Mar an rialálaí ar an earnáil chraolacháin in Éirinn, déanann an BAI cinntí a mbíonn tionchar acu ar fhaire agus ar éisteacht an phobail i gcoitinne agus ar an gcaoi ina fheidhmíonn an earnáil chraolacháin.
Cabhraíonn comhairliúcháin leis an BAI cinntí atá ar an eolas a dhéanamh a chuireann san áireamh réimse tuairimí agus barúlacha ó pháirtithe leasmhara.
Déanann an BAI cuid dá chomhairliúcháin go díreach ach úsáideann sé freisin seirbhísí ó chuideachtaí taighde speisialaithe. Baintear feidhm as réimse modhanna (e.g comhairliúcháin fhoirmeálta i scríbhinn, cruinnithe, fócasghrúpaí, agallaimh agus suirbhéanna) chun teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara. Cé go mbíónn gach comhairliúchán éagsúil ó thaobh cuspóra agus scóipe de, déanann an BAI a dhícheall i gcónaí a chinntiú go soláthraíonn gach próiséas faisnéis atá úsáideach agus fóinteach agus go ndéantar é ar bhealach atá proifisiúnta, follasach agus éifeachtúil ó thaobh costais de.
Dúnta – Dréacht-scéim Teanga Údarás Craolacháin na hÉireann
Dúnta – Commercial Communications Codes Review (Children’s Advertising) – Stage 1 (2011)
Dúnta – Commercial Communications Codes Review – Stage 2 (2012)
Dúnta – BAI Licensing Plan Consultation
Dúnta - Athbhreithniú ar na Rialacha maidir le Rochtain
Dúnta- Straitéis i dtaobh Seirbhísí Craolacháin – Doicméad Comhairliúcháin