
D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus an Canada Media Fund (CMF) inniu (23.11.18) go bhfuil infheistíocht ar fiú breis is €51,500 í déanta acu chun tacú le comhfhorbairt lánais closamhairc faoi Dhreasacht Chomhfhorbartha Cheanada-na hÉireann um Thionscadail Chlosamhairc.
Oibreoidh dhá chuideachta léirithe Éireannacha i gcomhar le dhá chuideachta Cheanadacha chun na tionscadail seo a leanas a fhorbairt.
- From Ireland to the Arctic, Loosehorse Ltd. (An tIarratasóir Éireannach), Grandboy Inc. (An tIarratasóir Ceanadach), sraith clár faisnéise, á fhorbairt, BAI €11,700 (timpeall le), CMF €6,257 (timpeall le).
- Lullaby, Subotica (An tIarratasóir Éireannach), Rezolution Pictures Int. Inc. (An tIarratasóir Ceanadach), clár faisnéise, á fhorbairt, BAI €20,000 (timpeall le), CMF €13,500 (timpeall le).
D’fhonn a bheith cáilithe chun cistiú a fháil, níor mhór na tionscadail a roghnaíodh a bheith beartaithe lena gcraoladh ag craoltóirí incháilithe Éireannacha agus Ceanadacha, agus go mbeadh aon léiritheoir Éireannach amháin agus aon léiritheoir Ceanadach amháin ar a laghad i gceist. Déanann an dreasacht cistiú do thionscadail teilifíse agus do shíntí meán digiteach ar na tionscadail teilifíse sin, a chomhlíonann cuspóirí agus téamaí Scéim Fuaim agus Fís BAI agus treoirlínte CMF araon. Rinne coiste roghnóireachta, ar a raibh ionadaithe de chuid an dá eagraíocht cistiúcháin, na tionscadail a mheasúnú agus a roghnú.
Aon léiritheoirí ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar chistiú a fháil tríd an dreasacht seo, bíodh a fhios acu go bhfógrófar treoirlínte i gcomhair an chláir, a athosclófar i gcomhair an tríú bliain as a chéile, i lár mhí Aibreáin. Is é an dáta deiridh i gcomhair iarratas deireadh mhí an Mheithimh 2019.
CRÍOCH
Ceisteanna ó na Meáin le cur ar:
BAI
Joanne Ahern / Tony Heffernan, DHR Communications. Fón: 01-42000580 / 087-9881837 / 087-2399508.
CMF
André Ferreira, Bainisteoir Cumarsáide, Canada Media Fund. aferreira@cmf-fmc.ca Fón: 416.214.4402
Nóta d’Eagarthóirí
Maidir leis an BAI
Is é an BAI an rialtóir craolta in Éirinn. Tá ról lárnach aige freisin i bhforbairt na hearnála craolacháin in Éirinn agus i dtacú léi. Tá raon tacaíochtaí agus tionscnaimh mhaoinithe i bhfeidhm faoi láthair trína gcomhlíonann an BAI an ról seo. Folaítear do Bhearta Coimhdeacha Fuaime agus Físe, cosúil leis an gciste a leagtar amach thuas, faoi Alt 5.6 den Scéim Mhaoinithe Chraolacháin. Ceapadh na bearta seo agus cuirtear i bhfeidhm iad d’fhonn tacú le cuspóirí na Scéime a bhaint amach.
Maidir le Canada Media Fund
Cothaíonn, forbraíonn, maoiníonn agus cuireann Canada Media Fund (CMF) léiriú ábhar as Ceanada chun cinn ar gach ardán meán closamhairc. Treoraíonn an CMF ábhar as Ceanada i dtreo timpeallacht iomaíoch dhomhanda trí nuálaíocht tionscail a chothú, luach saothair a thabhairt don rath, éagsúlacht guthanna a chumasú agus rochtain ar ábhar a chur chun cinn trí chomhpháirtíochtaí san earnáil phoiblí agus phríobháideach. Faigheann an CMF tacaíocht airgeadais ó Rialtas Cheanada agus ó dháileoirí cábla, satailíte agus IPTV i gCeanada. Tabhair cuairt ar cmf-fmc.ca