An dáta éifeachtach a mbeidh feidhm ag treoirlínte craolacháin maidir le tuairisciú ar thoghcháin arna fhógairt ag BAI

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (15.01.20) an dáta éifeachtach a mbeidh feidhm ag a threoirlínte i ndáil le tuairisciú ar an Olltoghchán atá chugainn. Tiocfaidh na treoirlínte in éifeacht ón lá inniu amach agus fanfaidh siad in éifeacht go dtí 10pm Dé Sathairn, 8 Feabhra 2020, lá an toghcháin. Cuimsíonn na treoirlínte roinnt … Continued

Tugtar éachtaint ar conas mar a thomhlaítear ábhar físe in Éirinn i staidéar taighde arna mhaoiniú ag BAI

Is iad YouTube agus Netflix na meáin is mó a bhfuil tóir orthu ó thaobh tomhaltas físe de i measc na rannpháirtithe 20-55 bliana d’aois in ‘Netflix and Binge?’, staidéar taighde nua. Is é Údarás Craolacháin na hÉireann a choimisiúnaigh an tuarascáil, a foilsíodh inniu (17.12.19), agus is taighdeoirí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath … Continued

Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (26.11.19). Bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI i mí Lúnasa agus Meán Fómhair 2019 agus dhiúltaigh siad do 5 ghearán. Bhain na gearáin ar bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh iad le cláir a craoladh ar: RTÉ One: Today with Maura … Continued

Maoiniú ar fiú suas le €120,000 é ar fáil faoi Scéim Urraíochta BAI 2020

D’fhógair BAI inniu (26.11.19) sonraí a Scéime Urraíochta i gcomhair na bliana 2020. Déantar, leis an Scéim bhliantúil seo, maoiniú urraíochta a chur ar fáil d’ócáidí agus do ghníomhaíochtaí éagsúla a bhaineann leis na meáin chumarsáide trína dtacaítear le cuspóirí straitéiseacha BAI ina Ráiteas Straitéise 2017 – 2019 agus trína dtugtar deiseanna do BAI ar … Continued

Athbhreithniú: BAI Ráiteas Straitéise 2017 – 2019

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ar a Ráiteas Straitéise 2017-2019. Beidh torthaí an athbhreithnithe sin ina mbonn eolais faoi fhorbairt Ráitis Straitéise nua in 2020. Cuid amháin den phróiseas athbhreithniúcháin is ea suirbhé ar líne do pháirtithe leasmhara chun tuairimí a bhailiú ó raon leathan de pháirtithe leasmhara a bhíonn … Continued

Conradh sínithe idir an BAI, iRadio North West agus iRadio North East and Midlands

(14/11/19) D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu go bhfuil conradh craolacháin fuaime aonair sínithe idir é agus Wilton Radio Limited, a bhíonn ag trádáil mar iRadio, d’fhonn an dá sheirbhís chraolacháin a leanas a sholáthar ar an mbanda FM: Seirbhís chraolacháin réigiúnach bunaithe ar an gceol (don aos óg) don Iarthuaisceart (i. Dún na … Continued

Maoiniú d’os cionn €94k bronnta ar thograí Cheanada-Éireann

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus Ciste Meáin Cheanada (CMF) infheistíocht os cionn €94,000 inniu (06/11/19) chun tacú le comhléirithe d’ábhair chlosamhairc faoin Dreasacht Chomhléirithe do thograí closamhairc idir Ceanada agus Éirinn. Beidh trí chomhlacht léiriúcháin as Éirinn ag comhoibriú le trí chomhlacht as Ceanada chun na tograí seo a leanas a fhorbairt: #IBelieveHer … Continued

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (24.10.19). Cumhdaítear an tréimhse 12-mhí ó Deireadh Fómhair 2018 go dtí Mean Fómhair 2019. Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Bearla). CRÍOCH Tabhair faoi deara: … Continued

Bronntar níos mó ná €56k faoi Scéim Maoinithe Údarás Craolacháin na hÉireann don Taighde Meán

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (02.10.19) gur bronnadh dámhachtainí dar luach €56,318.80 san iomlán ar bheirt iarrthóirí a chuir isteach ar Scéim Tacaíochta 2019 don Taighde Meán dá chuid. Is éard is aidhm leis an scéim tacú le tionscnaimh taighde a chuideoidh leis an Údarás an díospóireacht phoiblí a chur chun cinn agus … Continued

Níos mó ná €5.9m leithdháilte ar 122 tionscnamh faoin Scéim Fuaime agus Físe

Feictear ardú suntasach i líon na gclár ina bhfuil insint ban agus ina bhfuil mná i bpríomhróil chruthaitheacha sa bhabhta maoinithe is déanaí. D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (30.09.19) sonraí na ngradam maoinithe is déanaí faoin Scéim Maoinithe Craolacháin Fuaime agus Físe 3. Tar éis próiseas cuimsitheach measúnaithe, táthar tar éis maoiniú €5.9m a leithdháileadh … Continued