Conas gearán a dhéanamh
Tá faisnéis faoi chinntí a rinne an BAI roimhe seo ar ghearáin chraolacháin ar fáil ar an rannán ‘foilseacháin’ den suíomh Gréasáin seo.
Conas Gearán a Dhéanamh
Ní mór do gach craoltóir in Éirinn a chinntiú go gcomhlíonann a n-aschur an dlí agus cóid agus caighdeáin an BAI.
- Más rud é go bhfuil tú den tuairim go bhfaca tú nó gur chuala tú rud éigin ar chraoltóir le 30 lá anuas nár chomhlíon an dlí ná na cóid agus caighdeáin sin, féadfaidh tú gearán a dhéanamh.
- Más rud é go bhfuil tú den tuairim gur mhícheart ó thaobh fíricí de a bhí rud éigin a chonaic tú nó a chuala tú, rud ba chúis le míchlú a bheith á chur ar d’onóir nó ar do cháil, féadfaidh tú ceart freagartha a iarraidh faoin Scéim maidir le Ceart Freagartha.
Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an gcraoltóir ar an gcéad dul síos i gcónaí.
Gearán a dhéanamh leis an gCraoltóir
Foilsíonn an BAI leabhráin faisnéise chun cabhrú leat gearán a dhéanamh nó iarraidh ar cheart freagartha a dhéanamh:
- Treoir do Ghearánaigh; agus
- Míniú ar an Scéim maidir le Ceart Freagartha.
Gearán a tharcur chuig an BAI
I gcásanna nach bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a thug an craoltóir, féadfaidh tú do ghearán a tharchur chuig an BAI. Cuireann an BAI foirmeacha ar fáil chun cabhrú leat an gearán a dhéanamh nó an iarraidh ar cheart freagratha a dhéanamh.
- Más mian leat do ghearán a tharchur chuig an BAI, is féidir leat an Fhoirm Tharchuir Ghearáin Ghearáin a íoslódáil .
- Más mian leat d’iarraidh ar cheart freagartha a tharchur chuig an BAI, is féidir leat an Fhoirm um Tharchur a Iarraidh a íoslódáil.
Is féidir leat na sonraí teagmhála le haghaidh gach craoltóra a aimsiú ar an leathanach um an Liosta de na Stáisiúin Teilifíse agus Raidió den suíomh seo nó is féidir leat a bheith do do threorú chuig a bpróiseas láimhseála gearán nó chuig a Scéim maidir le Ceart Freagartha ach úsáid a bhaint as an treoir céim ar chéim thíos chun cabhrú leat gearán nó iarraidh a dhéanamh.
Céim a Dó. Cuir do ghearán nó d'iarraidh faoi bhráid an BAI
Agus do tharchur á dhéanamh agat, déan cinnte go soláthraíonn tú sonraí faoi do ghearán, lena n-áirítear an t-alt den Acht Craolacháin a measann tú go ndearna an clár sárú air agus cuir do ghearán bunaidh agus an freagra a fuair tú ón gcraoltóir faoi iamh. D’fhorbair an BAI foirmeacha tarchuir chun cabhrú leat. Agus iad comhlánaithe, féadfar iad a cheangal leis an bhfoirm tharchuir ar líne seo:
Céim a Dó. Déan gearán leis an gcraoltóir ábhartha
Beidh ort gearán a dhéanamh nó iarraidh ar cheart freagartha a dhéanamh leis an gcraoltóir sula mbeidh an BAI in an cabhrú leat.