Lorgaítear Iarratais le haghaidh Sheirbhís Raidió Pobail do Bhaile Átha Luain agus a Purláin

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (29 Bealtaine) go bhfuil sé ag lorg iarratas le haghaidh soláthar sheirbhís raidió pobail le freastal ar phobal Bhaile Átha Luain agus a Purláin. Cuireadh fógra poiblí ag lorg iarratas sa pháipéar áitiúil ábhartha. Faoi láthair tá Athlone Community Radio Company faoi Theorainn Ráthaíochta (ag trádáil mar Athlone … Continued

Folúntas HEO sa BAI: Conradh sealadach ar théarma seasta (2 Bhliain)

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag lorg iarratais ar folúntas láithreach ar léibhéal Bainisteora (HEO) conradh sealadach ar théarma seasta (2 Bhliain). Tugtar achoimre anseo ar shonraí an phoist lena n-áirítear na scileanna agus an taithí a theastaíonn. Ba cheart do pháirtí leasmhar ar bith iarratais a thaisceadh trí ríomhphost chuig reception@bai.ie faoi mheán lae Dé Céadaoin 29ú Bealtaine 2019. Ní ghlacfar le hiarratais … Continued

Gairm ar thairiscintí: ceapachán i gcomhordaitheoir i leith inbhuanaitheacht earnála

Faoi láthair tá an tÚdarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ag lorg tairiscintí ar ceapachán i gcomhordaitheoir i leith inbhuanaitheacht earnála. Tá Tairiscintí á Lorg don chonradh curtha ar Etenders.gov.ie agus is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná Dé Céadaoin, an 29ú Bealtaine 2019, ag 12 meán lae.

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (02.05.19). Cumhdaítear an tréimhse 12-mhí ó Aibreán 2018 – Márta 2019. Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Bearla). CRÍOCH Tabhair faoi deara: Ba cheart fiosruithe do na … Continued

Ceadúnú Raidió Tráchtála – Léiriú Spéise i gcomhair Seirbhísí Craolacháin Fuaime

Rinne an Coiste um Dheonú Conarthaí ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu, (18.04.2019) Aibreán, fógra poiblí a chur ar nuachtán náisiúnta ina n-iarrtar léirithe spéise ar pháirtithe a bhfuil spéis acu i gconradh craolacháin fuaime a bhaint amach i gcomhair aon cheann amháin acu seo a leanas a sholáthar:- Seirbhís Craolacháin Fuaime bunaithe ar … Continued

Seolann an BAI Scéim Maoinithe um Thaighde sna Meáin 2019

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) eolas faoina Scéim Maoinithe um Thaighde sna Meáin 2019 inniu (17.04.19). Tá €50,000 ar an iomlán á chur ar fáil d’acadóirí, taighdeoirí agus gairmithe sa tionscal craoltóireachta/meán a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu chun togra(í) taighde a dhéanamh ar théamaí a bhaineann le hobair an BAI. Tá sé mar … Continued

Sonraí plean ceadúnaithe fógartha ag BAI

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (17.04.19) sonraí a Phlean Ceadúnaithe Raidió i gcomhair a bhfuil fágtha de 2019. Is éard atá sa phlean ná trí cinn de sheirbhísí craolacháin fuaime tráchtála agus aon seirbhís craolacháin fuaime pobail amháin. Ceanglaítear ar BAI faoin Acht Craolacháin, 2009 pleananna a chur le chéile maidir le líon, … Continued

Fógraíonn Údarás Craolacháin na hÉireann dáta éifeachtach do chur i bhfeidhm a threoirlínte craolacháin i ndáil le clúdach ar na toghcháin Eorpacha agus Áitiúla agus ar an reifreann atá ag teacht aníos

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (10.04.2019) an dáta éifeachtach do chur i bhfeidhm a threoirlínte craolacháin i ndáil le clúdach ar na toghcháin Eorpacha agus Áitiúla agus ar an reifreann chun an Bhunreacht a leasú i ndáil le scaoileadh pósta atá ag teacht aníos. Tiocfaidh an dá shraith Treoirlínte i bhfeidhm Dé Céadaoin, … Continued

Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (21 Márta 2019). Bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI ar an Deireadh Fómhair 2018 agus dhiúltaigh siad do 4 ghearán. Bhain na gearáin ar bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh iad le cláir a craoladh ar: RTÉ One: A Wild Irish … Continued