Teilifís
Cuireann an BAI beartas i dtoll a chéile a úsáidtear mar threoir agus mar fhoinse eolais dá ghníomhaíochtaí ceadúnaithe, an Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin.
Seirbhísí Tráchtála
Is é an tÚdarás a thionscnaíonn an próiseas ceadúnaithe do theilifís tráchtála.
Tá 3 sheirbhís teilifíse tráchtála ar an aer ar bhonn náisiúnta faoi láthair, seirbhísí a sholáthraíonn meascán d’ábhar siamsaíochta, nuacht/cúrsaí reatha agus spórt. Is iad na stáisiúin atá i gceist TV3, TV3 +1 agus 3e.
Seirbhísí Pobail
Is é an tÚdarás a thionscnaíonn an próiseas ceadúnaithe do sheirbhísí teilifíse pobail. Tá trí sheirbhís dá leithéid ar an aer faoi láthair; DCTV i mBaile Átha Cliath, CCTV i gCorcaigh agus P5TV san Uaimh (seiceáil na sonraí).
Conarthaí Soláthar Ábhar
Ní mór d’aon duine ar mian leis tiomsúchán d’ábhar clár a sholáthar lena áireamh mar chuid d’ilphléasc, nó chun é a tharchur mar sheirbhís chraolacháin sa Stát, nó i gcuid den Stát nó in áit éigin eile trí líonra cumarsáide leictreonaí lena n-áirítear líonra satailíte, córas MMD, líonra trastíre fhosaithe nó mhóibíligh, líonra teilifíse cábla, líonra teilifíse prótacal idirlín, nó aon fhoirm eile de líonra cumarsáide leictreonaí, iarratas ar chonradh soláthar ábhar a chur faoi bhráid an BAI. I láthair na huaire, tá 10 seirbhís ar an aer.
Teilifís Dhigiteach Trastíre
Tá an BAI freagrach as ilphléacsanna DTT (Béarla) in Éirinn a cheadúnú sa bhreis ar a bhfuil á soláthar ag RTÉ. Is í an phríomhaidhm atá le DTT a chinntiú go bhfuil éagsúlacht seirbhísí agus ábhar clár ar fáil go leanúnach i ré dhigiteach.
Tá breithniú cúramach déanta ag an BAI ar na féidearthachtaí a bhaineann le DTT a sholáthar ar bhonn tráchtála in Éirinn. In 2010, i ndiaidh próiseas ceadúnaithe maidir le DTT a tionscnaíodh in 2008 a thabhairt chun críche, próiseas a raibh de thoradh air nár éirigh le haon cheann den triúr iarratasóirí a thabhairt chun críche go sásúil, rinne an BAI tuilleadh breithniúcháin (Béarla) ar na féidearthachtaí a bhain le DTT a sholáthar ar bhonn tráchtála in Éirinn.
In 2013, rinne an BAI athbhreithniú (Béarla) ar an bpoitéinseal a bhain leis agus aimsíodh de thoradh an athbhreithnithe nach raibh na coinníollacha margaidh fabhrach chun a leithéid de sheirbhís a bhunú agus, dá réir sin, cinneadh gan leanúint le próiseas ceadúnaithe.
Treoirleabhair Leictreonacha Clár
Ciallaíonn treoirleabhar leictreonach clár aon mhodh leictreonach a úsáidtear chun eolas a sholáthar don phobal maidir le sceideal ábhar clár aon seirbhís chraolacháin agus arb ionann an modh leictreonach agus dlúthchuid den chóras dáileacháin agus glactha a bhfuil an tseirbhís chraolacháin á soláthar aige.
Tá an BAI freagrach as ceadúnú chonarthaí na dtreoirleabhar leictreonach clár agus i gcomhairle le ComReg, féadfaidh sé rialacha a ullmhú maidir le conas is ceart an t-eolas maidir le hábhar sceideal na gclár a léiriú sa chás gur cuid de threoirleabhar é.