Ceadúnú Raidió Tráchtála: Nuashonrú i dtaobh an Mhear-Phróisis

D’fhógair an Coiste um Dheonú Conarthaí ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (26.09.19) go bhfuil ar intinn aige mear-phróiseas ceadúnúcháin a agairt i gcomhair seirbhís craolacháin fuaime, de réir alt 67(3) den Acht Craolacháin, 2009. Féadfaidh an Coiste an mear-phróiseas a agairt i gcás gur ón gconraitheoir is sealbhóir a fuarthas an t-aon léiriú … Continued

Tús curtha ag an BAI le comhairliúchán poiblí ar an Dréachtscéim Fuaim agus Fís 4

Tá tús curtha inniu (25.09.19) ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI)  le comhairliúchán poiblí ar dhréachtscéim dá chuid, Fuaim agus Fís 4, a thógfaidh áit na scéime reatha Fuaim agus Fís 3. Cuireann na scéimeanna Fuaim agus Fís maoiniú ar fáil do chláir d’ardchaighdeán ar chultúr, oidhreacht agus saol na hÉireann; do chláir a bhfuil … Continued

Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (24.09.2019). Bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI i mí Bealtaine 2019 agus dhiúltaigh siad do triúr ghearán. Bhain na gearáin ar bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh iad le cláir a craoladh ar: • RTÉ One: Prime Time: 22nd Eanáir 2019 … Continued

Socrúcháin arna ndámhachtain do chúigear iriseoirí nuacháilithe faoin gClár do Chéimithe le hIriseoireacht raidió

Socrúcháin arna ndámhachtain do chúigear iriseoirí nuacháilithe faoin gClár do Chéimithe le hIriseoireacht raidió Scéim intéirneachta a bhfuil tacaíocht á fáil aici ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Learning Waves D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (19.09.19), i gcomhpháirtíocht le Learning Waves, na hiarrthóirí ar an gClár tionscnaimh do Chéimithe le hIriseoireacht a … Continued

Aithnítear i dtuarascáil nua i dtaobh fógraí polaitiúla sna meáin shóisialta go bhfuil neamhréireachtaí i dtacair sonraí agus i míniúcháin

Ní mór míniucháin shoiléire a thabhairt ar cad is fógraíocht pholaitiúil ar líne ann agus ar cad é an rud é fógraíocht ar líne atá bunaithe ar shaincheisteanna, mar aon le bunachair sonraí cuimsitheacha lán-inrochtana a bheith ar fáil, chun a chinntiú go mbeidh fógraí polaitiúla digiteacha agus an stocaireacht pholaitiúil dhigiteach trédhearcach. Sin é … Continued

Nuashonrú ar Phlean Ceadúnúcháin Raidió 2019

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) dhá nuashonrúchán ar cheadúnú inniu (04.09.19); ceann acu i gcomhair an raidió tráchtála agus an ceann eile i gcomhair an raidió pobail. Ceadúnú Raidió Tráchtála – próiseas mear D’fhógair an Coiste um Dheonú Conarthaí ag an BAI an 31 Iúil 2019 go bhfuil sé ar intinn aige an próiseas … Continued

Tá aighneachtaí á lorg ag an BAI maidir leis a dara Scéim Teanga

Tá aighneachtaí á lorg ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) maidir le hathbhreithniú atá le déanamh aige ar a dara Scéim Teanga. Tá aighneachtaí maidir le hathbhreithniú ar na scéime agus ullmhú na scéime nua á lorg ag an BAI ó aon pháirtithe leasmhara. de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é … Continued

Conradh Sínithe ag BAI le Dundalk FM

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (27.08.19), go bhfuil conradh craoltóireachta fuaime pobail sínithe aige le Dundalk Media Centre Company, atá faoi Theorainn Ráthaíochta agus atá ag trádáil mar Dundalk FM, a fhreastalaíonn ar Dhún Dealgan agus ar an líomatáiste máguaird. Ag caint dó ag síniú an chonartha, dúirt príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe: … Continued

Ceadúnas do Sheirbhís Raidió Tráchtála: Glaoch ar Iarratais – Soiléiriú

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu an leagan athbhreithnithe maidir le fógraíocht foilsithe sna nuachtáin náisiúnta ar an 1 Lúnasa 2019 chun fáilte a chur roimh iarratais i scríbhinn ó aon pháirtí aonair nó ó aon chomhlacht a bhfuil suim aige/acu i gConradh Craolacháin Fuaime le haghaidh seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil … Continued

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (01.08.19). Cumhdaítear an tréimhse 12-mhí ó Iúil 2018 – Meitheamh 2019. Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Bearla).   CRÍOCH   Tabhair faoi deara: Ba cheart fiosruithe … Continued