Cóid & Caighdeáin
Cuireann an BAI cóid agus caighdeáin chraolacháin chun feidhme agus tacaíonn sé leis an lucht féachana/éisteachta in Éirinn craoltóirí a choinneáil cuntasach.
Rialacha Rochtana
Sonraítear i Rialacha Rochtana an BAI na leibhéil fotheidealaithe, teanga chomharthaíochta agus tuairisc fuaime nach mór do chraoltóirí ceadúnaithe in Éirinn a sholáthar.
Breathnaigh ar fhíseán ISL/Fotheidealaithe de na rialacha
Lorg cóip de na rialacha san fhormáid a fheileann duit lena n-áirítear formáid MS Word agus Braille trí r-phost a sheoladh chuig info@bai.ie
Cód Ginearálta maidir le Cumarsáid Tráchtála
Déileáiltear sna cóid seo le fógraíocht, urraíocht, suíomh táirgí agus foirmeacha eile de phromóisean tráchtálach.
Tháinig an Cód athbhreithnithe ar feidhme ón 1ú Meitheamh 2017. Chun roinnt eolas cúlra faoi forbairt an Chóid athbhreithnithe le fáil, cliceáil anseo le do thoil.
Cód Cothroime, Oibiachtúlachta & Neamhchlaontachta
Déileáiltear sa chód seo le cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht in ábhar nuachta agus cúrsaí reatha.
Cód um Chaighdeáin Chláir
Áirítear i measc phríomhaidhmeanna an chóid seo tacú le craoladh freagrach agus comhairle a chur ar an lucht féachana maidir leis na caighdeáin is féidir leo a bheith ag súil leo ó sheirbhísí craolacháin agus cur ar chumas an lucht féachana agus na n-éisteoirí craoltóirí a cheistiú sa chás go gcreideann siad gur féidir iompar mífhreagrach a chur i leith craoltóra.
Cód na bPáistí maidir le Cumarsáid Tráchtála
Déileáiltear sna cóid seo le fógraíocht, urraíocht, suíomh táirgí agus foirmeacha eile de phromóisean tráchtála atá dírithe ar pháistí nó a chraoltar ag an am céanna nó thart ar an am céanna le cláir do pháistí. Áirítear sna cóid seo rialacha maidir le bia a bhfuil céatadán ard saille, salainn nó siúcra iontu (HFSS food) a thaispeáint do pháistí.
Tá na Nótaí Treorach le fáil anseo (Béarla).
Is féidir teacht ar na Treoirlínte faoin tSamhail maidir le Cothaithigh a Phróifíliú anseo (Béarla) .
Is féidir teacht ar Dheimhniú an HFSS um Chothaithigh a Phróifíliú anseo (Béarla).
Scéim um Cheart Freagartha
Foráiltear sa Scéim do Ráiteas um Cheart Freagartha a éascóidh eolas míchruinn a craoladh a cheartú, eolas a raibh onóir nó dea-chlú duine iomardaithe mar thoradh air.
Ní mór do gach craoltóir cóip den scéim a sholáthar ar a láithreán gréasáin mar aon le heolas faoi chomhalta foirne an stáisiúin a dhéileálann lena leithéid d’iarratais.
Ba cheart iarratas ar Cheart Freagartha a chur isteach chuig an gcraoltóir ar an gcéad dul síos. I gcásanna nach bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a thug an craoltóir, féadfaidh tú d’iarratas a atreorú chuig an BAI. Tá foirm ag an BAI a chabhróidh leat atreorú a dhéanamh.
Rialacha maidir le Fógraí agus Teilishiopadóireacht
(teorainneacha laethúla & in aghaidh na huaire)
Ní mór don BAI na teorainneacha atá ar an dá chineál ábhar tráchtála a chraoltar ar sheirbhísí Éireannacha a shonrú; d’fhógraíocht agus do theilishiopadóireacht. Tá na craoltóirí faoi oibleagáidí cloí leis na teorainneacha ama a shonraíonn an BAI.
Cód Iompair ODAS do Sheirbhísí Meáin
Déileáiltear sa chód (Béarla) seo le seirbhísí meáin chlosamhairc ar éileamh a sholáthar. Sonraítear sa chód na híoschaighdeáin nach mór do sholáthraithe seirbhíse a chinntiú agus déantar foráil ann chomh maith do mheicníocht gearán don phobal.
Treoir maidir leis an gCód um Chleachtas Cóirthrádála
Eisíonn an BAI treoir do chraoltóirí seirbhíse poiblí maidir leis an bhformáid nach mór a leanúint nuair a bhíonn a gcóid um chleachtas cóirthrádála á n-ullmhú agus á bhfoilsiú acu. Sonraítear sa chód (Béarla) seo na prionsabail a chuirfidh an craoltóir i bhfeidhm le linn dó téarmaí a chomhaontú maidir le hábhar clár a choimisiúnú ó léiritheoirí neamhspleácha.
Cód Cleachtais: Seirbhísí Teilifíse ar fáil ar Saorview
Sonraítear sa chód seo (Béarla) na cleachtais nach mór do RTÉ a leanúint nuair a bhíonn seirbhísí teilifíse á soláthar ar ardán Saorview.
Baineann an cód seo go háirithe leis an leibhéal feiceálachta a bheidh ag cainéil seirbhíse poiblí ar leith agus déileáil chothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach a chinntiú do chainéil eile ar mian leo a bheith ar fáil ar ardán Saorview.
Doiciméid Úsáideacha
- Treoirlínte maidir leis an gClostuairisc (pdf)
- Treorlínte maidir leis an Teanga Chomharthaíochta (pdf)
- Treoirlínte maidir leis an bhFotheidealú (pdf)
- Cód Cothroime, Oibiachtúlachta & Neamhchlaontachta: Nótaí Treorach
- Cód Ginearálta maidir le Cumarsáid Tráchtála: Nótaí Treorach (Béarla)
- Cód na bPáistí maidir le Cumarsáid Tráchtála: Nótaí Treorach (Béarla)
- Treoirlínte faoin tSamhail maidir le Cothaithigh a Phróifíliú (Béarla)
- Deimhniú an HFSS um Chothaithigh a Phróifíliú (Béarla).