Breis is €1.3m arna leithroinnt ar chúig thionscadal faoin mbabhta is déanaí de Scéim um Chartlannú 2
D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (21.01.20) sonraí na ndámhachtainí maoiniúcháin is déanaí faoi Scéim um Chartlannú 2, is tionscnamh faoi Scéim um Maoiniú Craolacháin BAI. Is scéim tacaíochta í Scéim um Chartlannú 2, a chistítear tríd an táille ceadúnais teilifíse chun forbairt cultúir cartlannúcháin a spreagadh agus a chur chun cinn in earnáil craolacháin na hÉireann, is rud a chabhróidh le hoidhreacht na hÉireann a chosaint.
Mar a rinneadh sna babhtaí roimhe seo faoin Scéim, díríodh sa bhabhta is déanaí ar chosaint a thabhairt do bhunábhar clár atá faoi bhagairt mar gheall ar an mbail shobhriste atá air nó mar go bhfuil sé taifeadta i bhformáidí a bheidh as feidhm ar fad go luath. Fuarthas aon iarratas déag san iomlán, ar dámhadh €1.34 milliun de chistiú do chúig thionscadal díobh. Is iad sin:
• Institiúid Scannán na hÉireann i gcomhpháirtíocht le Margo Harkin, Anne Crilly agus Trish McAdam: Obair de chuid na mbanscannánóirí ceannasacha Éireannacha seo, a rinneadh idir na 1980í agus 2000-2010, a chaomhnú agus a dhigitiú. Cuimsíonn sé bunábhar cláir faisnéise, cainte agus scannáin.
• Cnuasach Bhéaloideas Éireann COBÁC lena gcomhpháirtithe RTÉ, Fiontar agus Scoil na Gaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath: Digitiú ar thaifeadtaí fuaime a rinne Coimisiún Béaloideasa Éireann (1935 – 1970) agus Raidió Éireann (1947 – 1955), a bhfuil 700 uair an chloig de chaint, d’amhráin agus de cheol ann.
• TG4 lena gcomhpháirtithe RTÉ agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; thartar 650 uair an chloig de chláir nuachta agus cúrsaí reatha Gaeilge TG4 a chaomhnú agus a innéacsú.
• Cartlann Guinness lena gcomhpháirtithe Institiúid Scannán na hÉireann agus an British Film Institute: Cartlann dhigiteach chuimsitheach is inrochtana ag an bpobal a chruthú ina mbeidh fógraí craolta de chuid Guinness ó 1955 go dtí 1995.
• RTÉ lena gcomhpháirtithe Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chatair Bhaile Átha Cliath: Bailiúchán de thimpeall le 1,400 uair an chloig de thaifeadtaí ar chláracha Gaeilge a rinneadh idir na 1960í agus na 1990í.
Ag caint dó ar an bhfógra, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, Michael O’Keefe: “Tá lúcháir orainn a fhógairt go bhfuil tacaíocht chistiúcháin á thabhairt i gcomhair na gcúig thionscadal seo ar éirigh leo faoin mbabhta seo de Scéim um Chartlannú 2. Léiríodh go soiléir sna hiarratais sin go raibh fiúntas cultúrtha iontu agus go raibh gá le caomhnú a dhéanamh, agus bhíodar ag teacht go maith le cuspóirí na Scéime. Bhíomar sásta, go háirithe, leis na gealltanais i leith rochtana agus leis na cuir chuige chomhoibríocha a glacadh, rud is léir ón líon comhpháirtithe atá páirteach sna tionscadail.
“Tá cion oibre fíorthábhachtach á dhéanamh tríd an Scéim ó thaobh traidisiún craolacháin na hÉireann a chaomhnú agus ó thaobh an taifid ar chultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann atá ag fás go leanúnach.”
Tosóidh BAI anois ar chaibidlíocht chonartha a ghlacadh ar láimh le gach iarratasóir a bhfuil éirithe leis. Tá breis eolais i dtaobh Scéim um Chartlannú 2 agus na dtionscadal a bhfuil cistiú á thairiscint dóibh ar fáil anseo.
CRÍOCH
Fiosruithe ó na meáin chumarsáide: déantar teagmháil le Sebastian Enke / Joanne Ahern, DHR Communications, Teil: 01-4200580 / 087-3234946 / 087-9881837.
Gach fiosrú eile: déantar teagmháil le BAI ag 01-6441200 nó info@bai.ie
Nótaí d’Eagarthóirí:
• Faoi théarmaí an Achta Craolacháin, 2009, sanntar d’Údarás Craolacháin na hÉireann freagracht as scéim a fhoirmliú, a bhainistiú agus a riaradh chun cistiú a dhéanamh ar fhorbairt cur chuige comhtháite i leith bunábhar clár a tháirgtear sa Stát a chartlannú. Bunaíodh an Scéim um Chartlannú faoi alt 154(1)(e) den Acht. Cistítear Scéim um Chartlannú 2 trí chéatadán den Chiste Craolacháin bliantúil, dá bhforáiltear faoi Alt 157 den Acht. Síltear nach mbeidh an chionmhaireacht a leithroinnfear ar an gcartlannú níos mó ná 20% den mhéid iomlán a bheidh ar fáil as an gCiste Craolacháin in aon bhliain faoi leith.