Aithnítear i dtuarascáil nua i dtaobh fógraí polaitiúla sna meáin shóisialta go bhfuil neamhréireachtaí i dtacair sonraí agus i míniúcháin
Ní mór míniucháin shoiléire a thabhairt ar cad is fógraíocht pholaitiúil ar líne ann agus ar cad é an rud é fógraíocht ar líne atá bunaithe ar shaincheisteanna, mar aon le bunachair sonraí cuimsitheacha lán-inrochtana a bheith ar fáil, chun a chinntiú go mbeidh fógraí polaitiúla digiteacha agus an stocaireacht pholaitiúil dhigiteach trédhearcach. Sin é a deirtear in ElectCheck 2019, tuarascáil nua taighde, a choimisiúnaigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus a ghabh an Institiúid um Meáin Chumarsáide agus Iriseoireacht sa Todhchaí (FuJo) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath de láimh, agus a foilsíodh inniu (17.09.19).
Rinneadh scrúdú sa taighde ar fhógraí polaitiúla a cuireadh in airde ar Facebook, Twitter agus Google i gcaitheamh fheachtas an Toghcháin do Thionól na hEorpa in 2019 i gcomhthéacs ghealltanais na n-ardán sa Chód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis, is cód féinrialaitheach chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh na bréagaisnéise agus na bréagnuachta ar líne. Gabhadh an taighde de láimh mar chuid de thionscadal níos mó ag an AE, ar cuspóir dó cúnamh a thabhairt don Choimisiún Eorpach, chun faireachán a dhéanamh ar conas mar atá na gealltanais sa Chód á gcur i ngníomh.
Mar chuid den taighde a ghabh FuJo de láimh, rinneadh faireachán ar bhreis is 1,500 fógra polaitiúil a bhí ar áireamh i leabharlanna fógraí agus i dtacair sonraí a sholáthair Facebook, Twitter agus Google chun féachaint an raibh an fhaisnéis seo a leanas iontu: ar íocadh as an bhfógra; cé a d’íoc as; an raibh séanadh ag gabháil leis á rá gurbh fhógra polaitiúil ab ea é nó gurbh fhógra a bhí bunaithe ar shaincheisteanna ab ea é; faisnéis ar mhicreaspriocadh; agus an méid airgid a caitheadh leis an bhfógra.
Fionnadh sa tuarascáil gurbh fhéidir roinnt faisnéise ab iomchuí maidir leis na ceisteanna taighde a scagadh as na tacair sonraí a soláthraíodh, ach níorbh fhéidir teacht ar thuiscint shoiléir, lánchuimsitheach ar na saghsanna fógraíochta polaitiúla, agus ar an méid fógraíochta polaitiúla, a bhí ar na trí ardán toisc neamhréireachtaí a bheith sna tacair sonraí. Ina cheann sin, fionnadh inti maidir le fógraí atá bunaithe ar shaincheisteanna – fógraí a bhaineann le saincheisteanna stocaireachta, leithéidí na hinimirce agus an chomhshaoil, seachas iarrthóirí i dtoghcháin nó páirtithe – nach raibh lipéid á rá sin orthu ach ag Facebook amháin. Ní raibh fógraí a bhí bunaithe ar shaincheisteanna aitheanta ina gcuid tacar sonraí ag Twitter ná ag Google.
Dúirt Jane Suiter, Stiúrthóir FuJo: “Is cóir éifeachtach í an fhógraíocht ar líne chun dul i gcion ar sprioclucht éisteachta agus féachana, agus ní haon ionadh mar sin gur cuid dhílis d’aon fheachtas polaitiúil nua-aimseartha anois í. Ar a shon sin, tá contúirtí agus deacrachtaí nach beag ag gabháil leis an easpa trédhearcachta agus d’fhéadfadh sí sin an bonn a bhaint ó shláine an phróisis toghcháin.
“Tá sé le tuiscint as ár gcuid fionnachtana nach mór mórán feabhais a chur ar na hardáin dhigiteacha chun go gcomhlíonfaidh siad a gcuid gealltanas faoin gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis.
