Rochtain níos fearr anois ná riamh ar chláir raidió Ghaeilge

Tá na meáin dhigiteacha ag cabhrú go mór le craoltóirí lucht éisteachta níos forleithne a aimsiú, dá bhrí sin tá rochtain níos fearr ag lucht na Gaeilge ar chláir Ghaeilge. Is é sin an dearcadh atá léirithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag seoladh sceideal náisiúnta na gclár raidió Gaeilge i gcomhpháirt le hÚdarás Craolacháin na hÉireann (BAI) i mBaile Átha Cliath inniu (30.01.2013).

Ba í an tseirbhís nuachta dhigiteach do chraoltóirí le Gaeilge Cogar a chuir an sceideal náisiúnta le chéile. Tá Cogar maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann agus bíonn an tseirbhís á cur ar fáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Ag labhairt dó ag seoladh an sceidil inniu, dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge,  Kevin De Barra, “ A bhuíochas d’fhorbairtí sna meáin dhigiteacha, tá lucht éisteachta níos forleithne á aimsiú ag craoltóirí agus tá ag éirí leo díriú isteach ar lucht éisteachta úr. Le forbairt na craoltóireachta raidió ar líne, fóin chliste agus aipeanna, níl teorainn thíreolaíoch ar bith ar stáisiúin raidió inniu”.

“Is dea-scéal é seo do lucht labhartha na Gaeilge. Tá ábhar suntasach ar fáil anois sna meáin dhigiteacha. Má tá cónaí ort i Loch Garman,  mar shampla,  d’fhéadfá éisteacht le cláir Ghaeilge ó stáisiún raidió atá lonnaithe  i nGaillimh, i gCiarraí  nó áit ar bith timpeall na tíre ar do fhón cliste nó ar do ríomhaire glúine.  Mar an gcéanna leis sin,  tá fáil ag eisimircigh agus ag cainteoirí Gaeilge thar lear ar chláir Ghaeilge ar ghléasanna cliste, ar aipeanna agus ar stáisiúin idirlín in ainneoin go bhfuil cónaí orthu thar sáile.”

Léiríonn sceideal Cogar ‘Sceideal Náisiúnta na gClár Gaeilge 2013’  líon agus éagsúlacht na gclár Gaeilge agus dátheangacha a bhíonn le cloisteáil ar 54 stáisiún raidió fud fad na tíre. Tá an sceideal iomlán roinnte i gceithre chuid ; luaitear sceidil RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus Raidió Rí-Rá chomh maith le sceideal náisiúnta ina bhfuil cláir ó stáisiúin raidió pobail agus stáisiún tráchtála ar fud na tíre luaite ann. Tá an sceideal ar fáil le híoslódáil ar shuíomh gréasáin www.cogar.ie.

Ag labhairt dó inniu dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI Michael O’Keeffe, “Tá áthas orainn go bhfuil comhoibriú ar bun le sé bliana anuas idir an BAI agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar chur chun cinn an tionscadail Cogar, tionscadal a thugann tacaíochtaí ar líne do chraoltóirí Gaeilge. Tá céim eile chun tosaigh glactha anois le seoladh an sceidil inniu: ciallaíonn sé go mbeidh sé níos fusa do chainteoirí Gaeilge stáisiúin raidió a bhíonn ag soláthar cláir Ghaeilge a roghnú.”

Tá sé suntasach go gcraoltar clár Gaeilge nó clár dátheangach beagnach gach uair sa lá seacht lá na seachtaine ar stáisiúin raidió ar fud na tíre.”

Reáchtáladh ceardlann raidió ar fhorbairt na craoltóireachta raidió sa ré dhigiteach tar éis an tseolta. D’fhreastail  craoltóirí agus mic léinn ar an ócáid seo agus pléadh na dúshláin agus deiseanna atá ann do chraoltóirí raidió Gaeilge.

Tá Sceideal Náisiúnta na gClár Gaeilge 2013 ar fail le híoslódáil ar www.cogar.ie/sceideal2013

__________________________________________________________________

Digital media has broadened the reach of Irish-language broadcasters and made it easier than ever before for those interested in Irish to access programming as Gaeilge.  That’s according to Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, which today (30.01.13) launched a nationwide schedule of Irish-language radio programming in conjunction with the Broadcasting Authority of Ireland (BAI).

The schedule was compiled by Cogar, a digital information service for Irish-language radio broadcasters, funded by the BAI and managed by Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Speaking at today’s launch, Kevin De Barra, Director of Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, said: “Thanks to advances in digital media, radio stations have been able to expand their reach and target new audiences.  Online broadcasting, smartphones and mobile apps mean stations are no longer confined by geographical boundaries.

“This is great news for those with an interest in the Irish language.  Through digital media, they can now access a terrific range of content.  You might live in Wexford, for example, but use your phone or laptop to listen to Irish-language programming broadcast by a radio station in Galway or Kerry or anywhere else in the country.  Likewise for Irish emigrants and Irish-language enthusiasts overseas, apps and online stations mean they can access programming in Irish, despite living outside the country.”

The Cogar schedule – ‘Sceideal Náisiúnta na gClár Gaeilge 2013’ – highlights the wide range of Irish-language and bilingual programming broadcast by 54 stations nationwide.  It is divided into four sections with full hour-by-hour schedules for RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dublin’s Irish-language community broadcaster Raidió na Life, online pop station Raidió Rí-Rá, and a nationwide schedule encompassing community and commercial stations throughout the country.  The schedule is available to download from the www.cogar.ie website.

Commenting today, Michael O’Keeffe, Chief Executive Officer of the BAI, said: “We have been delighted to work with Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge over the past six years on the Cogar.ie project, which provides online supports for Irish-language broadcasters.  The schedule we’re launching today takes that work one step further: making it easier for Irish-language speakers to navigate the multiple radio stations in Ireland that produce Irish-language content.

It’s noteworthy that Irish-language programming is now available almost on a 24 / 7 basis, with Irish or bilingual programming being broadcast on stations across the country at every hour of the day.”

Following the schedule launch, a workshop on radio broadcasting in the digital age took place, which saw broadcasters and media students discuss challenges and opportunities in Irish-language radio broadcasting.

‘Sceideal Náisiúnta na gClár Gaeilge 2013’ is available to download now at: http://www.cogar.ie/sceideal2013

Contact: Martina Quinn / Emily Kelly, DHR Communications, Tel: 01-4200580 / 087-6522033 / 0087-9759248

Notes to Editors:

About Cogar

Cogar is a joint project between Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge – which provides award-winning digital media projects such as Gaelport.com – and the Broadcasting Authority of Ireland.  The service was first launched in 2007 and provides information and news about developments in Irish-language broadcasting to both full-time and part-time broadcasters.  Updates are also posted regularly on Facebook (www.facebook.com/Cogar.ie) and Twitter (@cogar_ie).  The main aims of the project are to promote Irish language radio and to support broadcasters across the country by providing regular information and content that they can use for their shows.  Further information is available at: www.cogar.ie.