Fógraíonn Údarás Craolacháin na hÉireann agus CMF Babhta Maoinithe i gcomhair Dreasacht Forbartha do Thionscadail Chlosamhairc

Baile Átha Cliath / Toronto – D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus an Canada Media Fund (CMF) inniu go bhfuil an dara babhta den dreasacht maoinithe trí bliana oscailte chun tionscadail chlosamhairc a fhorbairt. Is féidir treoirlínte cláir, doiciméid iarratais agus spriocdhátaí i gcomhair aighneachtaí a fháil ar shuíomh gréasáin an Údaráis anseo. Is … Continued

Conarthaí Sínithe i gComhair Seirbhísí Raidió Pobail

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (Dé Máirt 3 Iúil) gur síníodh trí cinn de chonarthaí craoltóireachta fuaime pobail agus pobail inspéise. Is éard atá sna seirbhísí: seirbhís raidió pobail d’Iardheisceart Thiobraid Árann – Tipperary Mid-West Radio, d’Iardheisceart an Chláir – Raidió Corca Baiscinn; agus seirbhís pobail inspéise i gcomhair phobal Críostaí Chathair Chorcaí, … Continued

Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (27.06.18). Bhreithnigh agus dhiúltaigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI ar 8 ngearáin ar an 7ú Márta agus 18ú Aibreán 2018. Bhain na gearáin ar bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh iad le cláir a craoladh ar: RTÉ Raidió 1: Liveline: 11ú … Continued

Laghdú ar úsáid na meán sóisialta i gcomhair nuachta i measc tomhaltóirí Éireannacha ach is beag tuiscint atá acu ar conas mar thagann an nuacht isteach ina gcuid fothaí meán sóisialta

Is beag tuiscint atá ag tomhaltóirí in Éirinn agus ar fud an domhain ar conas mar a thagann an nuacht isteach ina gcuid fothaí meán sóisialta. B’in ceann amháin de na fionnachtana as an Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters, a scaoileadh amach inniu (14.06.18). Is éard is cuspóir don staidéar idirnáisiúnta bliantúil … Continued

Seolann Údarás Craolacháin na hÉireann comhairliúchán poiblí faoi athruithe molta chuig rialacha i dtaca le fotheidealú, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus clostuairisc.

Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) comhairliúchán poiblí inniu (13.06.18) i dtaca le hathruithe molta ar Rialacha Rochtana de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, a rialaíonn an méid fotheidealaithe, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus clostuairisce a chaithfidh craoltóirí a chur ar fáil don phobal. Is é is aidhm leis na rialacha tuiscint agus taitneamh a … Continued

Seolann Údarás Craolacháin na hÉireann Scéim Cartlannúcháin 2

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (07.06.18) sonraí Scéim Cartlannúcháin 2, ar cuspóir di cabhrú le hoidhreacht na hÉireann a chaomhnú trí fhorbairt cultúir cartlannúcháin a spreagadh in earnáil chraoltóireachta na hÉireann. Is é seo an dara cur amach den Scéim Cartlannúcháin a bheidh le seoladh ag Údarás Craolacháin na hÉireann agus oibreoidh sí go … Continued

Iarratais á lorg i gcomhair Seirbhísí Raidió Pobail do Chlár Chlainne Mhuiris agus Dún Dealgan

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (1 Bealtaine) go bhfuil iarratais á lorg aige chun dhá sheirbhís raidió pobail a sholáthar, ag freastal ar Chlár Chlainne Mhuiris agus an Ceantar Máguaird, agus Dún Dealgan agus an Ceantar Máguaird.  Cuireadh fógraí poiblí maidir leis na hiarratais atá á lorg sna páipéir áitiúla ábhartha. Tá an tseirbhís … Continued

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (26.04.18). Cumhdaítear an tréimhse 12-mhí ó Aibreán 2017 – Márta 2018. Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Bearla). CRÍOCH Tabhair faoi deara: Ba cheart fiosruithe do na … Continued

Seolann Údarás Craolacháin na hÉireann comhairliúchán poiblí i dtaca leis an Straitéis athchóirithe um Sheirbhísí Craolacháin.

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) comhairliúchán poiblí inniu (24.04.18) i dtaca leis dréachtstraitéis athchóirithe um Sheirbhísí Craolacháin (BSS). Is é cuspóir an chomhairliúcháin fís an BAI don tírdhreach craolacháin a roinnt agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara a fháil ar an bhfís seo agus roghanna d’fhorbairt amach anseo. Chomh maith leis sin, tugtar deis don … Continued

Níos mó ná €5.9m leithdháilte ar 126 tionscnamh faoi Scéim Fuaime agus Físe

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (10.04.18) sonraí na ngradam maoinithe is déanaí faoi Scéim Maoinithe Craolacháin Fhuaim agus Fís 3. Tar éis próiseas cuimsitheach measúnaithe, leithdháileadh maoiniú €5.991m ar 126 tionscnamh raidió agus teilifíse i mBabhta 30. Amach as sin, leithdháileadh maoiniú €5.368m ar 33 tionscnamh teilifíse agus leithdháileadh €622,000 ar 93 tionscnamh raidió sa bhabhta … Continued