“Tá FuJo tar éis roinnt moltaí a chur faoi bhráid an ‘Chomhairliúcháin Phoiblí maidir le Rialáil na Fógraíochta Polaitiúla Ar Líne in Éirinn’ ag Roinn an Taoisigh. Ar na moltaí sin tá an Coimisiún Toghcháin a bhunú, rud a leagtar amach sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta agus a mhol an Grúpa Idir-Rannach um Shlándáil Phróiseas Toghcháin na hÉireann agus Bréagaisnéis; ar an dara dul síos, stór inchuardaithe d’fhógaíocht pholaitiúil ar líne a bhunú, ina n-áireofaí faisnéis i dtaobh fógraí (foinse an fhógra, an áit a bhfuil an fhoinse, táirgeadh an ábhair, na costais a bhí air) agus i dtaobh conas mar a dháiltear iad (cainéil, an sprioclucht féachana agus éisteachta, mar a úsáidtear sonraí); agus ar an tríú dul síos, ceanglas a fhorfheidhmiú go n-áireofar inphriontaí ar gach fógra polaitiúil ar líne chun a léiriú cé hé an duine atá freagrach as an ábhar a chruthú.”
An taighde a rinneadh i gcomhair na tuarascála seo is cuid é de thionscadal níos mó atá á chur i ngníomh ag Grúpa Rialálaithe na hEorpa um Sheirbhísí na Meán Closamhairc (ERGA) ar iarratas an Choimisiúin Eorpaigh. Is é an BAI a dhéanann cathaoirleacht ar an bhfoghrúpa de chuid ERGA atá ag stiúradh na hoibre seo agus tá sé ag obair i gcomhar le comhpháirtithe ar fud na tire chun na modheolaíochtaí faireacháin a theastaíonn a chur i ngníomh.
Dúirt príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keefe: “Is ábhar imní é le roinnt blianta anuas an tionchar díobhálach atá ag cumarsáidí sna meáin shóisialta ar an díospóireacht dhaonlathach, go háirithe ó thaobh na dtoghchán agus na reifreann de. Cuireadh an tuarascáil seo i gcrích mar chuid de thionscadal níos leithne ag an AE chun faireachán a dhéanamh ar na gealltanais a thug Google, Facebook agus Twitter sa Chód Cleachtais féinrialaitheach maidir le Bréagaisnéis chun a chinntiú go mbeidh gníomhaíochtaí feachtasaíochta ar líne trédhearcach, cothrom agus iontaofa roimh na toghcháin do Thionól na hEorpa in earrach na bliana seo.
“Léirítear sa tuarascáil gur phléigh na trí ardán go gníomhach lena gcuid gealltanas i leith tacaíocht a thabhairt don trédhearcacht i dtoghcháin. Mar sin féin, léirítear inti leis go bhfuil easpa comhsheasmhachta idir na hardáin ó thaobh conas mar a chuir siad na sonraí i láthair agus ó thaobh conas mar a sainíodh fógraíocht pholaitiúil agus fógraíocht atá bunaithe ar shaincheisteanna. D’fhonn faireachán éifeachtach ar fhógraíocht pholaitiúil a urasú agus trédhearcacht iomlán a áirithiú, ní mór cur chuige soiléir comhsheasmhach a ghlacadh i leith rialála, agus ní mór na córacha cuí de réir a sainchúraimí a bheith ag lucht déanta beartas agus ag riálálaithe chun go mbeidh siad ábalta ar thabhairt go sásúil faoi na dúshláin láithreacha agus do na dúshláin atá ag teacht ar barr i dtaca leis an ábhar sin.”
CRÍOCH
Teagmhálaí: Joanne Ahern / Sebastian Enke, DHR Communications, Tel: 087-9881837 / 087-3239496.
Nóta d’eagarthóirí:
• Tá ElectCheck 2019 ar fáil lena íoslódáil anseo.
• Tá an BAI ina bhall de dhá mhórchomhlacht rialála Eorpacha agus tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.