
Baile Átha Cliath / Vancouver – D’fhógair Údarás Craolachán na hÉireann (BAI) agus Canada Media Fund (CMF) athoscailt a ndreasachta maoinithe um thionscadail chlosamhairc a fhorbairt inniu. Fógraíodh é a imeacht le linn Mediacon in Vancouver, os comhair léiritheoirí Ceanadacha agus toscaireach Éireannach a raibh Jim Kelly, Ambasadóir Phoblacht na hÉireann chun Ceanada ina cheannaire uirthi.
Tá treoirlínte an chláir, cáipéisí iarratais agus spriocdhátaí d’aighneachtaí ar fáil ar láithreán gréasáin BAI. Is é an 11 Eanáir an spriocdháta d’iarratais.
Tá sé i gceist ag an dá eagraíocht bheith ina gcomhpháirtithe ar feadh trí bliana chun tionscadail chomhfhorbartha idir léiritheoirí i gCeanada agus in Éirinn a mhaoiniú. Is é €140,000 méid iomlán an mhaoinithe atá ar fáil faoin dreasacht i mbliana. Is é €35,000 uasmhéid an mhaoinaithe do gach tionscadal atá maoinithe faoin dreasacht.
Tá sé i gceist ag an dreasacht maoiniú a thabhairt do thionscadail teilifíse agus míreanna meán digiteach curtha lena leithéid de thionscadail, a chomhlíonann treoirlínte CMF agus cuspóirí agus téamaí Scéim Fuaime agus Físe BAI. Déanfaidh coiste roghnaithe ar a mbeidh ionadaithe ón dá eagraíocht mhaoinithe na tionscadail a mheas agus iad a roghnú.
Den chéad atriall den chlár 2016-2017 chuir BAI agus CMF €129,000 ar fáil chun comhfhorbairt na gceithre thionscadail a mhaoiniú.
Comhpháirtí idirnáisiúnta a aimsiú
Tugtar cuireadh do léiritheoirí a bhfuil suim acu i gcomhpháirtí idirnáisiúnta a aimsiú cuntas a gcuideachta a phostáil ar láithreán gréasáin CMF trí gliogáil anseo. Beidh rochtain ar na cuntais ag cách, comhpháirtithe féideartha san áireamh.
Maidir le Ciste na Meán Cheanada/Canada Media Fund
Déanann Canada Media Fund (CMF) léiriú ábhar Ceanadach do gach léibheann meán closamhairc a chothú, é a fhorbairt, é a mhaoiniú agus é a chur chun cinn. Treoraíonn CMF ábhar Ceanadach i dtreo timpeallacht domhanda iomaíoch trí nuálaíocht tionsclaíoch a chothú, trí rath a chúiteamh, trí éagsúlachta gutha a chumasú agus trí rochtain ar ábhar trí comhpháirtíochtaí ón earnáil poiblí agus príobháideach a chur chun cinn. Faigheann CMF maoiniú ó Rialtas Cheanada, ó dháileoirí cábla, satailíte agus IPTV Cheanada. Le do thoil, tabhair cuairt ar cmf-fmc.ca.
Maidir le BAI
Is é BAI rialóir craolacháin na hÉireann. Tá príomhról aige freisin earnáil chraolacháin na hÉireanna a fhorbairt agus í a thacú. Faoi láthaoir tá raon tacaíochtai maoinithe agus tionscnamh ar bun aige, lena gcomhlíonann BAI an ról seo. Tá foráil faoi Alt 5.6 den Scéim Maoinithe Craolacháin do Bheartais Choimhdeacha Fuaime agus Físe ar nós an chiste thuas luaite. Déantar na beartais seo a chumadh agus iad a chur i bhfeidhm mar thacaíocht chun cuspóirí na scéime a bhaint amach.