Dúshlán earnáil chraolacháin na hÉireann a thabhairt agus tacú leis an earnáil chéanna lena chinntiú gur earnáil ábhartha agus riachtanach í a bhfuil seirbhís á seachadadh don lucht féachana aici

Ról an BAI

Tá béim straitéiseach á leagan ag an BAI le fada ar thacú leis an earnáil chraolacháin trí ghníomhaíochtaí foghlama agus forbartha.  Ainneoin nach seachadann an BAI gníomhaíochtaí oiliúna agus forbartha, tá cur chuige inbhuanaithe forbartha aige atá dírithe ar líonraí tionscail ábhartha a fhorbairt agus tacú leo agus ar oibriú na scéimeanna maoinithe, cur chuige as a n-eascraíonn tionscnaimh oiriúnacha agus ábhartha oiliúna agus forbartha dá chomhaltaí.  Chuir an cur chuige seo ar chumas an BAI cur le agus tacú le cultúr foghlama agus forbartha laistigh den tionscal.

Cabhraíonn infheistíocht i bhfoghlaim agus i bhforbairt le craoltóirí freagairt do leasa agus do riachtanais lucht éisteachta agus lucht féachana na hÉireann.

Back to top

Beartas um Fhoghlaim & Forbairt Earnála

Soláthraíonn an Beartas um Fhoghlaim agus Forbairt Earnála an creat a chuireann ar chumas an BAI pleanáil straitéiseach a dhéanamh, tacú leis an bhfás leanúnach san earnáil chraolacháin agus an fás sin a thomhas agus a mheas, trí raon gníomhaíochtaí agus cur chuige oiliúna, foghlama agus forbartha laistigh dá théarmaí tagartha reachtúla agus straitéiseacha.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi chistiú le haghaidh Forbairt Earnála, seol ríomphost chuig an bhfoireann um Fhorbairt Earnála ag secdev@bai.ie

Back to top

Maoiniú Líonra

Back to top

Scéim Tacaíochta don Chraolachán Pobail

Tairgeann an Scéim Tacaíochta don Chraolachán Pobail le craoltóirí raidió agus teilifíse pobail athbhreithnithe a dhéanamh a chabhraíonn le forbairt eagraíochtúil a stáisiún.

Dhámh an tÚdarás cistiú iomlán is fiú €21,610 faoi Scéim 2017.

Back to top

Scéim Mhaoinithe um Thaighde sna Meáin

Soláthraíonn an Scéim seo maoiniú do thionscadail taighde gearrthréimhseacha bunaithe ar théamaí a roghnaíonn an BAI.

Back to top

Anailís ar Riachtanais Earnála

Tá an BAI agus Bord Scannán na hÉireann ag obair le chéile chun straitéis náisiúnta d’fhorbairt agus d’oiliúint scileanna a dhearadh laistigh den tionscal closamhairc chun fás leanúnach agus feabhas a chinntiú. Chomh maith leis sin, tá sé mar aidhm acu soláthar cúrsaí tríú leibhéal a bhaineann le léiriúchán agus an idirghníomhaíocht idir na cúrsaí seo agus an tionscal a shoiléiriú. I measc na bpríomh-shaincheisteanna eile a áirítear sa straitéis beidh na treochtaí atá sa tionscal faoi láthair agus a bheidh sa tionscal amach anseo a mbeidh tionchar acu ar scileanna an lucht oibre agus an cumas dlús a chur faoi acmhainn agus scála laistigh den tionscal.    Tá an obair seo ar siúl ar bhonn leanúnach.

Back to top

Lámhleabhar Rialachais do Líonraí Tionscail

Soláthraítear treoir sa lámhleabhar (Béarla) seo do líonraí tionscail maidir le raon ábhar cosúil le rialachas, freagrachtaí airgeadais, agus cruinnithe boird éifeachtacha a reáchtáil.   Chomh maith leis sin, tá raon nasc le láithreáin ghreásáin ann, sonraí teagmhála agus téacsanna molta le cabhrú le húsáideoirí.

Back to top

Scéim Tacaíochta do Sheirbhísí Sealadacha Raidió

Soláthraíonn an Scéim seo maoiniú do ghníomhaíochtaí oiliúna, forbartha agus/nó measúnachta. Is é €500 an uasmhéid a sholáthraítear do gach stáisiún. Féadfaidh stáisiún iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú do ghníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo tacú le gníomhaíochtaí oiliúna reatha nó d’fhéadfaí an maoiniú a úsáid chun measúnacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí oiliúna, forbartha agus / nó measúnachta reatha an stáisiúin, nó gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích roimhe seo.

Back to top

Tionscnamh / Tionscadail Reatha Eile

Chomh maith leis sin, táimid ag tacú le roinnt tionscadal eile lena n-áirítear:

  • Is dianchlár ceardlainne é Big Stories a bhfuil sé mar aidhm leis scileanna drámaíochta fadfhoirme a fhorbairt, clár atá dírithe ar scríbhneoirí scáileáin, stiúrthóirí agus léiritheoirí.
  • Is tionscadal píolótach é an clár in oiliúint léiriúcháin teilifíse atá dírithe ar phríomhscileanna léiriúcháin a roinnt le hiontrálaithe nua ar chúrsa i léiriúchán teilifíse trí fhoghlaim sa seomra ranga agus ar an seit / ag an suíomh ar sheit shobaldráma TV3, Red Rock.
Back to top