Bronnadh socrúcháin san earnáil raidió neamhspleách ar dheichniúr céimí a cháiligh le gairid san iriseoireacht agus na meáin faoin gClár do Chéímithe le hIriseoireacht 2021

Bronnadh socrúcháin san earnáil raidió neamhspleách ar dheichniúr céimí a cháiligh le gairid san iriseoireacht agus na meáin faoin gClár do Chéímithe le hIriseoireacht 2021  

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) i gcomhar le Learning Waves, an deichniúr iarrthóir    ar éirigh leo don Chlár do Chéímithe le hIriseoireachtde chuid Learning Waves inniu (28.09.21). Tógann an scéim intéirneachta reatha ar an rath a bhain leis an gcéad chlár i 2019, le méadú faoi dhó ar an líon socrúcháin atá ar fáil do chéimithe. Faoi chlár 2021 gheobhaidh deichniúr céimí meantóireacht, oiliúint theagmhálach, chomh maith le deiseanna forbartha agus cruthaithe ábhar le linn dóibh a bheith ag obair i gceann de stáisiúin raidió neamhspleácha na tíre. Déanann an BAI agus Learning Waves Skillnet cómhaoiniú ar an dtionscnamh intéirneachta íoctha agus faigheann sé tacaíocht ó Newstalk, Shannonside, Radio Kerry, Ocean FM, Galway Bay FM, South East Radio, LMFM, KCLR, Off the Ball agus Red FM Chorcaí.  

Is iad seo na deichniúr céimí a ghlacfaidh páirt i gclár 2021:

  • Andrew Martin, Coláiste Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath, a bheidh lonnaithe in Off The Ball
  • Cailie Murphy, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh, a bheidh lonnaithe le Radio Kerry
  • Ciaron Noble, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, a bheidh lonnaithe le South East Radio
  • Gary Feeney, Ollscoil Luimnigh, a bheidh lonnaithe le Ocean FM
  • Nicky Anderson, Ollscoil Luimnigh, a bheidh lonnaithe le Red FM Chorcaí
  • Oisín McGovern, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh, a bheidh lonnaithe le Galway Bay FM
  • Rebecca Daly, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, a bheidh lonnaithe le LMFM
  • Shannon Redmond, Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach, a bheidh lonnaithe le KCLR
  • Tommy Stenson, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a bheidh lonnaithe le Shannonside
  • Fiona Cooney, Coláiste Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath a bheidh lonnaithe le Newstalk

Tá an Clár maoinithe ag Scéim Nuálaíochta Foghlama agus Forbartha Earnála an BAI. Tugann an Scéim tacaíocht don earnáil craolacháin agus do líonraí tionscal ábhartha chun tionscnaimh oiliúna agus forbartha a éascú a chabhróidh le feabhas a chur ansin ar chumas sa tionscal. Faoi Scéim 2021, bronnadh iomlán de €32,000 ar Learning Waves chun an Clár do Chéímithe le hIriseoireachtdon bhliain seo a reáchtáil. Agus í ag cur síos air seo, dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach an BAI, Celene Craig: “Tá áthas ar an BAI tacú arís leis an gcomhpháirtíocht tras-earnála seo a chuireann conairí ar fáil do chéimithe san iriseoireacht agus na meáin teacht isteach sa tionscal craolacháin. Tá tábhacht straitéiseach fhíormhór leis an gclár don earnáil le ceangail a neartú idir soláthraithe oideachais agus cleachtóirí tionscail: réimse a bhfuil tábhacht thar na bearta leis d’fhás earnála agus d’fhorbairt scileanna. Léiríonn an méadú a cuireadh leis i mbliana chun 10 n-intéirneacht a thairiscint an rath atá leis an tionscnamh, a rith Learning Waves den chéad uair i 2019. Ba mhaith leis an BAI tréaslú leis na mic léinn agus na stáisiúin ar éirigh leo agus gach rath a ghuí ar rannpháirtithe 2021.”

Dúirt Bainisteoir Tionscnaimh Learning Waves, Teresa Hanratty: “I bhfianaise an róil a bhí ag iriseoirí le heolas iontaofa agus ionraic a scaipeadh le linn na paindéime, níorbh aon ionadh go bhfuair muid os cionn 100 iarratas don chlár seo. Tá áthas orainn a bheith in ann intéirneacht a bhronnadh ar dheichniúr céimí thar an earnáil raidió neamhspleách áit a bhfaighidh siad taithí agus léargais luachmhara maidir le ról an iriseora sa tsochaí. Chun tacú leo ar an mbealach, tabharfaidh na céimithe faoi chlár oiliúna cuimsitheach a dtugann Learning Waves tacaíocht dó trí mhaoiniú ó Skillnet Ireland. Tógann clár 2021 ar an gclár píolótach ó 2019 agus cuireann sé ar fáil do chéimithe agus do stáisiúin araon cur chuige nuálach agus saincheaptha chun tallann nua a fhorbairt don earnáil Raidió Neamhspleách. Tá Learning Waves ar bís faoin gclár seo mar go gcuireann sé cur chuige nua ar fáil chun iriseoirí óga a earcú, a roghnú agus a fhorbairt don earnáil. Tá sé de dhualgas ar Learning Waves mar sholáthraí oiliúna don earnáil, tallann nua a chuardach don earnáil agus cuireann an clár seo conair shoiléir agus inbhuanaithe ar fáil dó sin, le tacaíocht ón BAI agus ó Skillnet Ireland. Beidh tionchar suntasach ag an gclár ar na céimithe agus ar na stáisiúin atá ag glacadh páirt agus cuirfidh sé píblíne thallainne nua ar fáil don tionscal. Guímid gach rath ar na céimithe agus ar na stáisiúin anois ag tús an chláir.’

Roghnaíodh na craoltóirí agus na céimithe rannpháirteacha tar éis próiseas iarratais a thosaigh san Aibreán 2021. Fuarthas iomlán de 15 iarratas ó chraoltóirí agus 104 iarratas ó mhic léinn. Cuireadh na hiarratais ó mhic léinn ar ghearrliosta agus chuir painéal ionadaithe ón BAI, Learning Waves agus saineolaí seachtrach agallamh orthu. Cuirfear tús leis na socrúcháin i Meán Fómhair 2021.

CRÍOCH

Ceisteanna Meáin: Thelma Harris / Joanne Ahern : 01-4200580 / 087-9881837 / 083-0517622

BAI: 01-6441200

Teresa Hanratty, Clár do Chéimithe le hIriseoireacht, 087 417 3301

Nótaí chuig eagarthóirí:

  • Ritheann Learning Waves an Clár do Chéimithe le hIriseoireacht le maoiniú de €32,000 a bronnadh faoi Scéim Nuálaíochta Foghlama agus Forbartha Earnála an BAI. 
  • Is tionscnamh tionscaltreoraithe é Learning Waves Skillnet a chuireann oiliúint ar fáil dóibh siúd atá ag obair san earnáil raidió neamhspleách..
  •  Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin scéim ag www.learningwaves.ie/journalism-graduate-programme.