chur ar fáil do na saoránaigh ar fad.  Tugadh é seo chun solais le linn COVID-19 agus tháinig méadú ar an éileamh ar iriseoirí nua ar fud na hearnála raidió neamhspleách in Éirinn dá réir.  Mar sin, tá sé tábhachtach go gcuireann an earnáil conair ar fáil ionas go mbeidh iriseoirí nua in ann cur isteach ar phoist san earnáil.  Is é Learning Waves an comhlacht traenála le haghaidh na hearnála raidió neamhspleách agus faigheann sé tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Skillnet Ireland, agus tá ríméad ar Learning Waves a bheith in ann a Chlár Iriseoireachta do Chéimithe a chur ar fáil don tríú bliain ó 2019.  Cuireann an clár deis ar fáil do na céimithe ar éirigh leo chun taithí agus léargais thar a bheith luachmhar a fháil ar ról an iriseora sa tsochaí. Cuireann clár 2022 leis an gclár píolótach ó 2019 agus ó 2021; chomh maith leis sin, cuireann sé cur chuige nuálach agus saincheaptha ar fáil do chéimithe agus do na stáisiúin raidió maidir le tallann nua a fhorbairt don earnáil raidió neamhspleách.” 

Dúirt sí chomh maith: “Tá Learning Waves ag súil go mór leis an gclár seo mar sholáthraí traenála. Beidh tionchar suntasach ag an gclár ar na céimithe agus ar na stáisiúin raidió a n-éireoidh leo, agus cruthóidh sé foinse de thallann nua don tionscal. Guímid gach rath ar na céimithe agus ar na stáisiúin raidió.”

Roghnaíodh na craoltóirí agus céimithe rannpháirteacha seo i ndiaidh próiseas iarratais ar cuireadh tús leis i mí Bealtaine 2022. Fuarthas 15 iarratas ó chraoltóirí agus 45 iarratas ó scoláirí. Cuireadh na hiarratais a fuarthas ó scoláirí ar ghearrliosta agus chuir painéal ionadaithe ó Learning Waves agus ón tionscal na scoláirí céanna faoi agallamh. Ghlac na céimithe ar éirigh leo lena socrúcháin i mí Mheán Fómhair agus cuirfidh siad a gcuid oibre ar taispeáint i mí Feabhra 2023.

CRÍOCH

Teagmhálacha meán:

Údarás Craolacháin na hÉireann: Joanne Ahern, DHR Communications, Teil: 087-9881837.

Clár na hIriseoireachta do Chéimithe: Teresa Hanratty, 087-4173301.

Gach ceist eile: Údarás Craolacháin na hÉireann, 01-6441200.

Nóta d’eagarthóirí:

Eolas faoi Chlár na hIriseoireachta do Chéimithe: Feidhmíonn Learning Waves Clár na hIriseoireachta do Chéimithe trí dhámhachtain mhaoinithe dar luach €47,000 faoin Scéim um Nuálaíocht Foghlama agus Forbartha Earnála de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. Is tionscnamh é Learning Waves Skillnet a bhfuil an tionscal i gceannas air, tionscnamh a chuireann traenáil ar fáil do na daoine a oibríonn san earnáil neamhspleách raidió tráchtála. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a fháil anseo.