Foilsítear Tuarascáil BAI um Bailiú Sonraí i leith na Gaeilge

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (18.02.21) a chéad Tuarascáil um Bailiú Sonraí i leith na Gaeilge.  Tá an tionscadal ar cheann de na tograí a a d’eascair as Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge an BAI, a seoladh in 2019 agus a bhfuil sé mar aidhm aige cláir Ghaeilge agus seirbhísí craolacháin Gaeilge in earnáil chlosamhairc … Continued

Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (17.02.21) Dhiúltaigh an Fóram Gearán Feidhmiúcháin do 4 ngearán tar éis dó iad a bhreithniú i mí Meán Fómhair, Samhain, agus ollaig 2020. Tá sonraí faoi na cinntí sin go léir ar fáil lena n-íoslódáil anseo. CRÍOCH Do cheisteanna ó na … Continued

€646,000 de mhaoiniú trí chláir Foghlama agus Forbartha Earnála agus Urraíochta fógartha ag BAI i gcomhair 2021

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (11.02.21) sonraí maidir le leithdháiltí maoinithe 2021 faoina chlár Foghlama agus Forbartha Earnála agus faoina Scéim Urraíochta. Tá €646,000 de mhaoiniú faofa ag BAI chun tacaíocht a thabhairt do réimse tionscnamh, a bhfuil cur síos ar a sonraí le fáil thíos faoi seo. Foghlaim agus Forbairt Earnála Is cuid … Continued

LEAS-PHRÍOMHFHEIDHMEANNACH AN BAI CEAPTHA AR GHRÚPA NA RIALTÓIRÍ EORPACHA UM SHEIRBHÍSÍ MEÁN CLOSAMHAIRC (ERGA)

Chuaigh Leas-phríomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI), Celene Craig Uasal, i mbun a cuid dualgas san Eanáir mar bhall de Ghrúpa Rialtóirí Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) tar éis í a bheith ceaptha sa phost i mí na Nollag 2020. Tugann an ERGA a chuimsíonn ionadaithe ó chomhlachtaí rialála closamhairc náisiúnta as na 27 … Continued

Fógraíonn an BAI babhta maoinithe €2.5m do raidió tráchtála faoin Scéim Fuaime & Físe

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag glacadh le hiarratais anois faoi bhabhta speisialta den Scéim Fuaime & Físe. Is é an cuspóir atá leis an mbabhta speisialta seo ná tacaíocht a chur ar fáil don earnáil raidió tráchtála neamhspleách chun cláir a léiriú a neartóidh feasacht agus tuiscint an phobail ar COVID-19. Tá Tionscnamh Maoinithe COVID-19 … Continued

Seolann BAI ráiteas straitéise trí bliana

Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann a Ráiteas Straitéise nua 2021-2023, (Straitéis), inniu (14.01.21) a threoróidh a chuid oibre thar na trí bliana amach romhainn. Is í seo an cheathrú straitéis ó bunaíodh BAI in 2009. Chuir athbhreithniú cuimsitheach ar éifeachtacht na straitéise roimhe seo; comhairliúchán poiblí leathan; agus measúnú domhain den chomhthéacs reatha, náisiúnta agus … Continued

Conarthaí sínithe ag BAI le Classic Hits agus le Radio Nova

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) tar éis fógairt go bhfuil na conarthaí craolacháin fuaime seo a leanas sínithe aige, chun seirbhísí craolacháin fuaime ar an mbanna FM a sholáthar: Conradh le Choice Broadcasting Limited, atá i mbun trádála mar Classic Hits, ar son Seirbhís Craolacháin Fuaime don Cheol óir/Récheol/Cheol socair, a bheas dírithe ar … Continued

Tá Women on Air i ndiaidh a mBunachar Sonraí Meán, a bhfuiltear ag súil go mór leis, a sheoladh inniu

Tá Women on Air i ndiaidh a mBunachar Sonraí Meán, a bhfuiltear ag súil go mór leis, a sheoladh inniu (06.01.21). Le tacaíocht mhaoinithe ó Údarás Craolacháin na hÉireann, is eagraíocht neamhbhrabúis í Women on Air a chuireann deiseanna oiliúna agus meantóireachta ar fáil do mhná laistigh den tionscal craolacháin. Dearadh an bunachar sonraí chun … Continued

Conradh sínithe idir an BAI agus Dublin’s Q102

Tá sé fógartha ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) go bhfuil conradh craolacháin fuaime nua sínithe aige le City Broadcasting Limited, atá i mbun trádála mar Dublin’s Q102, chun na seirbhísí craolacháin fuaime seo a leanas a sholáthar ar an mbanda FM: Seirbhís chraolacháin fuaime ceolbhunaithe do lucht féachana ginearálta atá idir 35 agus 55 … Continued