Fuaim & Fís 3
Is scéim mhaoinithe do chláir theilifíse agus raidió í Fuaim & Fís III, atá á mhaoiniú trí tháille an cheadúnais teilifíse.
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór d’iarratasóirí an Fhoirm Iarratais a chomhlánú agus a n-iarratas a dhéanamh ar www.baionline.ie.
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a sholáthar faoi 12:00 nóin ar an dáta deiridh atá luaite le gach babhta maoinithe.
Más iarratasóir nua thú, ní mór duit clárú dhá lá, ar a laghad, roimh an dáta deiridh. Tá eolas maidir le conas clárú le fáil ar www.baionline.ie. Seol r-phost chuig systeminfo@bai.ie má tá aon cheist agat.
Ná dearmad do stádas a sheiceáil!
Dátaí deiridh do bhabhtaí atá ag teacht aníos
Babhta 30
- Teilifís agus raidió (babhta oscailte)
- Dáta deiridh 1ú Nollaig 2017.
- Súil le cinntí i Márta/Aibhreán 2018.
Babhta 31
- Teilifís agus raidió (babhta oscailte)
- Dáta deiridh 10ú Bealtaine 2018.
- Súil le cinntí i Meán Fómhair 2018.
Babhta 32
- Teilifís agus raidió (babhta oscailte)
- Dáta deiridh 8ú Samhain 2018.
- Súil le cinntí i Feabhra/Márta 2019.
Babhta 33
- Teilifís agus raidió (babhta oscailte)
- Dáta deiridh 8ú Bealtaine 2019.
- Súil le cinntí i Meán Fómhair 2019.
Babhta 34
- Teilifís agus raidió (babhta oscailte)
- Dáta deiridh 7ú Samhain 2019.
- Súil le cinntí i Feabhra/Márta 2020.
Doiciméid / eolas úsáideach
- cóip dem Scéim.
- cóip den Treoirleabhar d’Iarratasóirí
- cóip den Fhoirm Iarratais
- cóip de Na Ceisteanna Coitianta a bhaineann le conas an córas ar líne a úsáid (Béarla)
- Tá torthaí babhtaí a reáchtáladh roimhe seo le fáil ach iad a lorg, agus tá torthaí na dtrí bhabhta dheireanacha postáilte ar an leathanach seo:
- Tá liosta de na measúnóirí a bhí páirteach i mbabhtaí a reáchtáladh roimhe seo le fáil ach iad a lorg, agus tá torthaí na dtrí bhabhta dheireanacha postáilte ar an leathanach seo:
Cuspóirí na scéime
- Cláir ar ardchaighdeáin maidir le cultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann a fhorbairt;
- Na cláir seo a fhorbairt trí Ghaeilge;
- Cur le hinfhaighteacht lucht féachána sa Stát ar na cláir thuasluaite;
- Ionadaíocht a dhéanamh ar éagsúlacht chultúr agus oidhreacht na hÉireann;
- Oidhreacht bhéil na hÉireann agus gnéithe d’oidhreacht na hÉireann atá á ligean i ndearmad, atá i mbaol, nach bhfuil taifeadta roimhe seo, a thaifeadadh, agus;
- Craoltóireacht áitiúil agus phobail a fhorbairt.
Chun na cuspóirí seo a chur i gcrích, tairgeann an Scéim maoiniú deontais do chláir nua theilifíse agus raidió atá dírithe ar na téamaí seo a leanas:
- Cultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann;
- Litearthacht aosaigh nó sna meáin a fheabhsú;
- Cur le feasacht agus le tuiscint an phobail ar shaincheisteanna domhanda a bhfuil tionchar acu ar an Stát agus ar thíortha seachas an Stát; agus/nó
- Aon téama thuasluaite trí mheán na Gaeilge.
Eolas bunúsach maidir leis an Scéim
- Tá an Scéim á maoiniú ag an gCiste Craolacháin, ciste a bhfuil 7% den ghlanioncam bliantúil ó cheadúnais teilifíse san áireamh ann.
- Is ar an BAI atá an fhreagracht as riaradh an chiste seo sannta.
- Tá Scéim Chartlannaithe an BAI á maoiniú ag an gCiste Craolacháin chomh maith.
- Is trí chóras maoinithe babhtaí a leithdháileann an BAI maoiniú de ghnáth.
- Le haghaidh gach babhta, sonraíonn an BAI am agus dáta deiridh; na cineálacha iarratas is féidir a dhéanamh agus an méid maoinithe a bheidh ar fáil.