Beagnach €1.9 milliún bronnta ar shé thionscadal faoi Scéim um Chartlannú 2

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (28.02.19) sonraí na ngradam maoinithe is déanaí faoi Scéim um Chartlannú 2, tionscnamh i Scéim um Maoiniú Craolacháin an Údaráis. Is scéim tacaíochta í Scéim um Chartlannú 2, a mhaoinítear leis an táille ceadúnais teilifíse, chun cultúr cartlainne a spreagadh agus a chur chun cinn san earnáil craolacháin in Éirinn, ag cur le hoidhreacht na hÉireann a chosaint.

Díríodh sa bhabhta seo de Scéim um Chartlannú 2 ar inneachar cláir a chur i gcartlann agus é mar chuspóir sonrach taifead stairiúil de chultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann a chaomhnú agus go háirithe, é sin a thugann cosaint don ábhar stairiúil a bhfuil riocht fhisiceach shobhriste ag bagairt air nó a mbeidh a bhformáidí as feidhm go luath. Fuarthas 13 iarratas ar fad, agus bronnadh €1.89 milliún ar shé thionscadal.

Is iad sin:

  • Institiúid Scannán na hÉireann/Ballymun Communications – Píosa físeáin a cruthaíodh i bpobal Bhaile Munna ó thús na 1980idí go dtí inniu.
  • Northern Ireland Screen/PRONI (Cartlann Thuaisceart Éireann) – Digitiú ar scannáin phictiúrlainne UTV ó 1959–1972.
  • TG4/OÉG/CLG – Digitiú ar chláir leanaí agus shiamsaíochta i nGaeilge, drámaí Gaeilge, agus cláir spóirt i nGaeilge ó 1996–2006.
  • Northern Visions Limited/Raidió Fáilte – Bailiúchán de chláir raidió agus theilifíse i nGaeilge ó sheirbhísí pobail 1970idí – 2010.
  • RTÉ/Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – Digitiú ar thaifeadtaí raidió i nGaeilge 1950–2009.
  • RTÉ – Digitiú ar scannán nuachta ó na 1970idí.

Agus é ag labhairt faoi fhógra an mhaoinithe, dúirt Michael O’ Keeffe, Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann: “Tá an-áthas orainn na daoine a bhfuil maoiniú faighte acu faoi Scéim um Chartlannú 2 a fhógairt. Léirigh gach ceann de na tionscadail luach tábhachtach cultúrtha an inneachair cartlainne a chaomhnófar anois le haghaidh na nglún amach anseo. Cuireann Údarás Craolacháin na hÉireann fáilte go háirithe roimh an meon comhpháirtíochta a glacadh i móramh na n-iarratas ar éirigh leo, a fhaigheann spreagadh ón Scéim, agus a chomhlíonann ceann de phríomhchuspóirí na Scéime, is é sin meon comhtháite a fhorbairt maidir le cartlannú.”

“Tacaíonn Scéim um Chartlannú 2 le príomhchuspóir straitéiseach an Údaráis chun an fháil atá ar inneachar closamhairc atá ábhartha ar bhonn cultúrtha a mhéadú do lucht féachana na hÉireann. Ó tugadh an chéad Scéim um Chartlannú isteach in 2012, tá os cionn €6.8 milliún bronnta ag an Údarás ar 28 tionscadal cartlannaithe san earnáil raidió agus teilifíse araon.”

Cuirfidh Údarás Craolacháin na hÉireann tús anois le hidirbheartaíocht conarthaí leis na hiarratasóirí ar éirigh leo. Tá tuilleadh eolais faoi Scéim um Chartlannú 2 agus na tionscadail ar fad ar tairgeadh maoiniú dóibh ar fáil anseo.

I gcomhair tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar www.bai.ie.

CRÍOCH

Teagmháil: Sebastian Enke / Joanne Ahern, DHR Communications, Teil: 01-4200580 / 087-3234946 / 087-9881837

Nóta d’Eagarthóirí:

  • Faoi théarmaí an Achta Craolacháin, 2009, tá freagracht ar Údarás Craolacháin na hÉireann as foirmliú, bainistíocht agus riaradh scéime chun forbairt cur chuige comhtháite a mhaoiniú i leith cartlannú bunábhar clár a tháirgtear sa Stát. Bunaíodh an Scéim um Chartlannú faoi Alt 154(1)(e) den Acht.  Déanfar Scéim um Chartlannú 2 a mhaoiniú trí chéatadán den Chiste Craolacháin bliantúil, a sholáthraítear faoi Alt 157 den Acht. Meastar gur 20% ar a mhéad den Chiste Craolacháin iomlán a leithdháilfear ar chartlannú in aon bhliain ar leith.