An chruthaitheacht agus an nuálaíocht a spreagadh mar ghnéithe dearscnaitheacha d’earnáil chlosamhairc na hÉireann;

Saothrú le geallsealbhóirí chun tacú le gnóthú inbhuanaitheachta níos mó d’earnáil chlosamhairc na hÉireann.

Ról an BAI

Tá ról lárnach ag Údarás Craolacháin na hÉireann i bhforbairt agus i dtacú leis an earnáil chraolacháin in Éirinn. I láthair na huaire, is ann do raon tacaíochtaí agus tionscnamh maoinithe, le cabhrú leis an BAI an ról seo a chomhlíonadh.

Tá athrú agus forbairt ag teacht ar ról forbartha agus tacaíochta an BAI, ar aon dul le riachtanais na hearnála.

Back to top

Scéim Chiste Fuaime & Físe 3

Is scéim mhaoinithe don teilifís agus don raidió é Fuaim & Fís 3, scéim a sholáthraíonn maoiniú chun tacú le cláir ar ardchaighdeán maidir le cultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann a sholáthar, mar aon le cláir a bhfuil sé mar aidhm leo litearthacht aosaigh a fheabhsú.

Back to top

Foghlaim agus Forbairt Earnála

Tá an BAI tiomanta d’oibriú go leanúnach igcomhpháirt le craoltóirí agus le líonraí tionscail chun dul i ngleic leis na sainriach tanais forbartha a chuirfidh le hacmhainn na hearnála.

Cabhraíonn infheistíocht I bhfoghlaim agus i bhforbairt le craoltóirí freagairt do leasa agus do riachtanais lucht éisteachta agus lucht féachana na hÉireann.

Back to top

Scéim an Chiste Chartlannaithe

Soláthraíonn an Scéim Mhaoinithe do Chartlannú Ábhar (“Scéim Chartlannaithe”) maoiniú chun tacú le cultúr cartlannaithe a fhorbairt in earnáil chraolacháin na hÉireann, maoiniú a chabhróidh le hoidhreacht chraolacháin na hÉireann a chaomhnú.

Is ar ábhar clár, idir theilifís agus raidió, atá an Scéim Chartlannaithe dírithe.  Is éard atá i gceist le hábhar clár ábhar a craoladh ina iomláine nó i bpáirt, nó ábhar a taifeadadh do, nó a craoladh ar raidió agus/nó teilifís, cláir agus fógraí san áireamh.

Tá trí bhabhta curtha i gcrích faoin Scéim agus tá liosta (Béarla) de na hiarratasóirí ar éirigh leo.

Déanfar athbhreithniú ar an Scéim.  Beidh an t-athbhreithniú seo faoi réir comhairliúcháin agus postálfar sonraí maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe ar an láithreán gréasáin seo a luaithe a bheidh tús curtha leis an athbhreithniú.

Back to top

Scéim Urraíochta

Nuair a bhíonn urraíocht á deonú, glacann an BAI leis gurb ionann an urraíocht agus ranníocaíocht airgid nó chomhchineáil táirgthe d’eagraíocht, nó do dhuine aonair, chun críocha imeacht ar leith a chur ar stáitse, seirbhís a sholáthar nó tabhairt faoi ghníomhaíocht atá ag teacht le misean agus le cuspóirí an BAI, a n-eascróidh tairbhe shonraithe aisti.

Trí thacaíocht i bhfoirm urraíochta a sholáthar dá leithéid d’imeachtaí/gníomhaíochtaí, tá an BAI ag cur le fás agus le forbairt leanúnach thionscal closamhairc na hÉireann.  Is uirlis thábhachtach í an urraíocht freisin a chuireann ar chumas an BAI cumarsáid agus teagmháil a chothú idir raon grúpaí páirtithe leasmhara.

Reáchtáiltear an Scéim Urraíochta gach bliain agus déanann an tÚdarás na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí atá le maoiniú gach bliain a mheas roimh theacht ar chomhaontú ina leith (liosta de na himeachtaí / gníomhaíochtaí reatha (Béarla).

Back to top

Dreasacht comhfhorbartha Cheanada-na hÉireann um thionscadail chlosamhairc

Is comhoibriú é Dreasacht Comhfhorbartha Cheanada-na hÉireann idir Ciste Meán Cheanada (CMF) agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) chun comhfhorbairt tionscadal closamhairc incháilithe idir léiritheoirí as Ceanada agus Éirinn a mhaoiniú.

Tá €150,000, ar an iomlán, á chur ar fáil chun tacú le léiritheoirí Éireannacha agus Ceanadacha chun comhléiriúcháin a fhorbairt a chraolfar ar sheirbhísí teilifíse na hÉireann agus Cheanada.

Tugtar cuireadh do léiritheoirí ar spéis leo comhpháirtí idirnáisiúnta a aimsiú mar chuid den dreasacht forbartha seo próifíl dá gcuideachta a chur in airde ar láithreán gréasáin an CMF trí chliceáil anseo. Beidh próifílí inrochtana ag cách, ina measc comhpháirtithe féideartha ó thíortha eile.

Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar na treoirlínte.
Cliceáil anseo chun rochtain a fháil an foirm iarratais.
Cliceáil anseo chun rochtain a fháil an Buiséad Caighdeánach Comhfhorbraíochta.
Cliceáil anseo chun rochtain a fháil an Buiséad le haghaidh leagain ghairid taispeána.

*Dúnta* Dáta deiridh d’iarratais: Eanáir 13, 2017 le cur isteach roimh 12:00 meán lae, am áitiúil.

Back to top

Scéim Tacaíochta don Chraolachán Pobail Seolta

Tá an Scéim ar oscailt do gach craoltóir raidió agus teilifíse Pobail agus Pobail Leasa sa tír, le ciste iomlán ar fiú €25,000 ar fáil di. Tá sí deartha chun tacaíocht chistithe a thairiscint chun cur ar chumas na gcraoltóirí chun athbhreithnithe a dhéanamh lena gcuirfear ar aghaidh forbairt eagrúcháin a stáisiún.

Áirítear leis na tionscnaimh forbartha eagrúcháin ar féidir iad a chistiú trí mheán na scéime:

  • meastóireachtaí ar éilimh foirne agus saorálaithe,
  • ahbhreithnithe ar bheartais agus nósanna imeachta stáisiúin chun a chinntiú gurb éifeachtach agus iomchuí iad, agus
  • athbhreithnithe ar an gcaidreamh idir craoltóirí agus na pobail ar a bhfreastalaíonn siad.

Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar na scéim.
Cliceáil anseo chun rochtain a fháil an foirm iarratais.

*Dúnta* Is é 12 meánlae 27  Meitheamh 2017 an spriocdháta d’fháil na n-iarratas comhlánaithe. *Dúnta*

Back to top