Údarás, Coistí & Coiste Feidhmiúcháin
Beidh an BAI freagrach as creat láidir rialachais agus acmhainní, a bheidh mar bhonn le hoibriú éifeachtúil agus éifeachtach an Údaráis agus na gCoistí Reachtúla a chinntiú, agus é mar aidhm oibleagáidí reachtúla agus cuspóirí straitéiseacha an BAI a chur i gcrích.
Údarás
Tá freagracht fhoriomlán ar an Údarás as oibriú agus as feidhmiú an BAI, lena n-áirítear treo straitéiseach na heagraíochta a shonrú. Naonúr comhaltaí atá ar an gCoiste Feidhmiúcháin. Ba é an Rialtas a cheap cúigear comhaltaí ar ainmniú an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (eolas cúlra faoi na Comhaltaí).
Comhalta & Dáta Deireadh Téarma
An Dr Pauric Travers (Cathaoirleach), 01/12/2017
An tUasal Alan McDonnell, 01/12/2019
Grace Smith, Uasal, 01/12/2019
An tOll. Maeve McDonagh, 16/02/2020
An Dr Rosemary Day, 16/02/2020
An tUasal Denis Wolinski, 16/02/2020
An tUasal Séamus Martin, 01/12/2017
An tUasal Seán Ó Mórdha, 16/02/2020
Cuirtear na cláir oibre le haghaidh chruinnithe an Údaráis agus miontuairiscí na gcruinnithe sin ar fáil don phobal agus is féidir teacht orthu ar an rannán ‘foilseacháin’.
An Coiste um Dheonú Conarthaí
Tá an Coiste um Dheonú Conarthaí freagrach as oibriú na bpróiseas iarratais ar cheadúnas do sheirbhísí craolacháin agus d’oibríochtaí ilphléacs. Tá ochtar comhaltaí ar an gCoiste. Ba é an Rialtas a cheap ceathrar comhaltaí ar ainmniú an Aire, agus ba é an tÚdarás a cheap an ceathrar eile, beirt chomhaltaí den Údarás agus beirt chomhaltaí de Choiste Feidhmiúcháin an BAI (eolas cúlra faoi na Comhaltaí a cheap an Rialtas).
Comhalta & Dáta Deireadh Téarma
Ercus Stewart S.C. (Cathaoirleach), 09/03/2020
An tUasal John Horgan, 09/03/2020
An Dr Anne O’Brien, 09/03/2020
Eimear McGovern, Uasal, 09/03/2020
Comhaltaí Ainmnithe ag an Údarás
An tUasal Séamus Martin
Grace Smith, Uasal
Comhaltaí Ainmnithe ag an gCoiste Feidhmiúcháin
Celene Craig, Uasal
An tUasal Neil O’Brien
An Coiste um Chomhlíonadh
Tá an Coiste um Chomhlíonadh freagrach as comhlíonadh a mhonatóiriú agus a fhorfheidhmiú, imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin agus roinnt feidhmeanna tuairiscithe. Tá ochtar comhaltaí ar an gCoiste. Ba é an Rialtas a cheap ceathrar comhaltaí ar ainmniú an Aire, agus ba é an tÚdarás a cheap an ceathrar eile, beirt chomhaltaí den Údarás agus beirt chomhaltaí de Choiste Feidhmiúcháin an BAI (eolas cúlra faoi na Comhaltaí a cheap an Rialtas).
Comhalta & Dáta Deireadh Téarma
Patrick Gageby S.C. (Cathaoirleach), 20/01/2020
Paula Mullooly, Uasal, 20/01/2020
An tUasal Nigel Heneghan, 16/02/2020
An tUasal Brian O’Callaghan, 16/02/2020
Comhaltaí Ainmnithe ag an Údarás
An Dr Rosemary Day
An tOll. Maeve McDonagh
Comhaltaí Ainmnithe ag an gCoiste Feidhmiúcháin
An Dr Ciarán Kissane
Anne O’Brien, Uasal
An Coiste Airgeadais, Iniúchta agus Riosca
Is buanchoiste de chuid an Údaráis é an Coiste Airgeadais, Iniúchta agus Riosca, coiste ar a bhfuil ceathrar comhaltaí. Is é an tÚdarás a cheap triúr comhaltaí agus is comhalta neamhspleách an ceathrú comhalta a ceapadh i ndiaidh próiseas earcaíochta seachtraí a reáchtáil. Is é príomhaidhm an choiste seo maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an BAI le dea-chleachtas chomh fada is a bhaineann le hoibleagáidí airgeadais agus rialachais. Áirítear i measc dhualgais an choiste córais rialaithe inmheánacha, iniúchadh seachtrach agus inmheánach, bainistíocht riosca agus rialú airgeadais.
Le linn don Choiste a chuid oibre a chur i gcrích tugann sé aird ar fhorálacha an Chóid Chleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú agus cibé ní eile dea-chleachtais a shonróidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Tá Téarmaí Tagartha comhaontaithe ag an gCoiste.
Soláthraíonn an Coiste eolas don Údarás, uair sa ráithe, ar a laghad, maidir leis na dualgais éagsúla atá á gcomhlíonadh aige. Tá an plé a rinne an tÚdarás ar an eolas a sholáthair an Coiste taifeadta i miontuairiscí chruinniú ábhartha an Údaráis.
Comhaltaí Ainmnithe ag an Údarás
An tUasal Alan McDonnell (Cathaoirleach)
An tUasal Seán Ó Mórdha
Ball atá Ceaptha go Seachtrach
An tUasal Robert Kelly
An Coiste Feidhmiúcháin
Tá struchtúr maitríseach i bhfeidhm ag an BAI a chiallaíonn go mbíonn comhaltaí foirne ag obair i réimsí éagsúla gníomhaíochta ag brath ar riachtanais ghnó, struchtúr a éascaíonn úsáid éifeachtúil agus éifeachtach a bhaint as acmhainní cibé áit agus cibé uair is gá. Is é Oifig an Phríomhfheidhmeannaigh (OCEO) atá freagrach as obair a threorú agus tá foireann bainistíochta sinsearaí ag soláthar tacaíochta chomh maith.
Is é an OCEO atá freagach as cur chun feidhme phlean oibre bliantúil comhaontaithe an Údaráis, mar aon le leithdháileadh na n-acmhainní chun an plean a chur i gcrích, acmhainní foirne agus acmhainní airgeadais san áireamh.
Tá an Príomhfheidhmeannach freagrach, thar ceann an Údaráis, as bainistíocht éifeachtúil agus éifeachtach riaradh an Údaráis, an Coiste um Dheonú Conarthaí agus an Coiste um Chomhlíonadh, agus as feidhmiú cuí a fheidhmeanna.
Foilsítear tuarastal an Phríomhfheidhmeannaigh agus aon chostais taistil agus chothabhála bliantúla a bhíonn i gceist i dTuarascáil Bhliantúil an BAI gach bliain.
Tá eolas maidir le struchtúr an Choiste Feidhmiúcháin le fail:
- Struchtúr an BAI (Béarla)
- Struchtúr Feidhmiúcháin (Béarla)